Naomh Odhrán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNaomh Odhrán

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 haois
Contae na Mí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás563 (>563)

Í Chaluim Chille Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisAisficse
Gníomhaíocht
Gairmmanach Cuir in eagar ar Wikidata
Ardú
Lá féile27 Deireadh Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 9441969 Cuir in eagar ar Wikidata

Saolaíodh Naomh Odhrán i gceantar ina bhfuil Co. na Mí sa lá atá inniu ann, ar deireadh an 5ú haois.

Bhí Odhrán ina chónaí ar feadh breis agus daichead bliain i gceantar darb ainm Leatracha, i dTuaisceart Thiobraid Árainn, mar a bhfuil an paróiste Béal Átha Gabhann anois. Ba ann a bhunaigh sé mainistir sa bhliain 520. Deirtear go raibh suas le 3,000 scoláire ag staidéar ann tráth. Níl fágtha sa lá atá inniu ann ach fothracha agus reilig. Níos lú ná aon chiliméadar ó na fothracha tá tobar le sruth beag ag sileadh as agus claí cloiche timpeall air. Tá an tobar tiomnaithe d’Odhrán. Bíonn oilithreacht bhliaintiúil ar an 15ú Lúnasa ina léitear an tAifreann. Dertear go bhfuil leigheas in uisce an tobair do shúile atá tinn. Is é Naomh Odhrán naomhphátrún pharóiste Bhéal Átha Gabhann, Contae Thiobraid Árann. Tá muintir Thiobraid Árainn thar a bheith bródúil as oidhreacht Odhráin is tugtar ‘Cill Odhráin’ ar go leor de na bailte fearainn sa chontae.

Sa bhliain 563, bhí sé i measc an dáréag a chuaigh in éineacht le Naomh Colm Cille chuig Oileán Í as cósta na Alban. Cé gur oileán iarghúlta é, ba chuid lárnach den ríocht Gaelach cumhachtach, Dál Riata, é. Ba ríocht é seo lena n-áiríodh oirthuaisceart na hÉireann agus codanna d’iarthar na hAlban. Is trí chumhacht na ríochta seo a scaip an Gaelachas tríd an Alba uilig. Is tríd an gcumhacht spioradálta Mhainistir Oileán Í a scaip an Chríostaíocht tríd an tír sin.[1][2]

Go gairid i ndiaidh dó teacht chun an oileáin, bhraith Odhrán go raibh an bás i ndán dó go luath is dúirt le Naomh Colmcille; ‘Ba mhaith liom a bheith ar an chéad duine le bás a fháil ar an oileán seo faoi chúnant nua an ríocht Dé’. D’fhreagair Colmcille, ‘Tabharfaidh mé an ríocht sin duit, is ina theannta sin, geallaim duit nach bhfaighidh an té a ghuíonn chugam aon ní uaim go dtí go nguíonn sé chugat freisin’. Deirtear go bhfaca Colmcille diabhail agus aingil ag troid thar anam Odhráin sula ndeachaigh sé suas ar neamh.[3]

Ainmníodh an séipéal is sine ar Í Cholm Cille i ndiaidh Naomh Odhrán. Chomh maith leis sin tugtar Reilig Odhráin ar an reilig máguaird mar chuimhne air.

Roghnaigh na Lochlannaigh é mar phátrún ar chathair Phort Láirge i 1096 agus roghnaíodh ina dhiaidh sin é mar phátrún na deoise. Is díol suntais é gur roghnaigh Lochlannaigh Phort Láirge mar phatrún na lonnaíochta sin. Tá an cuma air gur d’eascair an deabhóid a bhí acu dó ón obair mhiseanach a rinne sé lena chomhlochlannaigh le linn dó a bheith ar Oileán Í. Cuireadh roinnt mhaith lochlannach ar an oileán céanna thar na blianta.[4]

Is é an 27 Deireadh Fómhair lá féile Naomh Odhrán.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pól Ó Meadhra (2020-10-26). "Naomh Odhrán" (ga). Gript. Dáta rochtana: 2021-09-27.
  2. Catholic Online. "St. Odhran of Iona - Saints & Angels" (en). Catholic Online. Dáta rochtana: 2021-09-27.
  3. Pól Ó Meadhra (2020-10-26). "Naomh Odhrán" (en-GB). Gript. Dáta rochtana: 2021-09-27.
  4. Pól Ó Meadhra (2020-10-26). "Naomh Odhrán" (en-GB). Gript. Dáta rochtana: 2021-09-27.