Jump to content

Eoin Ó Dubhthaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Eoin O'Duffy)
Infotaula de personaEoin Ó Dubhthaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Deireadh Fómhair 1892
Baile na Lorgan, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Samhain 1944
52 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Ceannaire Fhine Gael
4 Bealtaine 1933 – 16 Meitheamh 1934 – Liam Tomás Mac Cosgair →
Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil

Toghcheantar: Muineachán

Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil

Toghcheantar: Muineachán

Léinte Gorma
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, oifigeach míleata, innealtóir sibhialta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Céim mhíleataoifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
I gceannas arIrish Brigade (en) Aistrigh
CoinbhleachtCogadh Cathartha na Spáinne

Bhí an Ginearál Eoin Ó DufaighEoin Ó Dubhthaigh (Béarla: Eoin O'Duffy ) (20 Deireadh Fómhair 1892 - 30 Samhain 1944) ina Theachta Dála (TD), ina cheannaire ar Óglaigh na hÉireann, agus ina choimisinéir ar an Gharda Síochána sna 1920idí,[1] agus i gceannas ar an "Gharda Náisiúnta", eagraíocht de chineál faisisteach sna 1930idí ar tugadh 'na Léinte Gorma' orthu go hiondúil.

Bhí go leor conspóide ag baint lena thréimhse i gceannas ar na Gardaí. Ar a chonlán féin, chuir sé tine faoi coup d'état cúpla mí roimh an olltoghchán ar 24 Eanáir 1933.[2][3]

I mí Feabhra 1933, thug an rialtas nua, faoi stiúir Éamoin De Valera, bata agus bóthar d'Eoin Ó Dubhthaigh.[4]

An 20 Iúil 1933, d'éirigh Ó Dubhthaigh i gceannas ar Chumann Chomrádaithe an Airm, eagraíocht de chineál faisisteach sna 1930idí.[5] D'athraigh sé an t-ainm láithreach go dtí "an Garda Náisiúnta". Dob fhearr aithne air ina dhiaidh sin faoin ainm "na Léinte Gorma",  an mílíste a chuir cosaint ar fáil do bhaill Chumann na nGaedheal (agus níos déanaí leasainm díspeagúil d’Fhine Gael).

Sa bhliain 1937, bhí Ó Dubhthaigh ina cheannaire ar an Bhriogáid Éireannach a throid ar son Francisco Franco le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.

Trom ar an ól i gcónaí, fuair Ó Dufaigh bás anabaí (agus é 54 bliana d'aois) an 30 Samhain 1944.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Ceapadh Michael Staines mar an chéad choimisinéir". Dáta rochtana: 2019.
  2. "1933 Irish general election" (as en) (2022-01-13). Wikipedia. 
  3. Fearghal McGarry (2005). "Eoin O'Duffy : a self-made hero". Oxford: Oxford University Press. OCLC 139993272. 
  4. Houses of the Oireachtas (1933-03-14). "Private Deputies' Business. - Removal From Office of General Eoin O'Duffy, as Commissioner of the Gárda Síochána. – Dáil Éireann (8th Dáil) – Tuesday, 14 Mar 1933 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-02-22.
  5. examinations.ie. "AN TEASTAS SÓISEARACH 2017". Dáta rochtana: 2019.[nasc briste go buan]