Francisco Largo Caballero

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Francisco Largo Caballero
Largo Caballero.jpeg
Dealbh chuimhneacháin - Maidrid

134ú Príomhaire na Spáinne
(66ú Presidente del Consejo de Ministros)
In oifig
4 Meán Fómhair 193617 Bealtaine 1937
Réamhtheachtaí: José Giral
Comharba: Juan Negrín

Dáta breithe 15 Deireadh Fómhair 1869
  Maidrid, An Spáinn
Dáta báis 23 Márta 1946
  Páras, An Fhrainc
Páirtí PSOE
Gairm Ceardaí, plástrálaí

Polaiteoir agus ceardchumannaí Spáinneach ab ea Francisco Largo Caballero (Deireadh Fómhair 186923 Márta 1946). Bhí sé an-tábhachtach i stair an Pháirtí Shoisialaigh (PSOE) agus an UGT.

Rugadh é in Maidrid sa bhliain 1869.

Ghlac sé páirt i stailc oibre sa bhliain 1890 agus bhí sé mar bhall de PSOE sa bhliain 1894. Tar éis bás Pablo Iglesias, bunaitheoir an pháirtí, sa bhliain 1925, toghadh é mar cheannaire ar an pháirtí agus an UGT.

Ag tús a shaoil pholaitiúil, ní raibh sé chomh radacach sin, ag iarraidh go n-oibreodh an cheardchumann leis an deachtóir Miguel Primo de Rivera chun fanacht mar eagraíocht dleathach.

Idir na bliana 1931 agus 1933 aire ab ea é ("Caidreamh Lucht Oibre") sa chéad rialtas sa Dara Phoblacht, faoi cheannas Niceto Alcalá-Zamora, agus i rialtas Manuel Azaña.

Sna toghcháin 19 Samhain 1933, tháinig an eite dheis i gcumhacht (CEDA). Leis sin thosaigh Largo ag labhairt faoi "réabhlóid sóisialach", agus bhí sé mar cheannaire ar an eite chlé (Marxach agus réabhlóideach).

Lorg sé comhoibriú níos dlúithe leis an Confederación Nacional del Trabajo (CNT).

Nuair a bhuaigh an Fronta Pobail na toghcháin i mí Feabhra 1936, d'iarr an t-uachtarán Manuel Azaña ar Prieto (ball de PSOE) bheith sa rialtas. Ach chuir Largo stop leis an gcomhoibriú seo idir an rialtas phoblachta agus an PSOE. Cheap Largo dá mbeadh coup faoi chúram an eite dheis, go gcuirfeadh stailc ginearálta stop leis agus go mbeadh réabhlóid an Lucht oibriú dá bharr.

Tharla coup d'état i Melilla ar an 17 Iúil 1936, agus thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne.

Ar an 4 Meán Fómhair 1936, ceapadh Largo mar 134ú príomh-aire na Spáinne agus aire Cogaidh.

Nuair a chaill an Phoblacht sa bhliain 1939, theith Largo go dtí an Fhrainc. Gabh na Gearmánaigh é i rith an Dara Cogadh Domhanda agus chaith sé an cogadh i sluachampa géibhinn Naitsíoch. Fuair sé bás i bPáras sa bhliain 1946. cuireadh é i Maidrid sa bhliain 1978.