Seán Ó Mathúna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Ó Mathúna
JohnO'Mahony1867 (cropped).jpg
Saol
Eolas breitheLoch an Eanaigh agus Coill Bheithne, 1815, 12 Eanáir 1815
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásNua-Eabhrac, 7 Feabhra 1877, 6 Feabhra 1877
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon
Oideachas
Teangachaan Béarla
an Ghaeilge
Gairm
Gairmréabhlóidí
BallraíochtBráithreachas na Poblachta

Ba náisiúnaí Éireannach é Seán Ó Mathúna (1815 - 1877) nó John O'Mahony as Béarla, a bhí i measc na daoine a bhunaigh Bráithreachas na Poblachta. Rugadh i Loch an Eanaigh, Coill Bheithne, Contae Luimnigh é sa bhliain 1816. Ba bhaill de Chumann na nÉireannach Aontaithe iad a athair agus a uncail agus ghlacadar páirt in Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe sa bhliain 1798.

Rinne Ó Mathúna staidéar ar Sanscrait, Eabhrais agus Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, cé go raibh cosc i bhfeidhm ar Chaitlicigh a fhreastal ann ag an am.

Bhí sé gníomhach sa ghluaiseacht a bhí ag obair i gcoinne an aontais leis an Bhreatain, faoi cheannas Dhónaill Uí Chonaill. Thosaigh sé ag éirí tuirseach leis, áfach, mar gheall ar an easpa dul chun cinn a bhí ann. Mar thoradh, chuaigh sé isteach sna hÉireannaigh Óga agus bhí ról aige san éirí amach mírathúil a bhí acu sa bhliain 1848. D'fhág sé an tír ansin, agus chaith sé tamall sa Fhrainc sular bhog sé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1854.

I Meiriceá, chuir seisean agus cúpla duine eile tús le Bráithreachas na bhFíníní, craobh Mheiriceánach de Bhráithreachas na Poblachta. Ba dhuine iomráiteach é leis na Gael-Mheiriceánaigh, agus dá bharr sin rinneadh coirnéal de sa 69ú Reisimint Airm an Aontais a throid i gCogadh Cathartha SAM. Bhí sé gníomhach freisin sna ruathair a rinne na Fíníní ar Cheanada sa bhliain 1866, agus Éirí Amach na bhFíníní ar ais in Éirinn sa bhliain 1867.

Cailleadh Ó Mathúna sa bhliain 1877. Tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Ainmníodh páirc imeartha CLG Gaeil Ghailtí i gCoill Bheithne ina onóir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]