Kevin Barry
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Eanáir 1902 Baile Átha Cliath |
Bás | 1 Samhain 1920 18 bliana d'aois Príosún Mhuinseo |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh) |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon (2001–) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Áit chónaithe | Contae Bhaile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | medical student (en) , imreoir rugbaí |
Ball de | |
Spórt | rugbaí |
Ábhar dochtúra as Éirinn ba ea Kevin Gerard Barry (Gaeilge: Caoimhín de Barra; 20 Eanáir 1902 - 1 Samhain 1920) arbh é an chéad duine a chuir fórsaí na Breataine chun báis tar éis cheannairí Éirí Amach na Cásca,[1][2] mar gheall ar an ról a bhí aige in ionsaí ar an 20 Meán Fómhair 1920 inar maraíodh triúr saighdiúirí Briotanacha.[3]
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh sé ar scoil i scoil Naomh Muire, Rath Maonais agus ansin Coláiste Belvedere i mBÁC, agus fear rugbaí lena chois a bhí ann. D'éirigh leis scoláireacht ollscoile a bhaint amach. Bhí sé ag gabháil don leigheas i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1920, a bhí lonnaithe ar Ardán Phort an Iarla an tráth úd.
Bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]Daoradh chun báis Barry de bharr go raibh lámh aige in inlíocht de chuid Óglaigh na hÉireann a raibh triúr de shaighdiúirí na Breataine Móire maraithe ann (ionsaí ar an 20 Meán Fómhair 1920).[4]
Tar éis dó foghlaim faoin bpianbhreith báis i bPríosún Mhuinseo, scríobh sé litir chuig cara leis; chuir sé in iúl a “sad grá from me to all the girls in UCD”[5].
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig a bhás seachtain i ndiaidh bhás Thraolaigh Mhic Shuibhne (a bhí ar stailc ocrais). Mar sin, tharraing an dá bhás aird ar chúis na bPoblachtánach.
Cumadh amhrán dar teideal Kevin Barry a ríomhann eachtraí an fhir óig.
Ainmníodh Cumann Fhianna Fáil i UCD as (KBC nó Kevin Barry Cumann a thugtar air).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Séan McConville (2005). Irish Political Prisoners, 1848 – 1922: Theatres of War. London: Routledge. ISBN 0-415-37866-4.
- ↑ Pádaí de Bléine (2020-10-28). "Scéal duine de na daoine ab óige a crochadh le linn Chogadh na Saoirse" (ga). The Irish News. Dáta rochtana: 2022-03-14.
- ↑ admin (2012-06-11). "Kevin Barry" (en-US). The Irish War. Dáta rochtana: 2020-11-01.
- ↑ Liz Curtis (1995). The Cause of Ireland: From the United Irishmen to Partition. Belfast: Beyond the Pale Publications. ISBN 0-9514229-6-0.
- ↑ COBÁC (2016). "Decade of Centenaries". Dáta rochtana: 2020.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |