Kraków

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cracó)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilKraków

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 50°03′41″N 19°56′14″E / 50.0614°N 19.9372°E / 50.0614; 19.9372
Stát ceannasachan Pholainn
Voivodeship of Poland (en) AistrighLesser Poland Voivodeship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán804,237 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,459.44 hab./km²
Teanga oifigiúilan Pholainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deLesser Poland Voivodeship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla327 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Viostúile Cuir in eagar ar Wikidata
Airde219 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthúluach anaithnid (<8 haois)
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachKraków City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Méara Kraków Cuir in eagar ar WikidataJacek Majchrowski (2002–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist30-001 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód12 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSPL213 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinkrakow.pl Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Kraków an dara cathair is mó agus ceann de na cathracha is sine sa Pholainn. Tá an chathair seo, a bhfuil stair aici a théann siar go dtí an 7ú haois, suite ar abhainn darb ainm an Viostúile (Polainnis: Wisła) i gcúige na Polainne Bige (Polainnis: Małopolska). Ba phríomhchathair na Polainne í Kraków go dtí 1596 agus de réir seanchais is ceann de na hionaid is tábhachtaí i saol acadúil, cultúrtha agus ealaíonta na Polainne í Kraków. Luaitear í mar cheann de na cathracha is áille san Eoraip, agus dearbhaíodh a Seanbhaile le Caisleán Ríoga Wawel ina Shuíomh Oidhreachta Domhanda de chuid EOECNA i 1978, ceann de na céad shuíomhanna ar domhan a fuair an stádas sin.

Thosaigh Kraków mar ghráig ar Chnoc Wawel agus chuir Ibrahim ibn Yaqub in iúl gur lárionad trádála gnóthach de chuid Lár na hEorpa í sa bhliain 965. Tar éis don Dara Poblacht na Polainne a theacht chun cinn i 1918 agus i rith na fichiú haoise, d'athdhearbhaigh Kraków a gnó mar lárionad náisiúnta acadúil ealaíonta le hollscoileanna agus lárionaid chultúrtha nua. Tá thart ar 780,000 daoine ina gcónaí i Kraków, le thart ar 8 milliún duine faoi chéad ciliméadar timpeall a lárchearnóg.

I ndiaidh an ionraidh a rinne Gearmáin na Naitsithe ar an Pholainn i dtús an Dara Cogaidh Domhanda, ba é an Distrikt Krakau (Ceantar Kraków) nua príomhchathair an Rialtais Ghinearálta a chuir an Ghearmáin ar bun. Brúdh na Giúdaigh a bhí ina gcónaí sa chathair isteach i gceantar faoi bhallaí a tugadh Geiteo Kraków air. Ón áit sin a seoladh chuig campaí díothaithe agus na sluachampaí de shaghas Auschwitz agus Płaszów iad.

Rinneadh pápa de Karol Wojtyła, Ardeaspag Kraków, i 1978 a raibh an t-ainm Pápa Eoin Pól II air ina dhiaidh sin. An chéad phápa nach raibh ina Iodálach le 455 bliain ab ea é. Sa bhliain chéanna, ghlac EOECNA le seanbhaile agus lár stairiúil Kraków, chomh maith le mianach salainn Wieliczka, mar a chéad Suíomh Oidhreachta Domhanda, in éineacht le Quito.

I measc a hoidhreachta cultúrtha, tá Ardeaglas Wawel agus Caisleán Ríoga Wawel in aice an Viostúile, Ardeaglas Mhuire, Teampall Pheadair agus Phóil agus cearnóg mhargaidh is mó na hEorpa, Rynek Główny.

Tá ceann de na hollscoileanna is sine ar domhan le fáil ann, Ollscoil Jagiello. Chomh maith leis sin tá an Iarsmalann Náisiúnta, Opera Kraków, Amharclann Juliusz Słowacki, Amharclann Náisiúnta Stary agus Leabharlann Jagiello sa chathair. Is é Aerfort Idirnáisiúnta Eoin Pól II an dara haerfort is gnóthaí sa tír agus an t-aerfort is tábhachtaí dóibh siúd atá cónaí orthu in oirdheisceart na Polainne.

Ainmníodh Kraków an Phríomhchathair de Chultúr na hEorpa i 2000. Glacadh le Kraków mar Cathair Litríochta de chuid EOECNA i 2013. Bhí Lá Domhanda na hÓige ar siúl sa chathair i 2016 agus Cluichí na hEorpa i 2023.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]