Joseph Conrad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoseph Conrad

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(pl) Józef Teodor Konrad Korzeniowski
3 Nollaig 1857
Terekhove (Impireacht na Rúise)
Bás3 Lúnasa 1924
66 bliana d'aois
Bishopsbourne, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaCanterbury City Cemetery (en) Aistrigh
Canterbury Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachPolannaigh
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Bartłomiej Nowodworski Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFicsean
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir scripte, scríbhneoir ficsean eolaíochta, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, dírbheathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1895 –  1926
SeánraNóibhille
GluaiseachtLitríocht nua-aoiseach
Faoi thionchar
TeangachaBéarla agus an Pholainnis
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
TeaghlachNałęcz (en) Aistrigh agus Korzeniowski-Nałęcz (fr) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileJessie George Cuir in eagar ar Wikidata
AthairApollo Korzeniowski  agus Ewa Korzeniewska
Duine muintearthaStefan Bobrowski (deartháir máthar)
Aniela Zagórska (female first cousin (en) Aistrigh)
Tadeusz Bobrowski (deartháir máthar) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Márta 1933-Deireadh Fómhair 1933Nazi book burnings (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0175676 Allocine: 37910 Allmovie: p316773
Spotify: 2d9RsLw7YQLsIEp7ffJHja iTunes: 2653633 Musicbrainz: 07ced854-cd1b-45e6-9d16-4d45d2967ccf Discogs: 470506 Find a Grave: 20386 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Sasanach de phór na Polainne ab ea Joseph Conrad (Teodor Józef Konrad Nałęcz Korzeniowski, 3 Nollaig 18573 Lúnasa 1924).

Cuirtear dearcadh rómánsúil ina leith go minic, ach le fírinne, bhí an rómánsúlacht sin maolaithe ag an íoróine ba dhual dó, chomh maith leis an tuiscint a bhí aige don dóigh a gcuireann an duine dallamullóg air féin.

Is iomaí léirmheastóir liteartha a deir go raibh sé ar réamhtheachtairí an nua-aoiseachais. Is é an saothar is clúití leis ná an t-úrscéal úd Heart of Darkness, a spreag an stiúrthóir Francis Ford Coppola chun an scannán Apocalypse Now a dhéanamh.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Teodor Józef Konrad Korzeniowski ar an tríú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 1857 i mBerdyczów (inniu, Berdychiv/Бердичів san Úcráin) sa chuid den Pholainn a bhí sealbhaithe ag an Rúis i ndeireadh na hochtú haoise déag. Teaghlach uasal a bhí i gceist, mar is léir ón ainm (is é Nałęcz ainm an armais).

Bhí athair Chonrad ina aistritheoir agus ina scríbhneoir, agus é sáite i ngnóthaí an fhreasúra rúnda a bhí ag iarraidh an Pholainn a athbhunú mar thír neamhspleách. Tháinig póilíní rúnda an Impire Rúisigh ar a lorg, agus díbríodh chun na Sibéire é.

Fuair máthair Chonrad bás le créachta sa bhliain 1865, agus bhain an mí-ádh céanna don athair ceithre bliana ina dhiaidh sin, i gCracó. Fágadh Conrad óg ina dhílleachta sula raibh dhá bhliain déag d'aois aige.

B'é a uncail a d'fhéachadh ina dhiaidh feasta, agus é ní ba chairéisí mar dhuine ná mar a bhí a thuismitheoirí. Mar sin féin, cheadaigh an t-uncail do Chonrad cathair Marseille a bhaint amach le dul ar na soithí, nuair nach raibh sé ach seacht mbliana déag d'aois. Bhí saol lán eachtraí aige, agus é sáite i smuigléireacht ghunnaí agus i gcomhcheilg pholaitiúil, rudaí ar thug sé cur síos ficseanúil orthu ina úrscéal The Arrow of Gold.

Sa bhliain 1878, d'fhéach Conrad le lámh a chur ina bhás féin, ach nuair a theip an iarracht sin air, chuaigh sé ag obair ar long Shasanach. B'ansin a d'fhoghlaim sé a chuid Béarla. Ní raibh bliain is fiche d'aois slánaithe aige.

Sa bhliain 1886, bhain sé amach saoránacht na Breataine chomh maith le dintiúirí an Mháistir Mairnéalachta. Chuaigh sé i dtír ar thalamh Shasana an chéad uair i gcuan Lowestoft i Suffolk. Ina dhiaidh sin, chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i Londain nó in Kent i gcóngar do Canterbury.

Aniela Zagórska, Karola Zagórska agus Joseph Conrad, Nua Eabhrac

Bhí Conrad 36 bliana d'aois nuair a d'éirigh sé as an mairnéalacht le dul leis an scríbhneoireacht.

Tháinig an chéad úrscéal leis, is é sin, Díth céille Almayer, i gcló sa bhliain 1895. B'í an Fhraincis francbhéarla na nEorpach ardoilte san am, agus í go paiteanta ag Conrad féin as a óige: b'ábhar iontais é go bhféadfadh aon duine an tríú teanga a bhí foghlamtha aige a úsáid chomh líofa sin i litríocht. Rud nach mbeifeá ag súil lena mhalairt,

Taom croí ba thrúig bháis do Chonrad ar an tríú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 1924. Ní raibh ach 66 bliain d’aois aige ag an am.

Tairgeadh céim uasal dó mar ridire sa bhliain roimhe sin, ach níor ghlac sé leis an ridireacht.

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é saol na farraige timpeallacht na n-imeachtaí i gcuid mhaith de na scéalta a scríobh sé. Thug sé cur síos cuimsitheach ar réabhlóideachas Mheiriceá Theas ina úrscéal Nostromo. Thairis sin, bhí sé ar dhuine de cheannródaithe an úrscéil spiaireachta leis an dá shaothar úd The Secret Agent agus Under Western Eyes.

Ós rud é go raibh saoltaithí an Pholannaigh aige, ba nádúrtha leis spiaireacht, sceimhlitheoireacht agus achrann polaitíochta a phlé ina chuid scríbhneoireachta - b'ábhar adhnua iad na téamaí sin i scríbhneoireacht Shasana go dtí sin.

1915

Droichead thar an scoilt idir réadúlacht leithéidí Charles Dickens agus an nua-aoiseachas is ea saothar liteartha Chonrad. Mar is dual don Pholannach, ba bheag air scríbhneoireacht na Rúise, siúd is go bhfuil sé furasta é a chur i gcomparáid le Dostaighéavscaí. B'é Íován Tuirgéineav an t-aon scríbhneoir Rúiseach a thaitin leis.

Inniu, is é an mion-úrscéal úd Heart of Darkness is mó a thuilleann clú do Chonrad, agus is é an gnáthmheas ar an leabhar seo ná gur ionsaí ar an gcoilíneachas atá ann. Níl cách ag aontú leis an gciallú sin. Mar shampla, fuair an scríbhneoir Nigéireach Chinua Achebe an-locht ar theanga agus ar shamhlaoidí Chonrad, agus é den tuairim nach féidir Conrad a shaoradh ó líomhain an chiníochais.

1923

Deir léirmheastóirí eile, áfach, nach mbréagnaíonn an dá chuid a chéile. Ós rud é go raibh Conrad ag scríobh i dtréimhse a bhí tugtha don chiníochas, ní raibh sé féin in ann ciníochas na linne a tharchéimniú: ní hionann sin is a rá, áfach, nach bhféadfadh sé a bheith ag iarraidh criticeoireacht a dhéanamh ar an gciníochas mar rud.

Uaigh i gCanterbury

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Conrad ar dhuine de na scríbhneoirí Victeoiriacha a bhí i bhfaisean nuair a thosaigh an Gúm ag cur Gaeilge ar sheoda na litríochta domhanda, agus mar sin, d'aistrigh Seosamh Mac Grianna ceann dá chuid saothar, Díth Céille Almayer ("Almayer's Folly") go Gaeilge.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]