Jaroslav Seifert

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jaroslav Seifert (1901 - 1986), sa bhliain 1981. Ba í Hana Hamplová a ghlac an grianghraf.

Scríbhneoir, file, iriseoir agus aistritheoir Seicslóvacach ab ea Jaroslav Seifert (1901 - 1986). Do rugadh é ar an 23ú lá de Mheán Fómhair i bPrág, príomhchathair Phoblacht na Seice sa lá atá inniu ann, agus do fuair sé bás ar an 10ú lá d'Eanáir san áit chéanna.

Ar dtús a réime, ba é duine desna filí Seicslóvacacha a raibh baint acu leis an bhfilíocht phrólatáireach. Níos déanaí, d'éirigh sé ina mhórfhile mar bhall den ghluaiseacht liteartha Poetismus. Sa bhliain 1920, do bhí eisean agus cúpla scríbhneoir Seicslóvacaigh eile ina mbunaitheoirí den chumann ealaíontóirí Devětsil. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1984. B'shin an chéad uair riamh a bronnadh an duais ar scríbhneoir Seiceach.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]