Jump to content

Teanga mhionlaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na mionteangacha san Eoraip

Is éard is teanga mhionlaigh (nó teanga neamhfhorleathan nó mionteanga nó teanga réigiúnach srl.) ann ná teanga atá á labhairt ag mionlach de dhaonra i gcríoch áirithe. Mar shampla, is teangacha mionlaigh iad an Ghaeilge agus an Bhreatnais.

"Tagraíonn an téarma “mionlaigh” do chásanna ina bhfuil an teanga á labhairt ag daoine nach bhfuil comhchruinnithe i gcuid shonrach de chríoch stáit nó ina labhraíonn grúpa daoine í atá, cé go bhfuil siad comhchruinnithe i gcuid de chríoch stáit, níos lú ó thaobh a lín de ná an daonra sa réigiún sin a labhraíonn teanga thromlaigh an stáit. Tagraíonn an dá théarma dá bhrí sin do chritéir fhíorasacha agus ní do thuairimí dlí agus baineann siad i gcás ar bith don chás i stát ar leith (mar shampla, d’fhéadfadh gurb ionann teanga mhionlaigh i stát amháin agus teanga thromlaigh i stát eile)." [1]

An tAontas Eorpach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cinnte go bhfuil an éagsúlacht teanga san áireamh le héagsúlacht cultúr an AE, mionteangacha ina measc. Tá an tAontas Eorpach lárnach i gcur chun cinn cearta mionlach lasmuigh dá theorainneacha féin, go háirithe trína pholasaí méadaithe, ach níl na huirlisí ná an spreagadh aige le haghaidh a thabhairt ar ceisteanna mionlach laistigh den bhloc.[2]

Aithníonn An tAontas Eorpach an éagsúlacht teanga mar Luach Eorpach in Alt 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ach níl creatlach thiomanta a bhfuil ceangal dlí léi aige a chosnaíonn mionlaigh theangeolaíocha. Anuas air sin, ní thugtar cosaint shonrach do mhionlaigh theangeolaíocha, ó tharla nach bhfuil teanga i measc na bhforas idirdhealaithe in Alt 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU) – ainneoin go bhfuil sí ina foras idirdhealaithe in Alt 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Mar sin níl an “t-údarás” ag an Aontas Eorpach cosaint a thabhairt do phobail mionteangacha ; fágtar an cúram sin ar na ballstáit féin agus ar an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]