Aithech fortha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I seanchas ársa na hÉireann, Aitheach fóire[1] (Sean-Ghaeilge Aithech fortha[2][3][4]) ba ea duine saor a sheasadh ar son an rí dá dtabharfaí cás clúmhillte ina éadan.

Úinéir talún comóntach ba ea an t-aitheach, aitheanta fosta mar 'grád féine'. Flaith ba ea é, díreach le taobh uaisle na ndraoithe, san áireamh vates, filí, lianna, staraithe, gabha, ceardaithe carbad agus dlíodóirí, agus an t-aos dána fosta. Bhíodh ceart ag baill na flaithe d'íocaíocht i gcáin agus in éiric, mar shampla le taobh lóg n-enech.[5][6]

Ba é dualgas an aithigh áit an rí a ghlacadh i gcúis dlí agus, i gcás breithe ina choinne, cúiteamh a shocrú don ghearánaí. Sa chaoi seo, d'fhéadfadh an ceart a dhéanamh, siúd is nára chaille an rí a ghradam (enech, aghaidh).[7] B'éigean don rí a eisíoc a thabhairt ar ais don aitheach fortha.[8]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. fóire3, cuidiú, cúnamh, cabhair, ar teanglann.ie FGB
  2. 1 aithech ar eDIL, aitheach, cíosaí sa bhrí seo; bodach, daoi
  3. forrtha, fortha ar eDIL
  4. féach fosta aitire ar eDIL, bheith idir
  5. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, ll. 990 ff.
  6. Wolfgang Meid: Die Kelten, lch. 106 f.
  7. Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur, lch. 13.
  8. Fergus Kelly: A Guide to Early Irish Law. Early Irish Law, Series 3. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1988, ISBN 978-0-901-28295-8, ll. 25 ff.