Athmhíleatú ar Dhúiche na Réine
| ||||
Cineál | conspóid idirnáisiúnta | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 7 Márta 1936 | |||
Suíomh | Dúiche na Réine, An Ghearmáin | |||
Tharla Athmhíleatú ar Dhúiche na Réine ar an 7 Márta 1936, nuair a cháin Adolf Hitler Comhaontú Locarno agus sheol sé 15,000 saighdiúir agus 22,000 póilín ón nGearmáin isteach i nDúiche na Réine. Bhí an réigiún, ar an teorainn leis an Fhrainc, ina chrios maolánach “dímhíleataithe” ag an am sin. Sheas na Comhghuaillithe i leataobh, áfach.[1]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh cead ag arm na Gearmáine dul isteach i nDúiche na Réine faoi Chomhaontú Locarno mar go raibh an Fhrainc buartha faoi ionsaí ón Ghearmáin.
Chuir Adolf Hitler tús leis an chéad sárú míleata ar Chonradh Versailles ar 7 Márta 1936 áfach. D’ordaigh sé do 15,000 saighdiúir (ón Wehrmacht) agus 22,000 póilín dul isteach i nDúiche na Réine. Bhí a fhios ag Hitler go raibh a arm measartha lag go fóill. Mar sin bhí orduithe ag a chuid trúpaí ar an lá sin tarraingt siar dá gcuirfeadh arm na Fraince ina éadan. D’admhaigh Hitler níos déanaí go raibh sé ag dul sa seans nuair a chuir sé a chuid saighdiúirí isteach i nDúiche na Réine
Ní dhearna an Fhrainc ná an Ríocht Aontaithe rud ar bith, áfach. Bhí a fhios acu le feadh tamaill céard a bhí ar intinn Hitler, is cosúil. Gan idirghabháil mhíleata ó na Comhghuaillithe, bhí an lá leis na Naitsithe.
- I Sasana, bhí an príomh-aire Stanley Baldwin go tréan ina éadan.
- Bhí uachtarán na Fraince, Albert Sarraut, ag iarraidh dul i mbun aighnis mhíleata. Ach ní raibh an rialtas ar aon intinn agus bhí olltoghchán sa Fhrainc an mhí dár gcionn.
I ndeireadh an lae, bhí polasaí géilleadh chun síthe i bfheidhm ag na Comhghuaillithe ag an am sin.
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí trúpaí na Gearmáine lonnaithe ar theorainn na Fraince don chéad uair ó bhí deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda ann. Thóg an Ghearmáin dúnta agus stáisiúin mhíleata ar an teorainn iartharach. Tugadh ‘Balla an Iarthair’ orthu.
Bhí teorainneacha iartharacha a thíre daingnithe ag Hitler gan troid ar bith agus bhí sé ábalta a aird iomlán a dhíriú anois ar theorainneacha oirthearacha na Gearmáine.
I ndiaidh athmhíleatú a dhéanamh ar Dhúiche na Réine, chuir Hitler luas lena pholasaí eachtrach (mar a bhí leagtha síos i Mein Kampf). Faoi Shamhain 1936 bhí conarthaí sínithe aige leis an Iodáil (Ais na Róimhe agus Bheirlín) agus leis an tSeapáin (an Comhaontú FrithComintern).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ stmarys-belfast.ac.uk. "An Ghearmain Naitsioch". Dáta rochtana: 2020.