I bhFeabhra 1945 bhuail an "Triúr Mór" - Winston Churchill, Franklin D Roosevelt agus Iósaf Stailín le chéile in Yalta sa Rúis. Cé nach raibh an cogadh thart go fóill, ba shoiléir go mbeadh an bua ag na comhghuaillithe. Ba é aidhm an chruinnithe an rud a bhí le tarlú san Eoraip i ndiaidh an chogaidh a shocrú.
Fáilteǃ
Bhí an chomhdháil ar siúl ar feadh seachtaine i ngar do Yaltana Crimé, a bhíodh mar chuid den Aontas Sovéideach, sna Páláis Livadia, Yusupov, agus Vorontsov.
Ba mhian le Stailín an Rúis a chosaint ó ionsaí iartharach trí chrios maolánach - nó stáit eadrána a bhunú - idir í féin agus tíortha an Iarthair. Lena chinntiú go mbeadh na tíortha seo cairdiúil leis an Rúis, ba mhian le Stailín iad a bheith faoi riail ag rialtais chumannacha.
Ní raibh Roosevelt róthógtha faoi athbheochan Impireacht na Breataine. Ba mhian leis domhan nua saor a bheadh faoi chosaint na Náisiún Aontaithe, an eagraíocht nua síochána. Ba mhian leis go rachadh an Rúis isteach sna Náisiún Aontaithe agus bhí sé réidh le hoibriú le Stailín leis sin a chinntiú.
• D’fhógródh an Rúis cogadh ar an tSeapáin trí mhí i ndiaidh ghéilleadh na Gearmáine.
• Aontaíodh ar theorainn na Polainne i ndiaidh an chogaidh... cé nár aontaíodh ar an chineál rialtais a bheadh ag an tír.
• Socraíodh go mbeadh oirthear na hEorpa faoi thionchar na Sóivéadach. Aontaíodh fosta, áfach, go mbeadh toghcháin dhaonlathacha sna tíortha seo le ligean do phobail Oirthear na hEorpa a gcuid rialtas féin a roghnú.
Reáchtáladh cruinniú mullaigh eile, Comhdháil Potsdam, in aice le Beirlín, ó 17 Iúil – 2 Lúnasa1945.[1] Ní raibh an chomhdháil iarchogaidh chomh cairdiúil agus a bhí an cruinniú in Yalta.
Ar 1 Bealtaine2004, tháinig ocht dtír atá i lár agus in oirthear na hEorpa isteach san Aontas Eorpach, agus is mar sin a cuireadh deireadh, faoi dheireadh thiar thall, le deighilt na hEorpa a shocraigh na Cumhachtaí Móra ag Comhdháil Yalta sa Chrimé.[2]