Cath Kursk

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cath Kursk
Cuid de Fronta Thoir den Dara Cogadh Domhanda
Cath Kursk

Fórsaí Gearmánacha

Dáta: 5 Iúil 1943 – 23 Lúnasa 1943
Áit: Kursk, APSS
Toradh: Bua Sóivéadach
Céilí comhraic
An Ghearmáin Aontas na bPoblacht Sóibhéadaigh Sóisialach
Ceannasaithe
Erich von Manstein
Günther von Kluge
Hermann Hoth
Werner Kempf
Walter Model
Otto Deßloch
Robert Ritter von Greim
Georgy Zhukov
Konstantin Rokossovsky
Nikolai Vatutin
Ivan Konev
Pavel Rotmistrov
Sergei Rudenko
Kirill Moskalenko
Slua
1,721,800 2,160,361
Taismigh
165,314 432,317
† Fuair bás sa choimhlint

Comhrac idir forsaí Gearmánacha agus Sóivéadach le linn an Dara Cogadh Domhanda ab ea Cath Kursk, a troideadh ar an an bhFronta Thoir i ngar do Kursk (450 ciliméadair thiar theas de Mhoscó) san tAontas Sóivéadach idir mí Iúil agus mí Lúnasa na bliana 1943.

Cuireadh tús leis an dtrodaíocht nuair a rinne na Gearmánaigh ruathar mar chuid d'Oibríocht Dúnfoirt (Gearmáinis: Unternehmen Zitadelle) ar an 5 Iúil. An sprioc a bhí i gceist ná ruathair aduaidh agus aneas araon chun scoilt a chur idir na Rúisigh ar an dá thaobh den mhachaire.

Agus neart an ionsaithe ag maolú de réir a chéile ar an dtaobh thuaidh den mhachaire, chuir na Rúisigh tús le frithionsaí dá gcuid féin ar an 12 Iúil. Oibríocht Kutuzov (Rúisis: Кутузов) a thugadar uirthi agus í dírithe ar chúl na bhfórsaí Gearmánacha ar an dtaobh thuaidh. Ar an taobh theas, rinne na Rúisigh frithionsaithe fíochmhara eile ar an lá céanna, ar eascair eachtra mór géarchogaíochta darb ainm Cath Prokhorovka as.