Faisisteachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Faisist)
fasces na Sean-Róimhe, siombail chumhacht duce na hIodáile, Benito Mussolini

Idé-eolaíocht a d'fhás san Eoraip sa tréimhse idir na cogaí domhanda (1919-39) is ea an Faisisteachas. Tá na ceannairí Faisisteacha i gcoinne an Daonlathais, an Liobrálachais agus an Chumannachais. Bhí siad de ghnáth frith-Sheimíteach chomh maith sna 1930idí.

2017ː agóid in aghaidh Donald Trump

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leag na riailréimeanna Faisisteacha go léir béim ar leith ar an Náisiúnachas agus ar ollchumhacht an stáit. Spreagadh an pobal chun a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe leis an stát.

Bhí deachtóir carasmatach i gceannas ar gach stát agus tacaíocht aige ó pháirtí polaitíochta amháin, ar nós na Naitsíthe sa Ghearmáin. Thóg siad a riailréim trí mheascán de bholscaireacht agus de sceimhle.

Cuireadh toirmeasc go hiondúil ar pháirtithe an fhreasúra, ar cheardchumainn agus ar thoghcháin shaora.

Ó thaobh an gheilleagair de, lean na Faisistithe prionsabal an 'náisiúnachais eacnamaíoch". Chosnaítí an geilleagar trí chánacha a chur ar iompórtálacha, agus dhéantaí tréaniarracht táirgí a sholáthar sa tír féin. Níl an Faisisteachas i gcoinne úinéireacht ar shealúchas príobháideach ná ar ghnólacht, a fhad is atá sí ag cur le leas an stáit. Tugtar an difríocht seo mar difríocht mhór idir an Cumannachas, faoina bhfuil gach rud leis an stát, agus an Faisisteachas.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann an focal ón ghluaiseacht a chuir Benito Mussolini chun cinn san Iodáil ó 1919 (nó 1921/1922) ar aghaidh. Ba iad na fasces siombail d’údarás sa tSean-Róimh.

Ach tá ciall níos leithne ag an bhfocal, a thagraíonn do na páirtithe polaitíochta ina lán de thíortha na hEorpa a lean idé-eolaíocht a bhí cosúil leis an idé-eolaíocht a chuir Mussolini agus Adolf Hitler chun cinn, cé go raibh difríochtaí áirithe eatarthu.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an Faisisteachas chun cinn mar thoradh ar dhroch-choinníollacha eacnamaíocha agus sóisialta ina lán de thíortha na hEorpa sa tréimhse tar éis an Chéad Chogadh Domhanda.

Bhunaigh Mussolini an Fasci Italiani di Combattimento[1] ar an 23 Márta  1919,.a d'éirigh an Páirtí Náisiúnta na bhFaisisteach sa bhliain 1921.

Bratach Léinte Gorma na hÉireann.

An Faisisteachas in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraíocht pholaitiúil Éireannach den eite dheis sna 1930í ab ea An Garda Náisiúnta (National Guard) nó mar is iondúil Na Léinte Gorma (nó "na Léinteacha Gorma"). Ba é Cumann Chomrádaithe an Airm (Army Comrades Assocation as Béarla) ainm oifigiúil na heagraíochta. Athraíodh an t-ainm níos déanaí go An Garda Náisiúnta.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Fasci Italiani di Combattimento" (as en) (2020-01-04). Wikipedia.