Lóg n-enech

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coincheap i seandlí na nGael is ea Luach Oinigh (Sean-Ghaeilge Lóg n-enech[1][2]). 'Aghaidh' is ea bunbhrí an fhocail enech, agus d'aistriú brí, is amhlaidh toisc go bhfeictear mothúcháin an duine ina aghaidh, clú nó cáil. As Breatnais, deirtear wynebwerth (comhainmfhocal wyneb, aghaidh agus gwerth, luach).

Luach na Cáile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi lóg n-enech, bhíodh áit an duine, idir sóisialta agus dleathach, faoi ráthaíocht. I gcás masla nó ionsaí coirp, thugtaí cúiteamh don íospartach ag brath ar a stádas. Bhronntaí an luach ach ar fhir shaora, 'sé sin, baill an fhlaithis, san áireamh tiarnaí, draoithe, vates, filid, lianna, staraithe, gaibhne, ceardaithe carbad agus dlíodóirí, na hAos Dána, chomh maith leis na haithigh agus na húinéirí talún.[3] I gcás ionsaí ar bhean, d'fhaigheadh a fear céile an cúiteamh, agus i gcás ar sheirfeach, d'fhaigheadh a mháistir é.[4]

Eisceacht ab ea an luach ar chóir d'adhaltrach a thabhairt don chéad bhean (céad-mhuintirpríomh-bhean) mar thoradh an masla déanta a di, de bharr an dara pósadh.[5]

Ba í an chumhall an té is luachmhaire in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag, b'fhiú ar séad deich mbó, cúig chapall nó oder carbad. De réir an dlí Críth Gablach (ceannach gabhlach), chaithfear ceathrar cumhal déag a thabhairt mar chúiteamh ar ionsaí ar rí cúige.[6][7][8]

Mallacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óir gur gheis é dea-bhreitheamh (fír flathemon) an rí, thugtaí ar dhroch-bhreitheamh (gáu flathemon) sa seandlí an mhallacht cacc for enech (cac ar oineach, ar d'aghaidh/cháil).[9]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. lóg ar eDIL, luach
  2. 1 enech, ainech, II (a) ar eDIL, oineach, clú, cáil, mórgacht
  3. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 991.
  4. Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur, lch. 91.
  5. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 1031.
  6. Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur, ll. 111 ff.
  7. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 989.
  8. Wolfgang Meid: Die Kelten, ll. 106 ff.
  9. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 889.