André Lhote

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAndré Lhote

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Iúil 1885
Bordeaux, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Eanáir 1962
76 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Montparnasse Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síécole des beaux-arts de Bordeaux (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBordeaux
Páras
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht, priontaíocht agus dealbhóireacht
Gairmpéintéir, léirmheastóir ealaíne, múinteoir, déantóir priontaí, dealbhóir, ealaíontóir grafach Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráid
Mac/iníon léinnJoël Baudouin../... 28+
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas

Ba cheannródaí é André Lhote (5 Iúil 1885 – 24 Eanáir 1962) i bhforbairt na nua-ealaíne sa chéad leath den fhichiú haois.[1] Ba dhealbhóir tréitheach é Lhote agus ba phéintéir thar a bheith cumasach freisin é.


Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad Gauguin agus Cézanne an dá mhórealaíontóir Francach a chuaigh i bhfeidhm go mór air agus Lhote ina ógfhear ag cur faoi i bPáras. Sa bhliain 1918, chabhraigh Lhote chun an iris ealaíne ríthábhachtach, an Nouvelle Revue Française, a bhunú.

Bhain sé le cuid mhaith de na gluaiseachtaí nua-aoiseacha, mar shampla an Ciúbachas (féach ar Baigneuses, 1917, agus Le Pont, 1917). Bhíodh ailt rialta ag Lhote san iris chéanna ar theoiricí agus ar stíleanna ealaíne ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin, anuas chomh fada leis an mbliain 1940.

Thaistil Lhote go forleathan agus thug sé léachtaí ar chúrsaí ealaíne ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Ó na 1950idí ar aghaidh, bhí sé ina léachtóir san Éigipt agus sa Bhrasaíl, mar shampla. Tugadh aitheantas d’obair saoil Lhote sa Fhrainc nuair a bronnadh an Grand Prix National de Peinture air sa bhliain 1955.

Fuair Lhote bás i bPáras i 1962.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Oide an Chiúbachais: Oidhreacht André Lhote" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-01-22.