Hanko
| Hanko (fi) Hangö (sv) | |||||
|
|||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an Fhionlainn | ||||
| Regional State Administrative Agency (en) | Southern Finland Regional State Administrative Agency (en) | ||||
| Réigiún de chuid na Fionlainne | An Nualainn | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 7,721 (2023) | ||||
| • Dlús | 65.74 hab./km² | ||||
| Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis (majority language (en) an tSualainnis (teanga mhionlaigh) | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Suite san aonán críochach staitistiúil | Raseborg sub-region (en) | ||||
| Cuid de | An Nualainn Raseborg sub-region (en) | ||||
| Achar dromchla | 117.44 km² | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Bromarv, Tenala agus Ekenäs landskommun | ||||
| Cruthú | 1874 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht reachtach | Hanko City Council (en) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 10900, 10940 agus 10960 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | hanko.fi | ||||
Tá cathair Hanko (Sualainnis: Hangö, Rúisis: Gangut/Гангут) ar an gcathair is faide ó theas san Fhionlainn, agus thart ar dheich míle de dhaoine ina gcónaí ansin. Tá an áit timpeallaithe ag uisce Mhuir Bhailt ó thrí thaobh, agus is iad na tránna móra gainimh a thabhaigh a clú don áit, chomh maith le rásaí na mbád, nó an Regatta, i dtús Mhí Iúil. Cathair dhátheangach is ea Hanko, agus an tSualainnis ó dhúchas ag 44 % de dhaonra na háite. Bunaíodh Hanko mar chathair sa bhliain 1874. I ndiaidh do Chogadh an Gheimhridh (1939-40), b'éigean do na Fionlannaigh Hanko a thabhairt ar cíos don Aontas Sóivéadach mar bhunáit mhíleata. Thréig na saighdiúirí Sóivéadacha an áit sa chéad bhliain eile, nuair a d'éirigh ina chogadh idir an dá thír arís.
Tá Hanko suite faoi 127 gciliméadar de Heilsincí agus faoi 145 chiliméadar ó Thúrcú. Is é Tammisaari (Ekenäs) an chathair is cóngaraí (35 chiliméadar).
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
