Jump to content

James Daly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJames Daly
Beathaisnéis
Breith1899
Béal Átha Mó Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Samhain 1920
20/21 bliana d'aois
Dagshai Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceannairceach Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine


Find a Grave: 4126 Cuir in eagar ar Wikidata
leacht cuimhneacháin i nGlas Naíon

Saighdiúir singil sna Connaught Rangers ab ea James Daly (24 Nollaig 18992 Samhain 1920), as Bealach an Tirialaigh i gContae na hIarmhí.[1] Cuireadh Daly chun báis (lámhachadh é) mar gheall ar an pháirt a ghlac sé i gceannairc na Connaught Rangers san India sa bhliain 1920.

Ar 27 Meitheamh 1920, i Jullundur i bPuinseáb, tháinig dream saighdiuirí óna Connaught Rangers le chéile agus chinneadar ar agóid a dhéanamh i gcoinne eachtraí rialtas Shasana in Éirinn. Míshástacht lena gcás féin (bhí a gcuid dálaí maireachtála go hainnis) agus nuacht chorraitheach as Éirinn (ionsaithe na nDúchrónach go háirithe) a d’fhág gur dhiúltaigh roinnt mhaith Rangers déanamh de réir orduithe, gur chaith siad suaitheantais Sinn Féin agus gur chuir siad bratach na hÉireann ar foluain.[2]

fáinne Connaught Rangers

Chuir na saighdiúirí i Jullundur teachtairí le scéala chun na Rangers i Jutogh agus Solon (i Himachal Pradesh) ag iarraidh orthu cabhrú leo. Níor thug an dream i Jutogh aon aird orthu. Ach i measc na bhfear sa bheairic i Solon, bhí James Daly. Bhí cúrsaí in Éirinn ag cur isteach air freisin. Shocraigh James agus a chomrádaithe ar agóid a dhéanamh láithreach agus chuadar ar stailc.[3]

Níor mhair an cheannairc i bhfad ámh. D’ionsaíodar an áit a raibh siad agus scaoil na hoifigigh fúthu. Maraíodh beirt de na Rangers, Patrick Smythe agus Peter Sears.[4] Faoi cheann trí lá tháinig dreamanna saighdiúirí dílse agus ghabhadar na hagóideoirí ar fad. D’adhmhaigh Daly gurbh é a bhí i gceannas i Solon -"If you want to know who the leader is, I am — James Daly, number 35025 of Tyrellspass, Co. Westmeath." Níor shéan sé riamh go ndúirt sé é.

Ciontaíodh 61 de na Rangers i bpáirt a ghlacadh in aighneas agus daoradh 14 acu chun báis; níor tharla ach aon duine amháin, Daly, a chur chun báis i nDagshai, Himachal Pradesh. Gearradh tréimhsí fada príosúnachta ar an gcuid eile.

fáinne Connaught Rangers

Tá Daly curtha inniu i gContae na hIarmhí. I 1970 tugadh corp James Daly agus coirp na beirte a maraíodh san ionsaí abhaile. Cuireadh James i mBealach an Tirialaigh agus an bheirt eile i nGlas Naíon. Labhair Joseph Hawes ag uaigh an Dálaigh an lá san. Ag trácht ar Daly dúirt sé gurbh é an fear ba chróga é a sheas riamh ós comhair scuad lámhaigh.Tá leacht cuimhneacháin le fáil i nGlas Naíon.[5][6][7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Ronan McGreevy. "Connaught Rangers mutiny: a far-away conflict brought home in new archive" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  2. "Na Connaught Rangers" (en). Gaillimh: Deich mBliana na gCuimhneachán. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  3. "The Connaught Rangers Mutiny India, July 1920". History Ireland (2013-02-04). Dáta rochtana: 2020-11-03.
  4. Barra Ó Donnabháin (2011-02-16). "Macallai James Daly uimhir a 35025". Irish Echo. Dáta rochtana: 2020-11-03.
  5. "James Joseph Daly (1899-1920) - Find A Grave..." (en). www.findagrave.com. Dáta rochtana: 2020-11-03.
  6. "The second funeral of James Daly, Connaught Rangers’ mutineer, 1 November 1970" (en). Royal Irish Academy (2020-06-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-02. Dáta rochtana: 2020-11-03.
  7. Dúchas.ie. "James Daly" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2020-11-03.[nasc briste go buan]