John Philpot Curran

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Philpot Curran

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Iúil 1750
Áth Trasna Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Deireadh Fómhair 1817
67 bliana d'aois
Brompton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon (1837–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball Parlaiminte i bParlaimint na hÉireann
Ball de Ríchomhairle na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaineolaí dlí, file, polaiteoir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na dTírghráthóirí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileSarah Creagh (1774–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAmelia Curran, James Curran, John Bartholomew Curran, William Henry Curran, John Philpot Curran, Gertrude Sarah Curran, Emily Curran, Eliza Odella Curran, Sarah Curran, Richard Creagh Curran, Henry Grattan Curran Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJames Curran  agus Sarah Philpot

Find a Grave: 11262271 Cuir in eagar ar Wikidata

Abhcóide, óráidí, polaiteoir agus breitheamh Éireannach ab ea John Philpot Curran (24 Iúil 175014 Deireadh Fómhair 1817).[1]

1879

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

1799, le Thomas Lawrence (Gailearaí Náisiúnta)[2]

Tar éis a chuid staidéir i gColáiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, Cumann Onórach Óstaí an Rí agus Cumann Onórach an Teampaill Láir glaodh Curran chun Bharra na hÉireann sa bhliain 1775.[3]

I ndiaidh dó stad sa chaint a shárú, bhain sé clú agus cáil amach go tapa mar dhuine de na príomh-abhcóidí lena linn. Sa pholatíocht, bhí sé i bhfabhar Fhuascailt na gCaitliceach agus leathnú ar an gceart vótála. Bhí sé go láidir i gcoinne Acht an Aontais.

Bhí sé ina bhall de Theach Teachtaí na hÉireann ó 1783 go 1798 agus ó 1800 go 1801. Ar dtús bhí sé báúil le cuspóirí na nÉireannach Aontaithe (agus chosain sé roinnt ceannairí den chumann sin i gcúirt, Wolfe Tone, An Tiarna Edward Fitzgerald agus Napper Tandy san áireamh).

le John Comerford, 1809

Mar sin féin, bhí níos mó agus níos mó díomá air faoin ngluaiseacht mar gheall ar a bhfaca sé i bhFrainc na Réabhlóide agus toisc gur dúnmharaíodh cara leis, An Tiarna Príomh-Bhreitheamh Coill Bhairnín, i rith Éirí Amach Emmet sa bhliain 1803.

Bhí sé ina Mháistir ar na Rollaí in Éirinn ó 1806 go 1814. Bhog sé go Londain nuair a d'éirigh sé as sa bhliain 1814. Fuair sé bás thall ansin trí bliana dár gcionn i 1817.[3]

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maireann an cháil atá air mar óráidí, go mór mór i SAM, tír inar minic a gcloistear a dheacht (nó leagan éigin de) "Is é an t-airdeall síoraí an coinníoll ar ar thug Dia saoirse don chine daonna" (a díríodh ar an gcéad dul síos ar Bhardas Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1790.) Bhí An Tiarna Byron agus Karl Marx i measc na ndaoine a raibh meas acu air.[1][3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Patrick Gageby (5 Nollaig 2017). "The spirit of the law – An Irishman’s Diary on pioneering barrister John Philpot Curran" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-10-12.
  2. "Portrait of John Philpot Curran (1750-1817), Orator and Statesman" (en). onlinecollection.nationalgallery.ie. Dáta rochtana: 2022-10-12.
  3. 3.0 3.1 3.2 Scoil Dlí, COBÁC (Iúil 2022). "John Philpot Curran". Dáta rochtana: DF 2022.