Gernika
Gernika | |||||
---|---|---|---|---|---|
Gernika-Lumo (eu) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach de chuid na Spáinne | Tír na mBascach Theas | ||||
Cúige de chuid na Spáinne | An Bhioscáin | ||||
Comarcas of Biscay (en) | Busturialdea (en) | ||||
Príomhchathair | Gernika-Lumo | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 17,050 (2023) | ||||
• Dlús | 1,982.56 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Bhascais (teanga cheannasach) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Intercommunalité des services sociaux de Busturialdea (fr) | ||||
Achar dromchla | 8.6 km² | ||||
Airde | 10 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1366 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Guernica y Lumo | José María Gorroño Echebarrieta | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 48300 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 94 | ||||
INE municipality code (en) | 48046 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gernika-lumo.net… |
Is cathair bheag í Gernika (Bascais) nó Guernica as Spáinnis i dTír na mBascach i dtuaisceart na Spáinne. Tugtar Gernika-Lumo go hoifigiúil ar an gcathair mar gheall ar aontas le baile Lumo.
Tá an chathair lonnaithe i gcúige Bizkaia (Bascais) nó Vizcaya (Spáinnis). Suíonn Junta nó parlaimint Bizkaia ann. Tá dlúthbhaint idir an chathair, príomhchathair ársa Thír na mBascach, agus náisiúnachas na mBascach mar bhailíodh Comhthionóil traidisiúnta Bizkaia ann faoi dhair, an Gernikako Arbola.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taobh amuigh den Spáinn tá cáil ar an gcathair mar gheall ar an bpictiúr a pheinteáil Pablo Picasso i 1937 den aerbhuamáil an Léigiúin Condor den Luftwaffe ar an gcathair le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.
Scriosadh trí cheathrú den bhaile agus maraíodh na céadta (ar a laghad) ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937.[2] Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Liz Curtis (Sam 2005). "Tionscadal a thugann daoine ón dá thraidisiún le chéile" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-26.
- ↑ Ciara Nic Gabhann (EAGRÁN 73 · BEALTAINE 2007). "Buamáil Gernika: eachtra uafásach a spreag ealaíontóir chun gnímh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-26.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh Oifigiúil Curtha i gcartlann 2005-08-01 ar an Wayback Machine i mBéarla, Bascais agus Spáinnis
- Íomhá Guernica, pictiúr Phicasso Curtha i gcartlann 2006-11-16 ar an Wayback Machine