Jump to content

Unión General de Trabajadores

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó UGT)
Bosca Sonraí EagraíochtaUnión General de Trabajadores
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrUGT Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálceardchumann Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtacomhionnanas sóisialta Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh12 Lúnasa 1888, Teatre de Jovellanos (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháinan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deEuropean Trade Union Confederation (en) Aistrigh
International Trade Union Confederation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ArdrúnaíJosé María Álvarez Suárez Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinugt.es Cuir in eagar ar Wikidata

X: UGT_Comunica Instagram: ugt_confederal Telegram: ugt_es Cuir in eagar ar Wikidata
Agóideoirí ón UGT (Maidrid - 2008)

Ceann de phríomh-cheardchumainn na Spáinne is ea Unión General de Trabajadores (UGT, Ceardchumann ilsaothair Oibrithe), cleamhnaithe go stairiúil le Páirtí na nOibrithe Sóisialacha Spáinneacha (PSOE).

Bhunaigh Pablo Iglesias Posse (r. Ferrol 1850 – b. Maidrid 1925) an UGT ar an 12 Lúnasa 1888 in Mataró (Barcelona), faoi anáil smaointe Marxacha agus sóisialachais. Ní raibh an streachailt aicmeach mar bunphrionsabal ina chuid gníomhaíochtaí go dtí an naoú comhdháil déag. Cé nach raibh aon aontú foirmeálta ag an UGT leis an PSOE, tá nasc eatarthu ó bhunú an cheardchumainn.

I rith an Chéad Chogadh Domhanda, bhí gaol láidir idir an UGT agus an Confederación Nacional del Trabajo (CNT, Cónaidhm Náisiúnta Lucht Oibre). Tháinig deireadh tobann leis an ré seo le ré nua an deachtóra Miguel Primo de Rivera, a thug monaplacht dhlíthiúil don cheardchumann urraithe ag an rialtas. Cé gur easaontaigh an UGT leis an deachtóireacht, bhí siad sásta comhoibriú le stádas dlíthiúil a choimeád. Tháinig radacú orthu i rith tréimhse Dara Poblacht na Spáinne faoi thionchar Francisco Largo Caballero. D'eagraigh siad an stailc ghinearálta sa bhliain 1934 de bharr teacht i gcumhacht na heite deise. Bhí thart ar mhilliún ball aige faoin am seo. Chuir an Cogadh Cathartha le fadhbanna inmheánach an cheardchumainn, agus d'fhág Largo Caballero sa bhliain 1937.

Dhíbir Francisco Franco an ceardchumann i ndiaidh an Chogaidh Chathartha, agus bhí ar an UGT dul faoi thalamh. I ndiaidh a bháis (1975), tháinig siad chun tosaigh arís agus sa lá atá inniu ann tá siad ar cheann de na príomh-cheardchumainn sa tír ó thaobh ionadaíocht an lucht oibre.

Féach Freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]