Mein Kampf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharMein Kampf
(de) Mein Kampf
(ar) Kifah Hitler
(zh) Wo de fen dou
(da) Min kamp
(nb) Min kamp
(sv) Min kamp
(en) My battle
(fi) Taisteluni
(nl) Mijn kamp
(fr) Mon combat
(hi) Mera sagharsh
(it) La mia battaglia
(ja) Waga toso
(ko) Na ui tujaeng
(mk) Mojata borba
(mn) Minij te°mce°l
(fa) Hatirat-i Hitlir
(pt) Minha lutta
(pl) Moja walka
(ru) Moja bor'ba
(sr) Moja borba
(sl) Moj boj
(es) Mi lucha
(cs) Můj boj
(tr) Kavgam
(hu) Harcom Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarAdolf Hitler Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánMünchen Cuir in eagar ar Wikidata, Poblacht Weimar, 1925 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1924 ↔ 1926
FoilsitheoirFranz Eher Nachfolger
Tréith
PríomhábharNaitsíochas, Adolf Hitler agus Frith-Sheimíteachas Cuir in eagar ar Wikidata
Seánradírbheathaisnéis, fealsúnacht pholaitiúil agus aoir phoileimiciúil Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaan Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Taispeánann sé/síAdolf Hitler Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Eile
Aicmiú Leabharlann ComhdhálaDD247.H5 Cuir in eagar ar Wikidata
An chéad imleabhar de Mein Kampf, le hAdolf Hitler. An chéad eagrán ón mbliain 1925

Leabhar is ea Mein Kampf (Gaeilge: Mo Streachailt) a scríobh nó a dheachtaigh Adolf Hitler, an deachtóir de bhunadh Ostarach a bhí ina cheannaire ar an nGearmáin le linn ré na Naitsithe sa tír sin. Is é is ábhar don leabhar ná dírbheathaisnéis agus smaointe polaitiúla an údair, nó an idé-eolaíocht Naitsíoch mar atá aithne uirthi inniu.

Foilsíodh an chéad imleabhar sa bhliain 1925 agus an dara ceann sa bhliain 1926. Is é is ábhar don chéad imleabhar ná saol Hitler féin, agus an dara himleabhar ag tabhairt cur síos ar an ngluaiseacht Naitsíoch.

  • Eine Abrechnung ("Reicneáil" nó "Cuntas") is teideal don chéad imleabhar, agus
  • Die nationalsozialistische Bewegung ("An Ghluaiseacht Shóisialach Náisiúnta") atá ar an dara ceann.

Chuidigh Rudolf Hess le Hitler an leabhar a chríochnú, ach ní luaitear mar chomhúdar é in aon eagrán den leabhar. Bhreac Hess agus Emil Maurice an chéad imleabhar síos ó bhéal Hitler nuair a bhí sé i bpríosún.

Póstaer in Villa Wannseeː fograíocht

Scríobh sé an dara ceann nuair a bhí cead a chos aige arís. Rinneadh ceartuithe agus athruithe beaga ar na heagráin nua ó shin i leith, de réir mar a theastódh ó Hitler.

Dheachtaigh Hitler leabhar eile fós le cur síos ar a chuid tuairimí i leith an pholasaí eachtraigh, ach níor foilsíodh an ceann sin riamh i ré an Tríú Reich. Maidir le Mein Kampf, áfach, bhí an-ráchairt ar an gceann sin ó tháinig Hitler i gcumhacht sa Ghearmáin, agus ba nós cóip den leabhar a bhronnadh, abair, ar na lánúineacha nuaphósta.

Thiomnaigh Hitler an chéad imleabhar dóibh siúd a fuair bás le linn cheannairc Bheoirhalla na Saoránach (Bürgerbräukeller) i München sa bhliain 1923, an iarracht réabhlóide ar gearradh téarma príosúin do Hitler mar gheall uirthi. I dtús an dara himleabhar, arís, mhol sé Dietrich Eckart, an foilsitheoir a thug a lán idéanna do Hitler agus a fuair bás cúpla bliain sular chríochnaigh Hitler an leabhar. Bhí urraim mhór ag Hitler d'Eckart agus é buíoch beannachtach as ar fhoghlaim sé ón bhfear seo.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mein Kampf
Leagan Fraincise den leabhar ón mbliain 1934, a haistríodh is a foilsíodh gan chead Hitler

Seo iad na pointí tábhachtacha sa leabhar:

  • Tá Hitler ag caitheamh anuas ar an Ostair mar stát, agus é den tuairim gur chóir í a chur ar ceal mar stát neamhspleách agus cúige Gearmánach a dhéanamh di. Tá sé ag ionsaí Impireacht na hOstaire, ó tá sé barúlach go bhfuil an Impireacht ag teacht an iomarca in araicis na Seiceach ag géilleadh cearta teanga dóibh.
  • Tugann Hitler cur síos ar fhorbairt a chuid frith-Ghiúdachais, agus é den bharúil gur idé-eolaíocht Ghiúdach é an Marxachas.
  • Forbraíonn sé "sóisialachas náisiúnta na nGearmánach" mar chosaint ar "shóisialachas idirnáisiúnta na nGiúdach", agus é ag moladh chath na gciníocha in áit cath na n-aicmí.
  • Tugann sé rabhadh faoin mBoilséiveachas san Aontas Sóivéadach agus é barúlach gur chóir an Boilséiveachas a dhíothú i "gcogadh na gciníocha". Ar ndóigh, tá sé suite siúráilte gurbh iad na Giúdaigh a cheap an Boilséiveachas agus gurbh iadsan atá i gceannas ar an Aontas Sóivéadach.
  • San am chéanna, tá sé den tuairim go bhfuil an Ghearmáin ag éirí róbheag ag na Gearmánaigh, agus gur chóir "spás maireachtála" (Lebensraum) a shealbhú in Oirthear na hEorpa.
  • Tá sé inbharúla gurbh é an cogadh ar dhá chathéadan san am chéanna a chaill an Ghearmáin sa chéad chogadh domhanda. Le sin a sheachaint, tugann sé le fios gur chóir don Ghearmáin comhghuaillíocht a shocrú leis na Sasanaigh agus leis na hIodálaigh (is é sin, Mussolini).
  • Faigheann sé locht ar an daonlathas parlaiminteach, agus é den tuairim gur chóir "stát Gearmánach ceannasaíochta" a chur ina ait.
  • Thairis sin, tugann sé cur síos ar a shaol agus ar fhorbairt a ghluaiseachta go dtí an bhliain 1923, mar a chonacthas an scéal dó féin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]