Francis Browne
Francis Browne | |||
---|---|---|---|
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Corcaigh, Eanáir 3, 1880 | ||
Náisiúntacht | Éire | ||
Bás | Baile Átha Cliath, Iúil 7, 1960 | ||
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon | ||
Oideachas | |||
Alma mater |
Ollscoil Ríoga na hÉireann Coláiste Chaisleán Cnucha Milltown Institute of Theology and Philosophy (en) ![]() Ollscoil na hÉireann | ||
Teangacha | An Béarla | ||
Gairm | |||
Gairm | grianghrafadóir agus sagart Caitliceach | ||
Duais |
liosta iomláin
| ||
Seirbhís mhíleata | |||
Brainse míleata | Arm na Breataine | ||
Throid sé/sí ag | An Chéad Chogadh Domhanda | ||
Creideamh | |||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||
Ord | Cumann Íosa |
Ba shagart Íosánach é Francis Browne (3 Eanáir 1880 - 7 Iúil 1960) agus an grianghrafadóir a thóg na fótagraif deireanacha ar bord na loinge, an RMS Titanic.
Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mac léinn Íosánach ba ea Francis Browne sa bhliain 2012.. Thug a uncail, Easpag Chluana, ceamara dó mar bhronntanas.
Chuaigh sé ar bord an Titanic i mí Aibreáin 1912 i Southhampton agus tháinig sé i dtír, ar an dea-uair, i gCóbh. Nuair a chuaigh an Titanic go tóin poill, dhíol Browne a chuid grianghraf agus bhí siad sna nuachtáin ar fud an domhain.[1]
Tar éis a oirnithe i 1915, bhí Browne mar sheiplíneach leis na Irish Guards sa Fhrainc.
Cuireadh chun na hAstráile é ar feadh dhá bhliain. Chaith sé an chuid eile dá shaol ag cur cúrsaí spioradálta ar siúl ar fud na hÉireann agus Shasana.
Tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon.
Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Lean Browne leis ag grianghrafadóireacht agus d’fhág sé bailiúchán de 42,000 claonchló, agus nótaí leo, ina dhiaidh. Thángthas orthu i gcartlann Íosánach i 1985, cúig bliana tar éis a bháis. Glacadh 35,000 acu in Éirinn, 4,800 acu siud i mBaile Átha Cliath, agus an chuid eile thar sáile. Tá an bailiúchán cáiliúil seo á chaomhnú anois mar oidhreacht náisiúnta.
Féach Father Browne’s Ireland (1989) agus Father Browne’s Dublin (1993).
Íomhanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Ar an lá seo, 1960: Bás Francis Browne, grianghrafadóir ar an Titanic" (ga). An tUltach (2010-07-07). Dáta rochtana: 2022-03-06.