Federico García Lorca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Federico García Lorca sa bhliain 1914.

File agus drámadóir de chuid na Spáinne ba ea Federico Garcia Lorca (5 Meitheamh, 189819 Lúnasa, 1936). Rugadh é i Fuente Vaqueros, ar bhruach an Genil, cúpla míle ó Granada. Feirmeoir láidir ba ea a athair, agus bhíodh a mháthair ina múinteoir scoile sular phós sí.

Tús a shaoil[athraigh | edit source]

Rinne Lorca staidéar ar an dlí in Ollscoil Ghranada, ach d'imigh sé leis go Maidrid ina dhiaidh sin. Ceoltóir den scoth a bhí ann chomh maith, agus bhí sé an-chairdiúil le healaíontóirí cáiliúla i Maidrid, Juan Ramón Jimenez, Pablo Neruda, Salvador Dalí agus Luis Buñuel ina measc. Meastar go raibh sé i ngrá le Dalí.

Dealbh i Maidrid - Federico Garcia Lorca

Foilsíodh céad leabhar Lorca i 1918, leabhar taisteal dár teideal Impresiones Y Paisajes, agus i 1921, foilsíodh Libro de Poemas, dánta i bhfoirm fabhalscéalta. Ghnóthaigh Lorca a chéim sa dlí i 1923 agus chuir sin deireadh lena thréimhse ollscoile.

Fuair sé an-spreagadh as féile ceol traidisiúnta Fiesta de Cante Jondo i 1922, agus bhunaigh sé go leor dá shaothar ar cheol na ngiofóg as sin i leith. Ba é an file ba cháiliúla in Andalucia é mar gheall ar shaothair ar nós Poema del Cante Jondo (1931), agus Primer Romancero Gitano (1927). Bhí an-cháil ar a dhráma Marina Pineda, dráma rómánsúil stairiúil.

An File i Nua Eabhrac[athraigh | edit source]

Thug Lorca cuairt ar Nua Eabhrac i 1929 agus chónaigh sé ar champas Ollscoil Columbia. Ní raibh Béarla ar bith aige agus bhí lionndubh air go minic sa chathair aduain, ach bhí an-mheas aige ar dhrámaíocht nua na Meiriceánach. Thug sé cuairt ghear ar Chúba agus tháinig abhaile chun na Spáinne i 1931. Cháin sé cathair a shíl sé a bheith scanrúil agus truaillithe go fisiciúil agus go sprioradálta i gcnuasach dánta nár foilsíodh go dtí 1940, Poeta en Nueva York, tar éis a bháis.

La Barraca[athraigh | edit source]

Chuir sé cumann drámaíochta taistil, La Barraca, ar bun nuair a bhí sé ar ais sa bhaile, agus léiríodh a chuid drámaí ar fud chúigí na Spáinne.

I measc na ndrámaí ba cháiliúla dá chuid tá Boda de Sangre (Bainis Fola), a léiríodh den chéad uair i 1933, dráma atá cosúil le tragóid Ghréagach. Léiríodh Yerma i 1934, dráma faoi phósadh gan chlann, agus díreach sular maraíodh Lorca, cuireadh La Casa de Bernarda Alba ar an ardán den chéad uair, dráma faoi mháthair thiarnúil agus a clann iníonacha ina gcuireann an bhean is óige lámh ina bás féin mar gheall ar a leannán a bheith geallta leis an iníon is sine.

Bhí grá, éad, paisean agus bás tobann ina dtéarmaí lárnacha i ndrámaí Lorca, agus b'amhlaidh a bhí a shaol féin. Mar gheall ar a shaol pearsanta mar dhrámadóir homaighnéasach, agus a dhearcadh polaitiúil, bhí an eite dheis an-naimhdeach dó. Chuaigh sé ar a choimeád nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne ach tháinig saighdiúirí an Falange air i mí Lúnasa 1936 agus daoradh chun báis é gan triail. Cuireadh é in uaigh a thochail sé féin.