Jump to content

Oibríocht Barbarossa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOibríocht Barbarossa
Íomhá
Cineáloibríocht mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósFeardorcha I Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn Fronta Thoir (An Dara Cogadh Domhanda) Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse22 Meitheamh - 5 Nollaig 1941
Dáta na bliana5 Nollaig 1941 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan Eastóin, An Eastóin
Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise, An tAontas Sóivéadach
Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine, An tAontas Sóivéadach
Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Moldáive, An tAontas Sóivéadach
Rialtas Ginearálta na Polainne, Gearmáin na Naitsithe
an Liotuáin, An Liotuáin
an Laitvia, An Laitvia
Rúis na hEorpa, An Rúis
an tAontas Sóivéadach, An tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
CúisLebensraum Cuir in eagar ar Wikidata


Oibríocht Barbarossa

Ba é Oibríocht Barbarossa an códfhocal a dtugtar ar ionsaí na Gearmáine ar an Aontas Sóivéadach. Thosaigh sí ar an 22 Meitheamh 1941, agus chuir sí tús leis an gcogadh san Oirthear le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Thosaigh Hitler a phleanáil ionraidh s’aige ar an Rúis ó lár 1940 ar aghaidh.

D’fhan smachtú na Rúise mar phríomhaidhm ag Hitler de bharr na ndifríochtaí idé-eolaíochta agus ós san oirthear a bheadh an spás áitrithe le gnóthú (Lebensraum) agus acmhainní nádúrtha ag na Gearmánaigh.[1]

Bhí an chuma ar Hitler go raibh lúcháir air go raibh sé tosaithe ar a mhianaidhmeanna a chur i gcrích agus Lebensraum a bhaint amach don Ghearmáin. Bhí air moill míosa a chur ar an ionradh le haire a thabhairt don chogadh i gcodanna eile den Eoraip agus den Afraic. Ba bheag a thuig se go mbeadh an mhoill seo ar cheann de na fáthanna ar theip air go fadtéarmach.

Ba é an chéad sprioc ná na trí chathair mhóra i.e. Leningrad, Moscó agus Stalingrad, a ghabháil.

Ní raibh Arm Dearg an Aontais Shóivéadaigh réidh fá choinne seo.[2] Ní raibh trealamh ceart acu agus bhí a gcuid eitleán imithe as dáta.

Taobh istigh de mhí, bhí Moscó cosúil le cathair thréigthe agus ní raibh fágtha ann ach Stalin agus a chuid comhairleoirí. Ach chuir geimhreadh crua na Rúise stop ar fad le dul chun cinn na nGearmánach.

Bhí thart ar 3.8 milliúin saighdiúirí ar thaobh na hAise amháin[3], chomh maith le 3,500 tanc i mí Meithimh 1941.

Bhí an t-Arm Dearg ag déanamh ullmhúcháin i gcomhair frith-ionsaithe roimh an ionradh. Ach chuir oibríocht Barbarossa iallach ar na Sóivéadaigh straitéis cosanta a uchtú. I rith an tsamhraidh, ghabh na Gearmánaigh méid shuntasach de thalún ó na Sóivéadaigh.

Oibríochtaí san Úcráin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí  Lúnasa, chinn na Naitsithe, in ainneoin easpa soláthairtí, Panzer Grúpa 2 a sheoladh chuig an líne tosaigh san Úcráin agus i gcathair Leningrad. Bhí an t-ionsaí ar Kiev thar a bheith rathúil. D'éirigh leis na fórsaí Gearmánacha na Sóivéadaigh sa chathair a thimpeallú agus a dhíothú.  

San Úcráin, bhí dóchas ag go leor daoine as na Naitsithe. D’fhear muintir na tuaithe fíorchaoin fáilte roimh na saighdiúirí Gearmánacha, rud a thugas ar a lán daoine ar an eite chlé Faisisteachas a chur i leith na nÚcránach go léir mar náisiún.[4]

Ghlac Hitler an iomarca air féin nuair a d’ionsaigh sé APSS agus a arm ag troid san Iarthar go fóill.[5] Ba mhór an botún é ionradh Hitler ar an Rúis mar fuair an-chuid daoine ar an dá thaobh bás dá bharr, na milliúin Sóivéadach ina measc.

Cogadh barbartha, brúidiúil a bhí ann. Go háirithe, bhí iarmhairtí Oibríocht Barbarossa ar na Giúdaigh san Aontas Shóivéadach,[6]

  1. stmarys-belfast.ac.uk. "An Ghearmain Naitsioch". Dáta rochtana: 2020.
  2. cogg.ie. "Nótaí staire don Teastas Sóisearach". Dáta rochtana: 2020.
  3. Clark, Lloyd (2012). Kursk: The Greatest Battle: Eastern Front 1943. Headline Review. ISBN 978-0755336395.
  4. An Tuairisceoir (2014-02-25). "An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a 4" (ga). Tuairisceoir an Dúin. Dáta rochtana: 2020-06-22.
  5. "examinations.ie" (2014). Dáta rochtana: 2019.[nasc briste go buan]
  6. CCEA. "Sonraíocht GCE CCEA - Stair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-25. Dáta rochtana: 2020.