Neidhe
Cineál | carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | filid |
Muintir | |
Athair | Adnae mac Uthidir |
Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, filid iontach ab ea Neidhe (Sean-Ghaeilge Nédé) mac Adhna. Instear a scéal in dhá sraith na scéalaíochta.
Seanscéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí aighneas idir Neidhe agus an draoi Ferchertne mac Cairbre agus iad beirt ag éileamh ollamhacht chúige Uladh, i mbun comhrá eolaíoch. Is bunúsach é an téacs seo i dtuiscint na gCeilteach ársa.
Ina dhiaidh seo, ámh, d'éirigh sé ina dhraoi corbach truaillith, amhail is Aithirne Ailgheasach. Rinne sé adhaltranas bean chéile a uncal, Caier rí na gConnacht, agus chur ag coróin é. Ansin, d'éiligh sé claíomh draíochta uaidh nárbh fhéidir leis an iar-rí a fháil dó. D'aithris Neidhe dá bharr glámh dícheann i gcoinne Chaier a chuir trí míghnaoi (náire, bricíní agus gránnacht) ar a aghaidh agus a bhí cúis a bhás sóisialta.
Maraíodh Neidhe nuair a phléasc carraig ag Dún Cermnai, áit a raibh a uncail i bhfolach ann. Bhí trí choir an draoi déanta aige: adhaltranas le banríon, forghabháil rí agus aoir mhaslach (le glámh dícheann).
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Christian-J. Guyonvarc’h, Le Dialogue des deux sages, Bibliothèque scientifique Payot, Paris, 1999, ISBN 2-228-89214-9