Zweites Buch
(de) Hitlers Zweites Buch | |
---|---|
Cineál | saothar scríofa |
Cárta innéacs | |
Údar | Adolf Hitler |
Teanga | an Ghearmáinis |
Foilseachán | an Ghearmáin, 1961 |
Tréith | |
Seánra | fealsúnacht pholaitiúil |
Cuid den tsraith | |
Zweites Buch nó "an dara leabhar" a thugtar go coitianta ar an dara leabhar a dheachtaigh Adolf Hitler dá chuid lucht leanúna (ba é Mein Kampf an chéad cheann). Breacadh an leabhar síos timpeall na bliana 1928, nuair nach raibh an t-údar ina dheachtóir go fóill. San am sin, ní raibh mórán ráchairte ar Mein Kampf, agus chinn Hitler ar gan an leabhar nua a chur i gcló. I ndiaidh coup d'état na Naitsithe, thosaigh na daoine ag ceannach a leabhair, agus san am sin, bhí Hitler barúlach go raibh sé i ndiaidh cur síos róchruinn a thabhairt ar a chuid cuspóirí ó thaobh na ngnóthaí eachtracha de, agus gurbh fhearr an dara leabhar a choinneáil i bhfolach. Sin é an rud a rinneadh, agus ní bhfuair an saol mór amach faoin leabhar ach sa bhliain 1958. San am sin, tháinig an staraí Gerhard Weinberg ar an leabhar i measc na ndoiciméad Naitsíoch a bhí curtha i dtaisce sna Stáit Aontaithe. Ba í Institiúid na Staire Comhaimseartha i München (Institut für Zeitgeschichte) a d'fhoilsigh an leabhar sa bhunteanga sa bhliain 1961, ach níor tháinig leagan údaraithe Béarla i gcló roimh an mbliain 2002, cé go raibh aistriúcháin "phíoráidithe" ar an margadh roimhe sin féin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |