Jump to content

Immacallam in dá Thuarad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sampla de chomhrá Ollaimh is ea Imagallamh an Dá Saoi (Sean-Ghaeilge Immacallam in Dá Thúarad), caomhnaithe sa Leabhar Laighneach den dara haois déag.[1][2]

Tar éis d'Adhna, Ollamh rí na Uladh, Conchúr mac Neasa, bás d'fháil, bronnadh a theideal ar Ferchertne mac Cairbre, is amhlaidh File, fear ard-ealaíona agus taithí. Chuala Neidhe mac Adnae, a bhí thar lear san Albain faoi teagasc Eochadha Eachbhéil, scéala bás a athar ar na dtonnta, agus é ag siúl ar na trá.

"Lá amháin, chuaigh an t-ógánach sall go bruach na farraige - creideann filí i gcónaí gur áit fhoilsithe é bruach an uisce. Chuala sé glór marab ionann chaoineadh bróin, a raibh cuma ait aige, dar leis. Chuir sé ortha ar an uisce go nochtfadh sé cúis an bhróin dó. Agus d'inis na tonnta dó gurbh ar son a athar mhairbh ba ea an caoineadh, agus go raibh fallaing an fhile tugtha d'Fherchertne, a bhí ina ollamh anois ina ionad."[1][3]

Chuaigh sé ar ais go dtí Eamhain Mhacha, ag iompar craobh airgid thar a chionn, mar na cheart do ina Ánradh, nó fine den dara rang, (bhíodh craobh oighre ag na hOllaimhs agus craobh cré umha ag ní filí uile eile."[1][3][4]

Agus é fillte abhaile, bhuail sé leis an rógaire Bricre, a thug do Neidhe an ollamhacht mar cúiteamh i mbronntanas luachmhar (ionar corcra, le maisiú óir agus airgid), agus dúirt sé leis suíochán an ollaimh a ghlacadh. Ar Bricriu ansin ámh: "ní thugtar ollamhacht Eamhna Mhacha do bhuachaill gan féasóg", óir nach raibh Neidhe fós ach gasúr. Mar sin, tharraing Neidhe lán glaice féir, agus chuir sé draíocht air gur éirigh sé mar fheadóg ar a aghaidh. Ansin, shuigh sé i gcathaoir an ollaimh agus tharraing sé a fhallaing thart timpeall air. Trí dhath a bhí ann san fhallaing: clúdach cleití geala éan sa lár; breacadh findruine ar bhun; agus dath lonrach óir ar bharr.

D'inis Bricre ansin d'Fherchertne, "Mo bhrón thú, a Fherchertne", ar sé "go gcaillfeá an ollamhacht inniu! Tá an ollamhacht tógtha ag fear uasal óg i n-Eamhain." Tháinig Ferchertne ar buille chun aghaidh a thabhairt ar Neidhe, agus le sin thosaigh an comhrá.

Ní hansa!.. mar a deirtear go minic san agallamh.

D'éiligh an bheirt filid, Néide agus Ferchertne (ard-fhile an rí Cú Raoi), teideal an Ollaimh tar éis bhás an iar-sealbhóra. Sa rí-thigh, chuadar in iomaíocht sa dorchadas ag caint as iarbhéarla na Sean-Ghaeilge (íarmbérla[5]). Bhíodh cúig chéim ann i mbéarla na bhfilí, inar leagadh síos Dunkelheitsgrad agus meadarachta grádaithe (féach freisin Auraicept na n-Éces).[6] Chuir agus d'fhreagair siad tomhais faoina sleachta agus a saoil. Ar deireach, thug Néide tuar an todhchaí mar Ré Órga ratha agus maoine. Thug Ferchertne os a choinne sin fís Ré Sceimhle, le tuar ruathair Lochlannach agus filleadh an Ainchríost, agus a thiocfadh chun deiridh ach leis an Apacailipsis. Dá bharr, chuaigh Néide ar a ghlúine roimhe agus mhol se é mar Ollamh nua na hÉireann.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 "The Colloquy of the Two Sages", eag. agus aistr. le Whitley Stokes. Revue celtique, iml. 26, ll. 4-64. Paris: Librairie Emile Bouillon, 1905.
  2. Among the early ecclesiastical manuscripts of the so-called Prophecies. Féach Eugene O'Curry Léachtaí, lch. 383, ar sacred-texts.com
  3. 3.0 3.1 Encyclopedia of Celtic Wisdom, Caitlin and John Matthews, Rockport MA,1994, Element Books Inc., ll.203-215.
  4. cf. Eleanor Hull, op. cit., ll. 439-40.
  5. íarmbélre, íarmbérla, iarbhéarla, béarla/teanga ársa, ar eDIL
  6. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. lch. 937.