An Dara Cogadh Domhanda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Dara Chogadh Domhanda)
Jump to navigation Jump to search
An Dara Cogadh Domhanda
An Dara Cogadh Domhanda
Dáta: 1 Meán Fómhair 1939 - 2 Meán Fómhair 1945
Toradh: Bua na Chomhghuaillithe. Cuireadh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe ar bun. Nochtadh SAM agus APSS mar ollchumhachtaí. Srl.
Céilí comhraic
Flag of the United Kingdom.svg Ríocht Aontaithe
Flag of Poland.svg An Pholainn
Flag of the United States (1912-1959).svg Stáit Aontaithe
Flag of the Soviet Union (1924–1955).svg APSS
Flag of Free France (1940-1944).svg An Fhrainc Shaor
Flag of Australia.svg An Astráil
...Srl.
Flag of Germany (1935–1945).svg Gearmáin na Naitsithe
Flag of Italy (1861–1946).svg An Iodáil
Flag of Japan.svg An tSeapáin
...Srl.
Ceannasaithe
Winston Churchill
Edward Rydz-Śmigły
Franklin D. Roosevelt
Iósaf Stailín
Charles de Gaulle
...Srl.
Adolf Hitler
Benito Mussolini
Hirohito
...Srl.
Slua
Taismigh
Básanna
Míleata: >14,000,000
Sibhialtach: >36,000,000
Básanna
Míleata: >8,000,000
Sibhialtach: >4,000,000

Ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ba mhó a cuireadh i rith na fichiú haoise, agus é le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh san Eoraip ar 1 Meán Fómhair 1939, ach is féidir a rá go raibh coimhlint bhainteach ar siúl san Áise ón 7 Iúil 1937, nó b'ansin a d'ionsaigh an tSeapáin an tSín an dara huair i rith na haoise. Nuair a tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin, bhí cogadh na Síne is na Seapáine á fhearadh ar aghaidh mar chuid den Dara Cogadh Domhanda.

An chuid is mó de na tíortha a bhí sáite sa Chéad Chogadh Domhanda, ghlac siad páirt sa dara cogadh freisin, agus bhí cathanna á gcur i ngach aon mhór-roinn ina bhfuil cónaí ar dhaoine daonna. Tríd is tríd, ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ab fhairsinge agus ba chosúlachta i stair an chine dhaonna.

Is gnáth na cogaithe a roinnt ina dhá mbloc, mar atá, na Comhghuaillithe agus an Fhearsaid. Bhí cuid mhór tíortha beaga ag cur cogaidh freisin, agus iad ag comhoibriú le ceann den dá bhloc, ar chúiseanna praiticiúla níos mó ná ar chúiseanna idé-eolaíochta nó báúlachta.

Ar dtús, ba í an Ríocht Aontaithe an chumhacht ba tábhachtaí de na Comhghuaillithe, agus an Pholainn is an Fhrainc ar an chéad dá chomhghuaillí a bhí aici. Sa deireadh thiar thall, áfach, chuaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Sóivéadach chun cogaidh ar thaobh na gComhghuaillithe.

Ar thaobh na Fearsaide, arís, ba iad an Ghearmáin, an Iodáil, agus an tSeapáin na príomhthíortha.

Cúiseanna an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spás áitrithe a chruthú (nó "Lebensraum").[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na Naitsithe ag iarraidh níos mó ná teorainn 1914 a athbhunú[1]. Chomh fada siar le 1920, bhí Hitler ag maíomh go raibh sé riachtanach ag na Gearmánaigh tailte nua a bhaint amach. Bhí gá le Conradh Versailles, a bhí fuath ag na Gearmánaigh air, a chealú ar fad.

"Lebensraum" agus "Mein Kampf"

Mhínigh Hitler a thuairimí faoi "Lebensraum" ina leabhar "Mein Kampf" agus sa "Leabhar Rúnda" a scríobh sé sa bhliain 1928. Bhí sé scríofa sna leabhair seo go raibh ar an Ghearmáin tailte agus críocha nua a bhaint amach leis an daonra Gearmánach a chothú agus a mhéadú. Mhaígh Hitler go mbeadh an talamh seo le baint ó stáit oirthear na hEorpa, ina raibh ciníocha íochtaránacha, agus go háirithe ó phríomhnamhaid na Gearmáine, an Rúis Chumannach.


Bhain Hitler agus na Naitsithe tairbhe i gcónaí as an fhuath a bhí ag muintir na Gearmáine ar an Chonradh. Cháin bolscaireacht na Naitsithe an Conradh agus gheall Hitler é a fhreaschur nuair a bheadh an chumhacht sa Ghearmáin aige. Ghnóthaigh na geallúintí seo cuid mhór tacaíochta do Hitler agus do na Naitsithe.

Nuair a tháinig Hitler i gcumhacht sa bhliain 1933, bhí 6 milliún duine dífhostaithe sa Ghearmáin. bhí an chuma ar an scéal nach mbeadh an Ghearmáin láidir go leor choíche lena leithéid de thalamh a ghnóthú. Bhí tionscal arm na Gearmáine a fhorbairt mar aon le Cabhlach, Aerfhórsa agus Arm na tíre. Bheadh sé seo ina chuidiú leis an Ghearmáin a dhéanamh mór agus láidir.

Mar sin féin sa bhliain 1939 bhí an Ghearmáin ag an phointe go dtiocfadh le Hitler smaoineamh faoi leathnú amach a dhéanamh soir i dtreo na Polainne agus fiú na Rúise. Bhí an tír atharmáilte. Leis an mhéadú ar a neart míleata, bhí sé ar a cumas ag an Ghearmáin an spás áitrithe a bhí uaithi a fháil. Dhéanfadh an leathnú amach san oirthear áit na Gearmáine mar thír thábhachtach chumhachtach a dheimhniú.

Tús an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Cogadh san Áise: 1937-1939[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mí an Iúil 1937, ghabh an tSeapáin iar-cathair na tSíne, Peking, díreach i ndiaidh eachtra a chruthaigh arm na Seapáine ar dhroighead Marco Polo. D'fhorbair an t-ionrú ar Peking ina oll-ionsú in éadan na tSíne. Níorbh fhada roimh a shínigh na Rúisí socrú neamhionsaithe leis an tSín le haghaidh tacaíochta ábhair a shóláthair dóibh, agus de bharr sin, cuireadh deireadh leis an réamh-comhoibriú idir an tSín agus an Gearmáin. Idir Meán Fómhair agus Samhain, ghabh an tSeapáin Taiyuan, d'ionsaigh siad an t-arm Kuomintang i Xinhou agus throid siad in éadan na bhfórsaí cummanaigh i mPingxingguan. Chinn Ginearál Chiang Kai-shek a arm b'fhearr chun Shanghai a chosaint. Áfach, tar éis catha 3 mhí, ghéill Shanghai. Leann na Seapáiní lena n-ionrú ar an tSín, ag gabháil na príomhcathrach Nanking i mhí an Nollag 1937. Tár éis titim Naking, dhúnmharaigh an tSeapáin na céadta míle sibhialtaigh Síneach agus cuireadh an-chuid mná tSíneach chun sclábhaíochta ghnéasaí.

I Mí an Mhárta 1938, bhuaigh na fórsaí Síníseacha a gcéad chath i Taierzhuang. Áfach, ghabh na fórsaí Seapáiníse an chathair sár i bhfad ina ndiaidh i mhí an Bhealtaine. I Mí an Mheithimh 1938, chuir na fórsaí Síníseacha moill ar ionradh na Seapáine nuair a líon siad an abhainn bhuí le huisce sa chaoi is nach raibh sí dothrasnaithe do fhórsaí na Seapáine. Dá bharr, thug sé seo am d'fhórsaí na Síne cosaint Wuhan a eagrú, ach ghabhadh an chathair i mí an Deiridh Fómhair. Cé go raibh an bua ag an tSeapáin sna cathanna in éadan na síne, níor éirigh leo ceannaireacht na síne a shárú. Chúlaigh fórsaí na síne siar isteach faoin tuatha i ngach aon chath inar sháraíodh iad.

1930, chuir an tSeapáin cogadh teorainne ar na Rúisí i Manchuko, stát lonnaithe ó thuaidh mórthalamh na tSíne. Chuir an foirceadal Seapáinís "Hokushin-ron" béim ar leathnú na Seapáine ó thuaidh, nós a ghlac an t-arm Seapáinís ag an am seo. Tar éis an chliste Seapáinís i Khalkin Gold sa bhliain 1939 agus a comhghuallí (An Gearmáin) sa tóir ar chonradh neodrachta leis an APSS, ba fhollasach nach mairfeadh an foirceadal leathnú seo. Ar deireadh thiar, Shínigh an tSeapáin agus an APSS conradh neodrachta lena chéile i mhí an Aibreáin 1941, agus d'uctaigh an tSeapáin foirceadal "Nanshin-ron", curtha chun tosaigh ag an gcabhlach, chun díriú ó dheas na hÁise. Dá bharr, chuir an tSeapáin cogadh ar na Stáit Aontaithe agus na comhghuaillithe san iarthar níos déanaí.

Tar éis atreorú trí ceathrú de thrupaí agus tromlach an aerfórsa ón bhFrainc agus ó lár na Mheánmhuire chun an líne tosaigh san oirthear, shocraigh an Ríocht Aontaithe a straitéis a athrú. I mhí Iúil, chuir an Ríocht Aontaithe agus an t-Aontas Sóibhéadach comhaontas ar bun in éadan na Gearmáine. D'ionraigh an na tíortha comhaontaithe an t-Iran d'fhonn láithreacha ola sa gconair Pheiris a ghabháil. I mhí Lúnasa, d'eisigh an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe an Chairt Atlantach.

Faoi Deireadh Fómhair, bhain an ais a spriocanna amach sa Úcráin agus sa bhfearann Baltach, le léigear i Leningrad agus Sevastopol fágtha ina ndiaidh. Tosaíodh ionsú nua ar Mhoscó

Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Molotov, ag síniú an Chomhaontaithe Naitsí-Shóivéadaigh. Tá Von Ribbentrop, Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine agus Stailín, Ceannaire na Rúise, ina seasamh ar a chúl faoi phictiúr de Leinín

An Comhaontú Naitsí-Shóivéadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 23 Lúnasa 1939, shínigh an Ghearmáin Naitsíoch agus an Rúis Shóivéadach an Comhaontú Naitsí-Shóivéadach. Rinne siad gealltanas gan ionsaí a dhéanamh ar a chéile ar feadh deich mbliana Ag an am céanna, bhí an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach tar éis conradh rúnda a shíniú faoi chríochdheighilt na Polainne. Shocraigh siad go roinnfí talamh na Polainne idir an dá thír. Bhí an conradh tábhachtach do Hitler mar thiocfadh leis ionsaí a dhéanamh ar an Pholainn gan a bheith buartha go dtroidfeadh arm na Rúise ina éadan.

Cartún ag léiriú an Ghearmáin Naitsíoch agus Stailín i ndiaidh an Chomhaontaithe Naitsí-Shóivéadaigh (Mucha, 8 M.F. 1939)

Bhí ionadh ar thíortha eile na hEorpa go raibh dhá namhaid idéeolaíochta in ann teacht le chéile. Thuig tíortha na hEorpa ag an am na himpleachtaí a bhain leis an chonradh seo don Pholainn. Bhí ardteannas ann sna laethannta idir seo agus deireadh na míosa.

Ionradh ar an Pholainn, Meán Fómhair 1939[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an Comhaontú Naitsí-Shóivéadach deireadh leis an bhagairt intuigthe a bhain leis an bharántas Angla-Fhrancach a tugadh don Pholainn lena slándáil a chosaint. Mar sin, ar 1 Meán Fómhair 1939, chuir na Gearmánaigh deireadh leis an fhanacht agus d’ionsaigh siad an Pholainn.

D’fhógair an Bhreatain agus an Fhrainc cogadh ar an Ghearmáin dhá lá ina dhiaidh sin, ar 3 Meán Fómhair 1939. D'fhógair an Ríocht Aontaithe (labhair Neville Chamberlain ar an BBC) ag 11.15am de réir mheán-am Greenwich, cogadh in aghaidh na Gearmáine, rud a rinne an Fhrainc sé uaire an chloig ina dhiaidh sin, agus an Astráil agus an Nua-Shéalainn níos déanaí. Bhí an tSlóvaic, stát soip a bhí faoi smacht ag an nGearmáin, ag tacú leis na Gearmánaigh.

Bolscairecht ó Washington Commonwealth Federation, Lúnasa 1939
An Ghearmáin Mhór faoi 1 Meán Fómhair 1939.

Faoi 17 Meán Fómhair 1939, nuair a rinne na Rúisigh ionradh ar an Pholainn ón oirthear, bhí cur in éadan míleata na Polainne scriosta ag na Gearmánaigh i ‘leath s’acusan’ den tír.

Ní amháin go raibh Hitler ag comhlíonadh aidhm Lebensraum agus é ag déanamh ionraidh ar an Pholainn, ach laghdaigh an t-ionradh an brú eacnamaíoch a bhí ar an Ghearmáin trí acmhainní nádúrtha a bhí de dhíth go géar a ghnóthú don gheilleagar.[2]

Ní thug na Sasanaigh ná na Francaigh a gcabhair leis na Polannaigh, cé go raibh an-dóchas acu siúd astu, agus iad ag cruinniú timpeall ambasáidí na Ríocht Aontaithe is na Fraince i Vársá le God Save the King agus an Marseillaise a chanadh in ómós do na comhghuaillithe. Rinne na Francaigh ionsaí ar an tSárlainn in iarthar na Gearmáine, ach ní raibh na Gearmánaigh i bhfad ag cosc an bhuille seo.

D.F. 139: críochdheighilt na Polainne

Troideadh an cath deireanach, Cath Kock, at 6 Deireadh Fómhair 1939. Bhí na Polannaigh cloíte, agus roinn an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach an tír eatarthu mar a bhí socraithe acu. Fuair an Liotuáin na tailte timpeall ar Vilnias, Tugadh tailte áirithe do na Slóvacaigh in aice leis an teorainn.

Ina dhiaidh sin, chuir an tAontas Sóivéadach d'fhiacha ar na tíortha Baltacha—an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin—trúpaí Sóivéadacha a ligean isteach. Chuaigh na trúpaí ar garastún sna tíortha sin go seasta, agus tógadh bunáiteanna míleata Sóivéadacha ansin. San am chéanna, bhí na Sóivéadaigh ag éileamh ar an bhFionlainn tailte áirithe in aice le Leningrad a ghéilliú don Aontas Sóivéadach agus, thar aon rud eile, ceadú do na Sóivéadaigh bunáit mhíleata a chur ar bhun in aice le Hanko, an chathair is faide theas sa tír. Bheadh limistéar eile le dul don Fhionlainn in éiric a dtabharfadh sí uaithi. Ní raibh na Fionlannaigh sásta leis an tairiscint, agus sa deireadh, d'ionsaigh na trúpaí Sóivéadacha an Fhionlainn. Chuir na Fionlannaigh ar a son, agus troideadh Cogadh an Gheimhridh idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach.

An "Cogadh Bréagach", 1939-1940[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glaotar 'an cogadh bréagach' ar an tréimhse sa gheimhreadh na bliana 1939-40.

An Cogadh ag Dul i bhFairsinge[cuir in eagar | athraigh foinse]

1940[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Aibreán 1940, rinne an Ghearmáin ionsaí ar an Danmhairg agus an Iorua.[3]

I mí Bealtaine 1940, rinne an Ghearmáin Naitsíoch ionsaí ar an Ollainn agus an Bheilg.

1941[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus cúrsaí forghabhála cuibheasach cobhsaí san Eoraip, thug an tSeapáin, an Ghearmáin agus an t-Aontas Sóibhéadach faoi ullmhucháin a dhéanamh. Agus an APSS airdeallach maidir leis an teannas á mhéadú leis an tSeapáin agus an nGearmáin, ar intinn acu leas a bhaint as acmhainní saibhre na hEoraipe trí réadmhaoin Eorpach le hacmhainn shaibhir a ghabháil lonnaithe i ndeisceart iarthar na hAise, shínigh na dhá sharchumhacht conradh neodrach APSS-Seapáine i mhí an aibreáin 1941. I gcodarsnacht, bhí na Gearmáiní ag ullmhú ionsaithe ar an APSS, ag bailliú a bhforsa agus á lonnú iad ar theorann an APSS.

Ghlac Hitler an chreidiúint gurb é dóchas na Breataine go dtagfadh na Stáit Aontaithe agus an APSS isteach sa chogadh níos déanaí chun tacú leo an chúis nár ghéill an Bhreatain dóibh. Dá réir sin, chinn Hitler go ndéanfadh an Ghearmáin a gcaidreamh leis an APSS a fheabhsú, nó sa chás go teipfeadh air sin, go n-ionsóidís an tír agus iad a scriosadh mar bhagairt.I mhí na Samhana 1940, cuireadh idirbheartaíocht ar siúl idir an Ghearmáin agus an APSS le faigh amach dá mbeadh fonn ar an APSS páirt a ghlacadh sa chomhaontú trípháirteach. Thaispeáin an APSS suim ach d'iarr siad ar an nGearmáin géilleadh talún a dhéanamh leis an bhFionnlann, Bulgéir agus an Túirc agus chinn an tSeapáin & an Ghearmáin go mba éileamh doghlactha a bhí ann. Ar an 18 Nollaig 1940, d'eisigh Hitler treorach maidir le ullmhúcháin a dhéanamh le haghaidh ionsaithe ar an APSS.

Ba é Oibríocht Barbarossa an códfhocal a dtugtar ar ionsaí na Gearmáine in éanacht lena gcomhghuaillithe Rómánach & Iodáileach ar an Aontas Sóivéadach, obráid a thosaigh ar an 22 Meitheamh 1941. Sula bhfad ina dhiaidh sin, ghlac an Fhionlann & an Ungéir páirt san obráid. B'iad an fearann Baltaic, an Moscó agus an Ucráin na príomhspriocanna a raibh ag an obráid, leis an gcuspóir dhéireadh ná an feactas ionsaithe a chur i gcríoch faoin am a shroicfeadh an t-arm líne Arkhangelsk-Astrakan, suite idir an mhuir Chaspían agus an mhuir bhán. B'é cuspóir Hitler ná an APSS a dhíothú mar chumacht mílteata domhanda, an cumannachas a dhíothú, Lebensraum ("Áit chonaithe") a chruthú trí ruaig a chur ar an daonra dúchas ón talamh faoi fhorghabháil agus deimhnigh go mbeadh rochtain ag an nGearmáin ar acmhainní straitéiseach, riachtanach chun cuid eile dá namhaid na Gearmáine a sharú. Ach ghlac Hitler an iomarca air féin nuair a d’ionsaigh sé APSS agus a arm ag troid san Iarthar go fóill.

Cé go raibh an t-Arm dearg ag déanamh ulmhúcháin i gcomhair frith-ionsaithe straitéisigh sular chuireadh an cogadh, chuir obráid Barbarossa iallach ar údaras míleata an Sóibhéidigh straitéis cosanta a uchtú. I rith an tsamhraidh, ghabh na Gearmáinigh méid shuntasach de thalún ó na Sóibhéidigh mar aon le caillteanas mór a n-ábhar agus a bhfear ag fónamh san arm. Faoi mhí an Lúnasa, áfach, chinn údaras an airm Gearmáinigh an t-ionsaí a chur ar fionraí dá bharr easpa soláthairtí a raibh ag an arm lár ghrúpa. Chinn an t-údaras chomh maith Panzer Grúpa 2 a sheoladh chuig an líne tosaigh sa Ucráin agus i gcathair Leningrad. Bhí an t-ionsaí ar Kiev thar a bheith rathúil nuair a rinne na fórsaí Gearmáineacha 4 hairm Sóibhéideacha ag fónamh sa gcathair a thimpeallú agus a dhíothú. Dá bharr, rinneadh an t-ionsaí ar Chraidhmía agus ar an Ucráin níos éasca do na fórsaí Gearmáineacha, áiteanna a raibh níos fórbartha ó thaobh an tionscail de.


An Cogadh ag Dul chun Domhandais: 1941/1942—an tAigéan Ciúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 19 Eanáir 1942, d;ionsaíodh Maenmar. Ach ghlac an tSeapáin an iomarca air féin nuair a d’ionsaigh arm na himpireachta  Burma (mar a thugtar uirthí fadó), agus a arm ag troid san san Aigéan Ciúin go fóill. Chuir na Seapáiní Perl Harbour faoi ruathar aera ar an 7 mí an Nollag. Dealraítear chuig na Meiriceánaigh gur eachtra cogaidh a bhí i gceist ag na Seapáiní ón ionsú. Dá réir sin, ar an 11 mí an Nollag chuir siad cogaidh ar an Seapáin.

An Leamhsháinn: 1942[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Taoide á Casadh: 1943[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thit Beirlín leis an Arm Dearg ar an 2 Bealtaine sa bhliain 1945. Sa ghrianghraf seo, tá na saighdiúirí Sóivéadacha ag cur a mbrataigh ar an gcrann os cionn an Reichstag, agus casúr agus corrán an Chumannachais le feiceáil air.

D’fhéadfadh Meiriceá méideanna móra d’ábhair chogaidh a tháirgeadh do na Comhghuaillithe mar thoradh ar a shaibhreas agus ar a thionsclaíocht. Níorbh fhéidir leis an nGearmáin bheith in ann ag neart míleata comhcheangailte na gComhghuaillithe.[4]

Is eiseamláir mhaith é monarcha Willow Run i Michigan mar léiriú ar neart táirgeachta Meiriceá, áit ina tháirgeadh eitleán trodaí gach 7 nóiméad.

Ag Druidim chun Deiridh: 1944[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tár éis bua na Rúisí i gcath Kursk, bhí an lámh in uachtar aici ó thaobh líon na bhfeithiclí trodaí de (go háirithe na tainc) a buí lena dtaisce ola i ndeisceart na Rúise agus lena líon mór monarcha lonnaithe as an mbealach ón gcoimhlint. Ba mhinic na ruathar aera a chur na comhghuaillithe ar mhonarcha Gearmáinis chun a cumas táirgíochta a lagú. Dá bharr, ní raibh an Gearmáin in ann oll-ionsaí ar bith a dhéanamh in éadan na gcomhghuaillithe tár éis catha Kursk.

Ar an 6ú lá de mhí an Mheithimh, d'ionsaí agus d'aisghabháil na comhghuaillithe trá Normandy. Chuir seo le brú na nGearmánach an cogadh a chothú, toisc go raibh siad faoi ionsú ar 3 fhronta ar leith cheánna féin.

An Deireadh: 1945[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'ionsaigh arm na Rúise an Bherlin (16 Aibreán) tar éis conartha a dhéanamh leis a gcomhghuaillithe go ngabhfaidís an phríomhchathair agus í a scaoilt i limistéar eatarthu féin. Cé go raibh an lámh in uachtar ag na Rúisí ó thaobh cumhacht na haera agus cumhacht lámhaigh, chuaigh fuílleach den arm SS chun troda go bhfánach in éadan an airm deirge. Ar an 2ú Márta, 10 lá ina dhiaidh báis Hitler, ghéill an Ghearmáin.

Ghabh na comhghuaillthe feidhmeannaigh ón riar Naitsíoch. Cuireadh ar thrial iad agus chuireadh ina leith a gcoireanna in éadan na daonachta. Tugtar an t-ainm "Na Trialacha Nuremberg" ar na trialacha seo.

Ghéill an tSeapáin ar an 15 Lúnasa 1945 agus chuir sé sin críoch leis an gcogaíocht.

Ar an 2 Meán Fómhair 1945, shínigh an tSeapáin géilleadh gan chomha ar bord na loinge USS Missouri ag cur deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda.

Na hÍobartaigh, na Sibhialtaigh, agus na Gníomhartha Uafáis[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Fhrithsheasmhacht agus an Comhoibriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Saol sa Bhaile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Néal muisiriúnach an bhuama adamhaigh os cionn Nagasaki. Chaith na Meiriceánaigh dhá bhuama adamhacha ar an tSeapáin i ndeireadh an chogaidh, an dara ceann acu ar Nagasaki ar an 9 Lúnasa, 1945. Íorónta go leor, ba é Nagasaki an áit ba bháúla leis an Iarthar ar fud na Seapáine, ós rud é go raibh go leor Seapánaigh Chríostaí ag lorg tearmainn ansin.
Príomhalt: Ré na Práinne

Ré na Práinne (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma Béarla Emergency) a thugtar ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda in Éirinn (1940-1945). Bhí Tuaisceart na hÉireann ag glacadh páirte sa chogadh ar nós na Ríochta Aontaithe go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an Saorstát taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.

D'úsáid an rialtas "An tAcht Cumhachtaí Práinne, 1939" chun na meáin a smachtú. Freisin thug sé seo cumhachtaí breise chun déileáil leis an IRA, ar eagla go dtapódh an eagraíocht sin an deis chun ionsaí a dhéanamh ar an stát[5].

An Teicneolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuma an Domhain i nDiaidh an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí:[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. .St Marys (Mí na Samhna, 2007). "An Ghearmain Naitsioch". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.
  2. Diarmaid Ua Bruadair, St Mary's. "An Ghearmain Naitsioch" 50. Dáta rochtana: 2019.
  3. "An Dara Cogadh Domhanda" (en). prezi.com. Dáta rochtana: 2019-01-26.
  4. "examinations.ie" (2014). Dáta rochtana: 2019.
  5. http://www.irishstatutebook.ie/1939/en/act/pub/0028/index.html