Bretha Crólige
Cineál | téacs ![]() |
---|---|
Sraith | |
Cuid de | Seanchas Mór ![]() |
Téacs dlí i seanchas ársa na hÉireann is ea Breitheanna Cróluí (Sean-Ghaeilge Bretha Crólige[1]), a bhaineann le cúiteamh le haghaidh doirteadh fola. Creidtear gur scríobhadh an cneasaí Dían Cécht na Túatha Dé Danann é, caomhnaithe sa saothar, an Seanchas Mór.
Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní chaomhnaítear an téacs iomlán de Bretha Crólige ach in aon lámhscríbhinn amháin, (Leabharlann Náisiúnta na hÉireann LS G 11), i dteannta le trí théacs eile as an trian deiridh den Senchas Már (Bretha Déin Cécht ina measc).[2]: 90, 303 D'fhoilsigh D. A. Binchy eagrán den chóip seo, le haistriúchán Béarla agus léargas, sa bhliain 1938.[3]: 18 Dar le Binchy, is scríbhinn sách maith é seo.[4]: 1 Faightear i lámhscríbhinní eile blúirí den téacs nó léargais air.[4]: 2
Ar bhonn roinnt neamhréireanna sa téacs, mhol Rudolf Thurneysen go teach ann le fírinne dhá théacs éagsúla. Shéan Binchy an smaoineamh seo, áfach.[4]: 69
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leagann an Bretha Crólige amach na cúitimh ba ghá a íoc, de réir aicme shóisialta, i gcomhair doirteadh fola, ag díriú airde ar an difríocht idir uaisle (grád[5] flatha), saoir (grád féne) agus daoir (sen-chléithe[6]).[7]
Ba í cumhal an t-aonad airgeadra a d'úsáidtí, bonn ríofa coiteann i ré na gCeilteach – le haghaidh cánacha, pionóis agus eile. Má doirteadh mar sin fuil an duine, ba ghá a íoc do;
- rí nó rí cúige (rí ruireach[8]), níos deireanaí fosta easpag: ceathrar cumhal déag
- dhaoine de shliocht uasal de réir céim (aire[9] désa,[10] forgill,[11] túise,[12] fer fothlai[13]): duine déag go leith(!) go dtí seachtar
- feirmeoir bó (bóaire[14]) nó saor: triúr
- daor: beirt.
Cuireadh scaití draoithe, filí agus an t-aos dána san áireamh leis na huaisle, agus uaireanta leis na saoir.[7]
Dá ndoirtfeadh fuil mhná, thugtaí cúiteamh di de réir aicme a fir chéile, seachas mar shampla gialla, coirpigh, striapacha, fuaidirí, gealta, conriochta(!) agus „scharfzüngige Jungfrauen“.[15]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. 2., korrigierte und erweiterte Auflage. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
- Barry Cunliffe: Die Kelten und ihre Geschichte. 7. Auflage, Gustav Lübbe Verlag, Bergisch Gladbach 2000.
- Myles Dillon, Nora Kershaw Chadwick: Die Kelten. Von der Vorgeschichte bis zum Normanneneinfall. Parkland-Verlag, Köln 2004 (zuerst 1966), ISBN 3-89340-058-3 (Kindlers Kulturgeschichte).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ crólige ar eDIL, cró/fuil-luí
- ↑ Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
- ↑ Charles-Edwards, T. M. (1999). "The Early Mediaeval Gaelic Lawyer" 4. University of Cambridge.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Binchy, D. A. (1938). "Bretha Crólige". Ériu 12: 1–77. JSTOR 30008071.
- ↑ 1 grád ar eDIL
- ↑ senchléithe ar eDIL
- ↑ 7.0 7.1 Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 990.
- ↑ ruire ar teanglann.ie FGB, rí cúige
- ↑ [dil.ie/1885 3 aire] ar eDIL
- ↑ déis ar eDIL
- ↑ forgell, forgal(l) ar eDIL
- ↑ tús
- ↑ fothla(e) ar eDIL
- ↑ bóaire ar eDIL
- ↑ Jonathan Williams: The Field day anthology of Irish writing. Band 4, NYU Press, 2002, ISBN 9780814799062, ll. 31 ff.