Fír flathemon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I miotaseolaíocht agus seanchas na nGael, dualgas an tiarna ba ea Fíor flatha (Sean-Ghaeilge Fír flathemon) i gcónaí breithiúnais go cóir cothrom a fheidhmiú. Ba é gáu[1] flathemon (Gó fhlatha) a mhalairt.

Tá nósanna mar an gcéanna le fáil san Ind (ṛta, dharma), sa Ghréig (dikē) agus san Éigipt (maat).

Fír flathemon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba gheis é dualgas seo an tiarna i leith a mhuintire, ar ceann de na cúram is tábhachtaí an rí, agus ar seo a bhraití rath agus ádh a ríochta.

Léirítear suáilce seo an rí in Audacht Morainn (Uacht Mhorainn). Le taobh oideachas a mhic altrama, an rí Feradach Find Fechtnach, cuireann an breitheamh seanscéalach Morann sraith de fíorcha flatha i láthair dó. Cé gurbh amhlaidh gur scríobhadh an scéal gaoise seo sa 7ú nó 8ú haois, creidtear go raibh na smaointe le fáil ann in iúl i ré réamhChríostaí na gCeilteach.

Gáu flathemon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an ghó flatha ba chúis mí-ádh rí agus a mhuintire, agus dá bharr d'fhéadfaí an rí a chur as a choróin nó fiú chun báis. Diese Ungerechtigkeit in der Herrschaft eines Königs wurde mit dem groben mallacht ghránna cacc for enech (cac ar oineach) benannt.

Sa saothar anaithnid De duodecim abusivis saeculi (De dhá mhíchleachtadh déag an domhain), luaitear a leithéid fán teideal rex iniquus (rí éagórach).

Tá roinnt samplaí le fáil sna seanscéalta. In Cath Maige Mucrama, thug Lugaid mac Con breith bhréagach ar thaobh a mhná chéile. In Toghail Brú Dá Dearga, níor chuir Conaire Mór a ladar isteach in aghaidh a leas-deartháireacha coiriúla. Sháraigh Conn Céadchathach a gheis, nuair a phós sé Bé Chuma agus dhíbir a mhac Art le bliain as an ríchathair, Teamhair.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. gáu ar eDIL, gó, bréag, eiteach