Czesław Miłosz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Czesław Miłosz
Czeslaw Milosz 3 ap.tif
ollamh

Saol
Eolas breithe Šeteniai (en) Aistrigh, Meitheamh 30, 1911
Náisiúntacht An Pholainn
Stáit Aontaithe Mheiriceá
An Liotuáin
Bás Kraków, Lúnasa 14, 2004
Áit adhlactha Krypta Zasłużonych na Skałce (en) Aistrigh
Muintir
Athair Aleksander Miłosz
Céile/Céilí Janina Milosz  (1944 -  1986)
Carol Thigpen-Miłosz  (1992 -  2002)
Páirtí/Páirtithe Jadwiga Waszkiewicz (en) Aistrigh
Páistí
Siblíní
Teaghlach
Treibh Q63532438 Aistrigh
Oideachas
Alma mater Ollscoil Vilnias
Teangacha Béarla Meiriceánach
An Fhraincis
An Pholainnis
Gairm
Gairm file, taidhleoir, scríbhneoir, scríbhneoir aistí, aistritheoir, oideolaí agus múinteoir ollscoile
Áit oibre An Fhrainc agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
Fostóirí Ollscoil California, Berkeley
Saothar iomráiteach The Captive Mind (en) Aistrigh
Duais
Ballraíocht Serbian Academy of Sciences and Arts (en) Aistrigh
American Academy of Arts and Letters (en) Aistrigh
Polish Academy of Learning (en) Aistrigh
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Stowarzyszenie Pisarzy Polskich (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíne filíocht
prós
Creideamh
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach
IMDb nm0590542
milosz.pl
Czesław Miłosz signature 1985.svg

Bhí Czesław Miłosz (30 Meitheamh 1911 - 14 Lúnasa 2004) ina scríbhneoir aistí agus ina fhile liriciúil de chuid na Polainne. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1980.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríbhneoir Polainnise a bhí ann a rugadh i Šeteiniai (Szetejny an leagan Polainnise) sa Liotuáin. Bhí an ceantar ina chnámh spairne idir an Pholainn agus an Liotuáin nuair a bhain an dá stát seo amach a neamhspleáchas i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, agus i dtús na bhfichidí tháinig fórsaí armtha na Polainne á fhorghabháil faoi cheannas an Ghinearáil Żeligowski: b'ansin a fuair muintir Miłosz iad féin ina bPolannaigh.

Bhí Polainnis ó dhúchas ag Czesław óg, agus mar a léirigh sé ina leabhar dírbheathaisnéise "Rodzinna Europa", d'fhoghlaim sé Liotuáinis faoin tuath agus Rúisis le linn na dtrioblóidí réabhlóideacha i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, nuair a bhí saighdiúirí na Rúise ar fud an cheantair agus iad imithe i bhfiántas. Téama tábhachtach is ea é i scríbhinní Miłosz an caidreamh idir an trí náisiún a labhraíonn na teangacha seo.

Czesław Miłosz 2011 Lithuania stamp.jpg

Chaith sé an chuid ab fhearr de laethanta a óige i Vilnius (Wilno, as Polainnis) agus i Vársá. Chuaigh sé ar scoil i Vilnius, a bhí forghafa ag na Polannaigh san am, siúd is nár thug na Liotuánaigh aitheantas don ghabháltas seo. Bhí sé de chlaonadh i Miłosz a gcás a thuiscint, agus é ag iarraidh na Polannaigh is na Liotuánaigh a thabhairt in araicis a chéile ina chuid scríbhneoireachta. Bhí dlúthchairdeas idir é agus Tomas Venclova, an file Liotuánach. Ós rud é go raibh dearcadh chomh hilnáisiúnta aige, níor thaithin an náisiúnachas cúng leis riamh.

Andrzej Milosz and Czeslaw Milosz, 1999

Scríbhneoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thuig sé go raibh an t-ilchultúrachas i ndúchas na Polainne, agus chuir sé spéis fhiosrúil i mionlaigh náisiúnta na tíre - na Bílearúisigh, na hÚcráinigh, na Caraímigh, na Giúdaigh, na Tatáraigh, na Liotuánaigh - agus é ag iarraidh a gcultúr is a dtionchar ar an gcomhchultúr Polannach a léarscáiliú ina chuid aistí.

Ealaíontóir: Zbigniew Kresowaty

Mar fhile, bhí sé faoi thionchar Oscar Venceslas de Lubicz-Milosz, an file Fraincise a bhí gaolmhar leis. Cosúil leis an bhfear óg, bhí Oscar Venceslas sách drochamhrasach i leith an náisiúnachais eisiaigh Pholannaigh, agus é ag roghnú na Liotuáine thar an bPolainn mar thír dhúchais, fiú.

Nuair a d'ionsaigh na Gearmánaigh an Pholainn sa bhliain 1939, bhí Miłosz i Vársá. Nuair a forghabhadh an tír, ghlac sé páirt in obair an airm rúnda ag cur in aghaidh na nGearmánach.

An tréimhse iarchogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh an chogaidh, chaith Miłosz cúpla bliain ag obair don rialtas nua Chumannach.Ach nuair a d'éirigh leis post taidhleora a bhaint amach, ní raibh mórán moille air seangú leis agus dídean a lorg san Iarthar. Mar sin féin, is iomaí ionsaí a rinne na heisimirceánaigh Pholannacha eile air ag an am, ós rud é nach raibh ann, dar leo, ach fealltóir nó tapadóir bradach, agus é ag comhoibriú le drong chomh suarach leis na Stailínigh.

Ollscoil Vilnius

Is follasach dúinn inniu nach raibh Miłosz ag comhoibriú leis na Cumannaigh riamh ach amháin le bealach éalaithe a fháil, ach ós rud é go raibh cuid mhaith de na Polannaigh sin - cosúil leis an scríbhneoir Gustaw Herling-Grudziński, "Solzhenitsyn na Polainne" - i ndiaidh seal a chaitheamh i sluachampaí géibhinn Stailín sa tSibéir, ní raibh siad róshásta mórán tuisceana a léiriú do leithéid Miłosz.

Bhí Miłosz i gcónaí faoi thionchar na mblianta i seirbhís na gCumannach, nuair a chrom sé ar an mórshaothar aistíochta agus smaointeachais úd, Zniewolony umysł, nó "An Intleacht i mBraighdeanas", a chur ar pár. Cur síos atá ann ar an dóigh ar chealg an rialtas Cumannach intleachtóirí, cosúil le Miłosz féin, chun comhoibriú.

Tharraing Miłosz go mór mór ar shaothar an scríbhneora is an ealaíontóra "avant-garde" Stanisław Ignacy Witkiewicz, "Witkacy" (a chuir lámh ina bhás féin i Meán Fómhair na bliana 1939), ar lorg coincheapa agus téarmaí le tuiscint cheart a fháil ar an gCumannachas Polannach, agus b'é ba toradh leis gur mhuscail an saothar seo le Milosz spéis nua na bPolannach i leabhair "Witkacy" féin, údar bunúil sainiúil a bhí beagnach dearmadta go dtí gur tháinig Zniewolony umysł i gcló.

Bronnadh sochraid stáit ar Miłosz i ndiaidh a bháis, ar an 14 Lúnasa 2004, agus 93 in aois dó

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na dánta agus na haistí an chuid is tábhachtaí de shaothar Miłosz. Rinne sé féin neamhshuim den dá úrscéal a scríobh sé, mar atá, Dolina Issy, nó "Gleann Issa", agus Zdobycie władzy, nó "Forghabháil na Cumhachta". Úrscéal liriciúil is ea é Dolina Issy a phléann óige an scríbhneora faoin tuath sa Liotuáin.

Maidir leis an gceann eile, is é is ábhar dó ná an dóigh ar smachtaigh na Rúisigh an Pholainn i ndeireadh an dara cogadh domhanda, agus na hiarrachtaí díomhaoine a rinne arm rúnda na bPolannach lena dtír a shaoradh ó bhráca na Gearmáine go neamhspleách, gan "chuidiú" ó na Sóivéidigh, le nach mbeadh siocair ag Stailín a chóras féin a chur i bhfeidhm ar an tír.

Sa bhliain 1980, bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Miłosz. B'ansin a daingníodh a stádas.

Timpeall an ama céanna, tháinig Solidarnosc (nó an "Dlúthpháirtíocht" , ceardchumann "neamhspleách" i Gdańsk faoi cheannas Lech Wałęsa) chun cinn agus bhí geilleagar na Polainne in ísle brí.[1]

Is léir go raibh tionchar éigin ag an bpolaitíocht ar an gcinneadh chun Nobel a bhronnadh ar Miłosz. Ach b'olc an mhaise a shéanadh go raibh an duais tuillte ag Miłosz, chomh saibhir, chomh hilghnéitheach agus atá a chuid scríbhinní.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. St. Marys folio. "An Cogadh Fuar".