Jorge Luis Borges

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jorge Luis Borges
Jorge Luis Borges 1951, by Grete Stern.jpg
Guth
Saol
Ainm iomlánJorge Francisco Isidoro Luis Borges Acevedo
Eolas breitheBuenos Aires, 24 Lúnasa 1899
NáisiúntachtAn Airgintín
Teanga dhúchaisAn Spáinnis
BásAn Ghinéiv, 14 Meitheamh 1986
Áit adhlacthaCemetery of Kings (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse an ae)
Muintir
AthairJorge Guillermo Borges Haslam
MáthairLeonor Acevedo Suárez
Céile/CéilíElsa Astete Millán  (Meán Fómhair 21, 1967 -  1970)
María Kodama  (Bealtaine 22, 1986 -  Meitheamh 14, 1986)
Páirtí/PáirtitheConcepción Guerrero
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materCollège Calvin (en) Aistrigh 1918)
Teangachaan Fhraincis
an Béarla
An Ghearmáinis
An Spáinnis
Gairm
Gairmaistritheoir, leabharlannaí, léirmheastóir liteartha, scríbhneoir scripte scannáin, scríbhneoir, file, iriseoir tuairime agus scríbhneoir aistí
FostóiríOllscoil Buenos Aires
National University of La Plata (en) Aistrigh
National Library of the Argentine Republic (en) Aistrigh
Saothar iomráiteachLa Biblioteca de Babel
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Daoine le tionchar air/uirthiVeirgil, Joseph Conrad, Edgar Allan Poe, Oscar Wilde, Platón, Rudyard Kipling, H. G. Wells, Lewis Carroll, James Joyce, Hóiméar, Robert Louis Stevenson, Macedonio Fernández, Marcel Schwob (en) Aistrigh agus Hans Vaihinger
BallraíochtAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Bavarian Academy of Fine Arts (en) Aistrigh
Acadamh Ealaíon agus Litríochta Mheiriceá
SloinnteB. Suarez Lynch agus H. Bustos Domecq
Gluaiseacht ealaínefilíocht
gearrscéal
aiste
IMDbnm0096566
Discogs ID910543
Jorge Luis Borges firma.svg

Scríbhneoir scéalta fantaisíochta ón Airgintín ab ea Jorge Francisco Isidoro Luis Borges Acevedo, nó Jorge Luis Borges (Speaker Icon.svg audio), mar a shínigh sé a chuid scéalta. Tháinig sé chun saoil i mBuenos Aires ar an 24 Lúnasa 1899, agus cailleadh sa Ghinéiv é ar an 14 Meitheamh 1986. Tógadh go dátheangach é le Béarla agus le Spáinnis araon. Sa bhliain 1914, d'aistrigh an teaghlach go dtí an Eilvéis, agus chuaigh sé ar scoil ansin. Ina dhiaidh sin, thug siad turas ar fud na Spáinne. D'fhill Borges go dtí an Airgintín sa bhliain 1921, agus ansin, thosaigh sé ag scríobh. Tháinig an chéad chúpla scéal leis i gcló ar irisí de chuid lucht leanúna an osréalachais. Chuaigh sé le leabharlannaíocht mar shlí bheatha. Nuair a tháinig Juan Perón i gcumhacht san Airgintín, b'éigean do Borges post an leabharlannaí a fhágáil agus cur suas le géarleanúint pholaitiúil. Bhí sé ábalta, áfach, léachtanna a thabhairt go poiblí.

Nuair a bhí sé ag druidim chun cnagaoise, chaill sé radharc a shúl de dheasca galar oidhreachtúil. Sa bhliain 1955, ceapadh ina stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hAirgintíne é, agus rinneadh Ollamh le Litríocht de in Ollscoil Buenos Aires. Sa bhliain 1961, bhain sé amach clú agus cáil ar fud an domhain, nuair a bronnadh Prix Formentor, duais idirnáisiúnta na bhfoilsitheoirí, air. Ansin, cuireadh a lán teangacha ar a chuid saothar, agus foilsíodh iad sna Stáit Aontaithe agus ar fud na hEorpa.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]