De duodecim abusivis saeculi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dréacht as Laidin na hÉireann ar moráltacht shóisialta agus pholaitiúil is ea De duodecim abusivis saeculi ("De dhá pheaca déag an Domhain"). Scríobhadh é ag údar Éireannach anaithnid idir 630 agus 700. Le linn na meánaoise, bhí clú agus cáil ag an saothar ar fud na hEorpach, curtha chun cinn ar dtús ag misinéirí Éireannacha san 8ú haois.

Údar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh an saothar ag amanna éagsúla i leith údair chanónta agus mór le rá: Naomh Pádraig, Naomh Agaistín, ach go traidisiúnta Naomh Cipireán. Níor tharla ach go dtí an bhliain 1909 gur chuir Siegmund Hellmann (de) an saothar síos d'údar Éireannach anaithnid den 7ú haois. Ó shin i leith, glaoitear de ghnáth Bréag-Chipireán (Pseudo-Cyprian) air.

Dhá pheaca déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas na dá pheaca déag le fáil in De duodecim:

Abusivus Peaca
sapiens sine operibus saoi gan saothair
senex sine religione seanduine gan creideamh
adolescens sine oboedientia ógánach gan umhlaíocht
dives sine elemosyna fear an rachmais gan carthanacht
femina sine pudicitia an bhean gan modhúlacht
dominus sine virtute An tiarna gan suáilce
Christianius contentiosus an Críostaí teasaí Christian
pauper superbus an bochtán sotalach
rex iniquus an rí éagórach
episcopus neglegens an t-easpag faillitheach
plebs sine disciplina pobal gan smacht
populus sine lege pobal gan dlí

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann Hellmann in úil tionchar mór an tsaothair ar scríbhneoireacht Chairilínseach, amhail is mirrors for princes.

Tá roinnt fianaise ann le haghaidh cháil an téacs i Sasana sa deichiú haois. Bhronn Æthelwold Winchester cóip de do Theach Peterborough.[1] Bhain Ælfric Eynsham leas as leagan le fáil in Collectio canonum le hAbbo Fleury, le haghaidh a dhréacht SeanBhéarla De octo vitiis et de duodecim abusivis gradus, inar aistrigh sé go hiomlán an t-alt rex iniquus.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hellmann, Siegmund (eag.). Ps.-Cyprianus. De xii abusiuis saeculi. Texte und Untersuchungen zur Geschichte der altchristlichen Literatur 34. Leipzig, 1909.
  • Anton, Hans Hubert. "Pseudo-Cyprian: De duodecim abusivis saeculi und sein Einfluss auf den Kontinent, insbesondere auf die karolingischen Fürstenspiegel." In Die Iren und Europa im früheren Mittelalter iml. 2, eag. Heinz Löwe. Stuttgart, 1982. 568–617.
  • —. "Zu neueren Wertung Pseudo-Cyprians ('De duodecim abusivis saeculi') und zu seinem Vorkommen in Bibliothekskatalogen des Mittelalters." Würzburger Diözesangeshichtsblätter 51 (1989): 463–74.
  • Breen, Aidan. "Pseudo-Cyprian De Duodecim Abusivis and the Bible." Irland und die Christenheit: Bibelstudien und Mission, eag. Próinséas Ní Chatháin and Michael Richter. Stuttgart, 1987. 230-45.
  • —, "The evidence of antique Irish exegesis in Pseudo-Cyprian, De duodecim abusivis saeculi." Imeachtaí Acadamh Ríoga na 87 (1987), cuid C. 71–101.
  • Meens, Rob. "Politics, Mirrors of Princes and the Bible: Sins, Kings and the Well-being of the Realm." Early Medieval Europe 7 (1998): 345–57.
  • Ó Néill, Pádraig P. "De Duodecim Abusivis Saeculi". Dictionary of the Middle Ages. iml-4. 1989. ISBN 0-684-17024-8
  • Throop, Priscilla. Vincent of Beauvais: The Moral Instruction of a Prince with Pseudo-Cyprian: The Twelve Abuses of the World Charlotte, VT, MedievalMS, 2011.
  • Ælfric, De octo vitiis et de duodecim abusivis gradus: in Cambridge, Corpus Christi College, MS 178, eag. R. Morris, Old English Homilies. Early English Texts Society 29, 34. Chéad tsraith. 2 iml. Londain, 1868. 296–304, British Library, MS. Cotton Vespasian D.XIV, eag. Ruby D.-N. Warner, Early English Homilies from the Twelfth-Century MS. Vespasian D.XIV. EETS 152. Londain, 1917. 11-9.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sawyer no. 1448. Féach Michael Lapidge, "Surviving booklists in Anglo-Saxon England." Anglo-Saxon Manuscripts. Basic Readings, eag. Mary P. Richards. Londain, 1994, ll. 87–167, 117–9.