Jump to content

Senchas Már

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Seanchas Mór)

Is cnuasach dréachtaí dlí Gaelach é an Seanchas Mór (Sean-Ghaeilge Senchas Már). Is é an cnuasach is mó dá leithéid atá ar marthain. Cuireadh le chéile é áit éigin i lár-thuaisceart na tíre.[1] Faightear ann ar a laghad 47 dréacht ar leith, tiomsaithe le chéile am éigin san 8ú haois, cé go bhfuil dátaí éagsúla ag na dréachtaí féin. Is léir gur scríobhadh na dréachtaí ag údair éagsúla, cé go moltar gur scríobh údair áirithe níos mó ná ceann amháin.[2]

Tá an-chuid gluaise agus léargais le fáil i lámhscríbhinní níos deireanaí maidir leis an Seanchas Mór. Tá lena cois sin gluais Sean-Ghaeilge air, ar cheann de bheagán dá leithéid atá ar marthain. Is amhlaidh go ndearnadh na gluaiseanna úd sa Mumhain.[3]

Tá an téacs eagraithe ina thrianta, agus tá roinnt dlíthe eagraithe ina dtréanna. Tá sé mollta ag Neil McLeod go bhfuil roinnt dlíthe eagraithe ina sé, agus meastar go bhfuil naisc áraithe eatarthu.[4]

Deir an réamhrá gur scríobhadh an seanchas ag coiste naonúir ceaptha ag Naomh Pádraig chun an Féineachas a athchóiriú. Bhí ann mar bhall triúr ríthe, triúr easpag agus triúr ollúna litríochta, filíochta agus dlí, ina measc, an t-ollamh Éireann, Dubthach maccu Lugair. Bhí air féin réamhrá stairiúil a scríobh, agus deir sé gur glacadh:[5]

...all the judgments of true nature which the Holy Ghost had spoken from the first occupation of this island down to the reception of the faith. What did not clash with the word of God in the written law and in the New Testament and with the consciences of believers was confirmed in the laws of the brehons by Patrick and by the ecclesiastics and chieftains of Ireland. Is é seo an Seanchas Mór."

Réamhrá Leath-stairiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá réamhrá bunaidh sa Seanchas Mór, ach cuireadh an Réamhrá Leath-stairiúil leis níos deireanaí chun an cúlra stairiúil a mhíniú. Insítear ann conas a athraíodh an Féineachas le teacht na Críostaíochta.

Deir an réamhrá gur bheannaigh Naomh Pádraig béal an phríomhollaimh, Dubhthach moccu Lughair, a thug breithiúnas ansin ar Nuadh, marfóir Odhráin, carbadóir Phádraig. Lean Dubhthach leis ag aithris an dlí, ag fágaint gan athruithe iad lena raibh Dia sásta agus ag athrú iad nach raibh sé sásta leis.

Cuireadh Nuadh chun báis ach chuaigh sé láithreach bonn suas ar Neamh toisc gur mhaith Pádraig é. Ba chóir áfach marfóirí a mhaitheamh sa todhchaí, toisc nach mbeadh Pádraig i láthair chun iad a shlánú. Díríonn é seo uile aird ar dhéacht idir an duine daonna agus a anam síoraí.

Moltar go minic gurbh é an cás seo an fáth ar cosc ar phionós an bháis san Féineachas, cé go bhfuil roinnt cásanna ann a mholann a mhalairt, san áireamh: teip ar idirghabháil a dhéanamh i gcás dhúnmharaithe nó iarrachta ar dhúnmharú; marú dlíthiúil lucht treaspáis; agus bású le haghaidh sáraithe ar dlíthe éagsúla i Seachta XXXV (féach thíos).

Ní gá a chreidiúint gur tharla na heachtraí seo. Tugann na scéalta léargas dúinn áfach ar smaoinimh na mBreitheamh faoina dlíthe féin.[6][7]

Cethairslicht Athgabálae

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luann an dréacht Ceithreshliocht AthghabhálaTochsail (Cethairslicht Athgabálae) go sonrach an córas agus na cúinsí áirithe trína bhféadfaí réadmhaoin dlite ag éinne do dhuine eile a urghabháil. San Fhéineachas, ní ghlactar láithreach seilbh ar an airnéis, m.s. bólacht, ina ionad sin coinnítear í chuig idirghabhálaí go n-íoca an féichiúnaí an fiach. Le himeacht, géilltear an airnéis.

Pléitear sa dréacht ceithre saghas tochail, bunaithe go príomha ar an tréimhse feithimh. Ní fios go cruinn fós na cúinsí a chinneann na tréimhsí.

Faightear ann fosta ábhar ar nósanna imeachta eile dlí, agus sliocht fada ina chuireann an t-údar an cheist, agus freagraíonn arís is arís eile, cén fáth a dtugtar Cethairslicht Athgabálae ar an dréacht.[8][9]

Cáin Sóerraith agus Cáin Aicillne

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pléitear sa dá dhréacht, Cáin Saorratha (Cáin Sóerraith[10]) agus Cáin Bhunchéilsine (Cáin Aicillne[11]), an gaol idir tiarna agus saor, agus an airnéis agus na seirbhísí a roinneadh eatarthu.[12]

Tugann Joseph Fisher[13] faoi ndeara go nglaoití "tionacht" ar nós um bheostoc a fháil ar iasacht, agus gur tharla dá bharr an smaoineamh mícheart go raibh tionacht talún forbartha ag na Gaeil.

Cáin Lánamna

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear sa dréacht Cáin Lánúnas (Cáin Lánamna) ní amháin le rialacháin maidir le pósadh ach cumainn eile chomh maith. Tá ann deich saghas cumann, san áireamh trí shaghas pósta; cúig le caidreamh collaí ach gan chomhchónaí nó comhroinnt maoine; cumann trí éigniú; agus cumann idir beirt neamhinniúil. Pléitear ansin comh-mhaoin, maraon lena roinnt i gcás colscartha.[14]

Córus Béscnai

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar leis an dréacht Córas Béascna (Córus BéscnaiBésgnai),[15][16][17] is conradh é an gaol idir an Eaglais agus na daoine. B'éigean dosna daoine deachuithe a íoc, chéad torthaí a thabhairt agus a leithéid de rud, agus tá ar an Eaglais seirbhísí amhail is baisteadh a sholáthar agus a dheimhniú go raibh a baill macánta agus cráifeach.[18] Cuirtear in úil sa téacs tionchar na heaglaise ar an bhFéineachas agus fosta gnéithe áirithe nach n-aontódh dlíodóirí canónta leo.

Ag tús an dara trian den tSeanchas Mór, tá cnuasach Seachtaí (Sechtae) de rialacha gaolmhara (cé go bhfuil níos mó ná seacht i roinnt acu). Níl aon ábhar amháin ag aon seachta áirithe, ach is tábhachtach iad as atá le rá acu maidir le gnéithe éagsúla an Fhéineachais. Sa dréacht seo tá cúig sheachta is seasca, cé go bhfuil seachtaí eile le fáil in áiteanna eile sa tSeanchas Mór.[19]

Bechbretha agus Coibes Uisci Thairdne

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Príomhalt: Bechbretha

Creideann scoláirí gur scríobhadh an dá dhréacht Beach-bhreithiúnais (Bechbretha) agus Cóimhéid Uisce Seolta (Coibes[20] Uisci Thairdne[21]) ag an údar céanna.[22] Léitear sna dréachtaí seo eolas maidir le teicneolaíochtaí nua tugtha isteach ón Eoraip, beachaireacht agus muilinn uisce. Feictear na breithiúna ag dul i dtaithí ar dhúshláin nua dlí, agus go háirithe cosúlacht dlí faoi lán seoil.[23]

Slicht Othrusa, Bretha Crólige agus Bretha Déin Chécht

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Príomhailt: Bretha Crólige agus Dían Cécht

Faightear na trí dréachtaí Sliocht Othrais (Slicht Othrusa), Breithiúnais Chró-luí (Bretha Crólige of Blood-Lyings) agus Breithiúnas Déin Chéacht (Bretha Déin Chécht) as a chéile sa tríú trian den tSeanchas Mór. Pléitear an chéad dá cheann le hothras, agus an tríú le cúiteamh le haghaidh gortuithe. Ar an drochuair, ní chaomhnaítear de Slicht Othrusa ach blúire. Faightear sna dréachtaí seo an-chuid den eolas ginearálta atá ar marthain maidir le hothras agus gortú (cé go bhfuil mionsonraí le fáil i ndréachtaí eile).[24]

  1. Kelly 1988, ll. 242–243
  2. Charles-Edwards and Kelly 1983, ll. 27ff
  3. Breatnach 2005, lch. 344
  4. Neil McLeod "A True Companion to the Corpus Iuris Hibernici", Peritia 19 (2005)
  5. Senchus Mor, Rolls, ll. 5–16.
  6. John Carey, The two laws in Dubthach's judgment, in Cambridge Medieval Celtic Studies 19, (1990)
  7. Kim McCone, "Dubthach maccu Lugair and a Matter of Life and Death in the Pseudohistorical Prologue to the Senchas Már", Peritia 5 (1986)
  8. Breatnach 2005, ll. 286–287
  9. Kelly 1988, ll. 178ff.
  10. 2 rath; féach freisin 1 tulach tigernais; ar eDIL
  11. aicill(n)e, bunchéilsine, ar eDIL
  12. Kelly 1988, ll. 29ff.
  13. Fisher, Joseph (1877). "The History of Landholding in Ireland". Transactions of the Royal Historical Society V: 228–326. doi:10.2307/3677953. JSTOR 3677953. , luaite san Oxford English Dictionary
  14. Bart Jaski, Cáin Lánamna, Kelly 1988, ll. 70, 93, aistriúchán (en) ar let.uu.nl
  15. Breatnach 2005
  16. Kelly 1988
  17. D.A. Binchy, eag., Corpus Iuris Hibernici, iml. 1: 90.33 – 93.30; iml. 2: 520.1 – 536.27; iml. 3: 903.37 – 905.5; 411–1479; iml. 5: 1812.33 – 1821.27; iml. 6: 2045.37 – 2046.28, 2045.37 – 2046.28
  18. Kelly 1988, lch. 42
  19. Breatnach 2005, lch. 291
  20. coibé(i)s, comh-mhéid, eDIL
  21. tairdbe, ?, eDIL
  22. Charles-Edwards and Kelly 1983, ll. 27–28
  23. Charles-Edwards agus Kelly 1983, ll. 32ff
  24. Breatnach 2005, lch. 303