Eyvind Johnson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eyvind Johnson
Eyvind.JPG
8. suíochán 11 d’Acadamh na Sualainne

Nollaig 20, 1957 - Lúnasa 25, 1976
Nils Ahnlund - Ulf Linde
Saol
Ainm iomlánEyvind Olov Verner Johnson
Eolas breitheBoden, 29 Iúil 1900
NáisiúntachtAn tSualainn
BásStócólm, 25 Lúnasa 1976
Áit adhlacthaSkogskyrkogården
Muintir
Céile/CéilíCilla Johnson
Aase Christoffersen (en) Aistrigh
Páistí
Oideachas
TeangachaAn tSualainnis
Gairm
Gairmaistritheoir, úrscéalaí, iriseoir, scríbhneoir agus file
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
BallraíochtSwedish Academy (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíneproletarian literature (en) Aistrigh
IMDbnm0425083
Discogs ID2296996

Scríbhneoir agus aistritheoir Sualannach ab ea Eyvind Johnson (1900 - 1976), nó Olof Edvin Verner Jonsson mar atá a ainm scríofa ar a theastas breithe. Rugadh é ar an 29 Iúil 1900 i Svartbjörnsbyn, gar do Bhoden sa tSualainn. Fuair sé bás ar an 25 Lúnasa 1976 i Stócólm sa tír chéanna.

Bronnadh Duais Nobel sa Litríocht air sa bhliain 1974, chomh maith leis an scríbhneoir Harry Martinson. Ábhar conspóide ab ea go bhfuair na fir sin an duais, toisc go raibh siad ina mbaill d'Acadamh na Sualainne, an t-acadamh céanna a bhronnann an gradam, agus Vladimir Nabokov, Saul Bellow, Graham Greene agus Jorge Luis Borges ina n-iarrthóirí don duais an bhliain sin.

Scríbhneoir prólatáireach ab ea Johnson. Bhí sé ina cheannródaí don nua-aoiseachas ina chuid scríbhinní. Tháinig an chéad saothar óna pheann i gcló sa bhliain 1924, agus rinne sé a bhriseadh mór leis an tsraith úrscéalta dírbheathaisnéiseacha úd Romanen om Olof ("An tÚrscéal faoi Olof") sna tríochaidí: Nu var det 1914 ("An bliain 1914 a bhí ann anois", 1934), Här har du ditt liv ("Seo duit do bheatha féin", 1935), Se dig inte om ("Ná caith súil i do thimpeall", 1936) agus Slutspel i ungdomen ("Cluiche deiridh na hóige", 1937).