EOECNA
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Sonraí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | UNESCO agus ONUÉSC ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cineál | specialized agency of the United Nations (en) ![]() eagraíocht idir-rialtasach eagraíocht idirnáisiúnta eagraíocht ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teanga oifigiúil | Béarla, an Spáinnis, an Fhraincis, an Rúisis, an Araibis agus an tSínis ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Foirm dlí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Téann in áit | International Committee on Intellectual Cooperation (en) ![]() ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dáta a bunaíodh | 16 Samhain 1945 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Suíomh a chartlainne |
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Limistéar oibriúcháin | domhanda ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ball de | Global Citizen Science Partnership (en) ![]() Global Academic Integrity Network (en) ![]() ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ballraíocht | 193 (2019) ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Rialachas corparáideach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ceanncheathrú (1958–) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uachtaránacht | Audrey Azoulay (2017–) ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Máthaireagraíocht | na Náisiúin Aontaithe ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fochomhlacht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Úinéir de | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eile | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | en.unesco.org ![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Príomhoifig
|
Is gníomhaireacht speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a bunaíodh sa bhliain 1945 é Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA)[1].
Bunaíodh é faoi Chairt na Náisiún Aontaithe le haghaidh comhoibriú idirnáisiúnta i réimsí oideachasúla, eolaíochta, agus cultúrtha a chur chun cinn.
Tá 193 ballstát agus 6 ball comhlacha ag UNESCO sa bhliain 2020.[2] D'éirigh SAM as sa bhliain 1984.[3]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/11/UNESCO_%40_Paris_%2831999641384%29.jpg/220px-UNESCO_%40_Paris_%2831999641384%29.jpg)
Suíomhanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá oifigí ag UNESCO i go leor suíomhanna timpeall an domhain. Tá a ceanncheathrú lonnaithe i bPáras na Fraince.
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain UNESCO i 1992 le haitheantas a thabhairt d’oidhreacht dhoiciméadach a measann saineolaithe a bheith de “shuntas den scoth” do chultúr an domhain.[4] Bhunaigh UNESCO clár Cuimhne an Domhain i 1992 chomh maith chun caomhnú a dhéanamh ar ábhar luachmhar oidhreachta a bhí i mbaol de bharr na cogaíochta agus an tsuaite sóisialta nó de bharr easpa acmhainní.[5]
2011ˑ Cuireadh an Leabhar Cheanannais le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO.
2018ː Cuireadh Cnuasach Bhéaloideas Éireann le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO.[6] Tá an cnuasach béaloidis le háireamh ar chlár UNESCO mar gheall ar a “thábhacht dhomhanda” agus “an luach domhanda thar na bearta don chultúr”.
Sa bhliain 2017, bhí stádas UNESCO á lorg don Ghàidhlig, do chultúr Gaelach na hAlban agus do na h-Eileanan Siar. Ach ní bhfuair siad é (fós).
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/93/Garda_V_Defence_Forces_%288119777732%29.jpg/220px-Garda_V_Defence_Forces_%288119777732%29.jpg)
Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí na Nollag 2015 dhaingnigh Éire Coinbhinsiún 2003 UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe.[7] Tagraíonn oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe ‘do na cleachtais, léirithe, nathanna, eolas, scileanna - chomh maith leis na hionstraimí, réada, déantáin agus spásanna cultúrtha lena gcois - a aithníonn pobail, grúpaí agus, i roinnt cásanna, daoine aonair mar chuid dá n-oidhreacht chultúrtha.
Ghlac UNESCO le cluiche na hiománaíochta,[8] píobaireacht uilleann agus cláirseoireacht na hÉireann, mar chuid d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- UNESCO.org Líonláithreán oifigiúil UNESCO
- whc.unesco.org Líonláithreán oifigiúil Oidhreacht an Domhain le liosta iomlán agus bunachair shonraí fairsinge
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ United Nations Educational, Scientific and Cultural Organisation
- ↑ unesco.org (2020). "Countries" (en). UNESCO. Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ "About the U.S. and UNESCO". 2009-2017.state.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-02. Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ "An tAire Stáit McHugh - Stádas mór le rá UNESCO bronnta ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann UCD | An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta" (en). Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ "Cnuasach Bhéaloideas Éireann á chur le Clár Chuimhne an Domhain UNESCO" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ Daithí De Mórdha (2018). "‘Leanbh tabhartha’ Bill Gates agus Peig Sayers agus ‘The State Papers of a Forgotten and Neglected People’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ "Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe | An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta" (en). Dáta rochtana: 2020-11-16.
- ↑ "Aitheantas cultúrtha idirnáisiúnta bronnta ag UNESCO ar chluiche na hiománaíochta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-16.