Federico Borrell García
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Eanáir 1912 Benilloba, An Spáinn |
Bás | 5 Meán Fómhair 1936 24 bliana d'aois Córdoba, An Spáinn |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Ainrialachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ainrialaí, sindeacáiteach ainrialach, mílísteoir ainrialach |
Ball de | |
Teangacha | An Spáinnis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | Cogadh Cathartha na Spáinne |
Ba poblachtánach Spáinneach é Federico Borrell García (3 Eanáir, 1912 – 5 Meán Fómhair, 1936). Throid sé ar son Dara Phoblacht na Spáinne i rith Cogadh Cathartha na Spáinne. Tá clú agus cáil air de bharr pictiúir cáiliúil Robert Capa The Falling Soldier.
Rugadh é i Benilloba, Alicante agus "Taino" leasainm a bhí aige. D'oibrigh sé i muileann in Alcoi agus bhunaigh sé brainse áitiúla den grúpa ainrialach Iberian Federation of Libertarian Youth (FIJL). Bhí sé mar bhall den mhílíste áitiúla, Columna Alcoyana, le tacaíocht a thabhairt do Phoblacht na Spáinne i gcoinne fórsaí Náisiúnacha Francisco Franco.
De réir foinsí airithe, ar maidin 5 Meán Fómhair, 1936, tháinig Borrell agus thart ar caoga fir eile go Cerro Muriano in Córdoba le tacaícht don mhílíste ansin faoi cheannas General José Varela. I rith an tráthnóna sin bhí Borrell ag cosaint baitire airtléire ag cúl chathláin choisithe Alcoi nuair a ionsaigh fórsaí naimhde iad. Buaileadh Borrell go marfach thart ar cúig a chlog in aice an cnoic, La Loma de las Malagueñas. De réir foinsí rialtas na Spáinne, ba é an t-aon saighdiúir den Columna Alcoyana a fuair bás ag troid ag Cerro Muriano an lá sin.
I mí Iúil 2009, foilsigh an nuachtán El Periódico torthaí staidéar a dúirt nach raibh an phictiúr fíor.