Jump to content

Institut für Zeitgeschichte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaInstitut für Zeitgeschichte
Sonraí
Cineálinstitiúid um thaighde Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibrestair chomhaimseartha Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1949
Suíomh a chartlainne
Gníomhaíocht
Ball deWissenschaftsgemeinschaft Gottfried Wilhelm Leibniz e. V.
An Chomhghuaillíocht um Chur Chun Cinn an Mheasúnaithe Taighde Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Oibreoiran Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhoifigeach feidhmiúcháinAndreas Wirsching (2011–) Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir/bainisteoirAndreas Wirsching (2011–) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtWissenschaftsgemeinschaft Gottfried Wilhelm Leibniz e. V. Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáinifz-muenchen.de Cuir in eagar ar Wikidata

X: Leibniz_IfZ Bluesky: leibniz-ifz.bsky.social LinkedIn: institut-für-zeitgeschichte Youtube: UCHKZHHXK-Ck3MVyghOV9oGw Youtube: institutfurzeitgeschichtem6707 Cuir in eagar ar Wikidata
Lichterfelde (en) Aistrigh
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Lipéad sa teanga dhúchais(de) Lichterfelde Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálLocality of Berlin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Achar dromchla18.22 km²
Airde os cionn na farraige47 m
Map
 52° 26′ 34″ N, 13° 17′ 44″ E / 52.4428°N,13.295667°E / 52.4428; 13.295667
ID GeoNames2878018
X: Leibniz_IfZ Bluesky: leibniz-ifz.bsky.social LinkedIn: institut-für-zeitgeschichte Youtube: UCHKZHHXK-Ck3MVyghOV9oGw Youtube: institutfurzeitgeschichtem6707

Foras léannta í Institiúid na Staire Comhaimseartha (Gearmáinis: Institut für Zeitgeschichte) a bunaíodh i München sa bhliain 1949. Ar dtús, is é an t-ainm a bhí ar an Institiúid ná Deutsches Institut für die Geschichte der nationalsozialistischen Zeit ("Institiúid na Gearmáine um Stair na Tréimhse Sóisialaí Náisiúnta"), ach fuair sí an t-ainm atá uirthi inniu chomh luath leis an mbliain 1952. Ba iad Saorstát na Baváire agus Poblacht Fheidearálach na Gearmáine a bhunaigh an institiúid in éineacht, i ndiaidh dóibh spreagadh a fháil ó na Comhghuaillithe. Sa bhliain 1994, bhunaigh an Institiúid brainse i bPotsdam in aice le Beirlín, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin d'aistrigh an brainse go Lichtenfelde i mBeirlín, in aice le brainse áitiúil Chartlann Fheidearálach na Gearmáine, nó an Bundesarchiv.

Tá an Institiúid dírithe ar stair an Naitsíochais ó bunaíodh í, ach inniu, bíonn sí ag plé le stair chomhaimseartha eile fosta. Foilsíonn an Institiúid ráitheachán léannta, Vierteljahreshefte für Zeitgeschichte ("Iris Ráithiúil na Staire Comhaimseartha"), agus tá clú agus cáil ar leabharlann an fhorais freisin.