Baile mór agus bardas (Spáinnis:Municipio) is ea Fuente Vaqueros ( De ghnáth tugann muintir an cheantair La Fuente uirthi), atá suite in iarthar an réigiúin Vega de Granada, i gcúige Granada, 'comunidad autónoma' nó 'comhphobail fhéinrialaitheacha' na hAndalúise. Tá teorannacha aici leis na bardais Santa Fe, Chauchina, Cijuela, Láchar agus Pinos Puente, cé nach bhfuil ach stráice cúng talún amháin, de 100 méadar ar fad, a scarann í ar an teorainn idirPéine agus Valderrubio.[1] Ceantair, eile in aice láimhe is ea Romilla, Alitaje, Zujaira agus Casanueva. Sreabhann an abhainn an Río Genil, atá in chuid dá limistéar bardasach, áit ina díluchtaíonn an abhainn, an Río Cubillas isteach uirthi, in aice le lár an bhardais Láchar. Is ceann í de na caoga is a dó haonáin a chuimsíonn an 'Limistéir Uirbeach Granada' (Spáinnis:Área Metropolitana de Granada.).