Campa Géibhinn Auschwitz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Campa Géibhinn Auschwitz
Auschwitz-Work Set Free-new.JPG

Líon na ndaoine a cuireadh chuig Auschwitz 1.3 milliún
Líon na ndaoine a maraíodh in Auschwitz 1.08 milliún
Suíomh Auschwitz sa Pholainn
Ceannasaithe Rudolf Höss, Arthur Liebehenschel, Richard Baer
Bunchúis Claontacht in aghaidh na Giúdach
An dune a chuir tús leis an Campa géibhinn Adolf Hitler (Ceannaire na Naitsithe)
An datá a d'oscail an campa 14 Meitheamh 1940
An datá a saoradh é 27 Eanáir 1945
Ba ghrúpa de champaí géibhinn é Auschwitz a reáchtáil na Naitsithe Gearmánacha i rith an Dara Cogadh Domhanda. Bhí trí champaí móra ann agus trí champaí níos lú in Auschwitz. Ba an príomhchampa é Auschwitz I agus choinnigh sé príosúnaigh ó 1940 go 1945. Ba an campa díothaithe (campa an bháis) is mó é Auschwitz II (Birkenau) a bhí reáchtáil ag an Ghearmáin na Naitsithe le linn an Uileloiscthe. Ba Auschwitz III (Monowitz) agus na fo-champaí obair éigeantais iad agus áit a raibh príosúnaigh ag obair mar sclábhaithe. Bhí na campaí Auschwitz suite i mbaile sa Pholainn darb ainm (“Auschwitz” an t-ainm Gearmáinise do “Oświęcim”). Sa Ghearmáin, Konzentrationslager Auschwitz (KZ Auschwitz) an t-ainm a bhí ar Auschwitz, ciallaíonn sé campa géibhinn Auschwitz. Meastar gur chuir na Naitsithe 1.3 milliún duine ar a laghad chuig Auschwitz idir 1940 agus 1945. Fuair thart ar 1.1 milliún de na daoine seo bás nó maraíodh iad ag Auschwitz.
"Roghnú" na nGiúdach Ungárach, Auschwitz-Birkenau, Bealtaine 1944

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gach lá thug údaráis na Naitsithe go leor príosúnaigh go Auschwitz ar thraenacha. Nuair a shroich siad Auschwitz, bhí na príosúnaigh deighilte i dtrí ghrúpa. “Roghnú” an t-ainm a bhí ar an phróiseas seo. Seo é an bealach a shocraigh an SS (Schutzstaffel) cé acu de champaí Auschwitz a rachadh gach príosúnach. Cuireadh thart ar 75-80% de na daoine a díbríodh chuig Auschwitz chuig na seomraí gáis sa chéad roghnú chomh luath agus a tháinig siad. Le linn an phróisis roghnúcháin, b’éigean do na príosúnaigh a chuid earraí ar iompar acu a ghéilleadh don SS. Cuireadh a bagáiste le chéile ar an ardán le seoladh chuig an Ghearmáin agus le díol ansin. Tar éis an chéad roghnú, ní raibh aon chinnteacht ann go mairfeadh na príosúnaigh seo. Maraíodh daoine de bharr an easpa bia, traochadh, céasadh, galair, turgnaimh eolaíochta agus ó na dálaí crua an tsaoil laethúil agus sclábhaíocht sa champa. I ndiaidh príosúnacht, ní raibh an meán ionchas saoil ach cúpla seachtain in Auschwitz.
Oskar Schindler
Príosúnaigh Ghiúdacha ag obair mar "Sonderkommandos".

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Josef Mengele - Auschwitz

Roghnaíodh an chuid is mó de na príosúnaigh a cuireadh chuig Auschwitz chun báis. Shocraigh an SS gur chóir iad a mharú láithreach i rith an chéad roghnú. Dé ghnáth, chuir an SS gach páiste, formhór na mban, mná le páistí óga, seandaoine go léir, daoine le cuma thinn agus daoine faoi mhíchumas coirp sa ghrúpa seo. Thug na gardaí SS na daoine seo díreach chuig na seomraí gáis in Auschwitz agus maraíodh iad le gás nimhe. D’úsáid na gardaí SS cineál ciainíd hidrigine, cineál gáis nimhe a dtugtar oibreán fola. Zyklon B a bhí an t-ainm ar an ngás nimhe seo.

Obair éigeantais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnaigh an SS na daoine láidre agus sláintiúla chun sclábhaíocht a dhéanamh. De réir taifid, idir 1940 agus 1945, d’oibrigh thart ar 405,000 daoine mar sclábhaithe agus fuair 84% díobh (340,000) bás.

Shábháil Oskar Schindler (fear gnó Gearmánach) 1,200 Giúdach ón bPolainn nuair a d’fhostaigh sé iad ina monarchana cruan agus armlón.

Poist speisialta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnaigh oifigigh SS grúpa daoine eile d’fhéadfaidís a úsáid le haghaidh poist speisialta nó turgnaimh leighis. Roghnaigh an SS daoine áirithe chun cabhrú leis na príosúnaigh eile a chosaint. Níos minice ná a mhalairt, roghnaigh siad coirpigh fhoréigneacha don phost seo. “Kapos” an t-ainm a bhí ar na daoine seo. Ní raibh an oiread gardaí SS de dhíth ar na campaí mar gheall ar “Kapos” ag cabhrú leis na campaí a reáchtáil. Cé nár íocadh iad, fuair na Kapos cóireáil speisialta.

Roghnaigh an SS roinnt daoine freisin a bheith ag obair sna seomraí gáis agus sa chréamatóir. “Sonderkommando” an t-ainm a bhí ar na daoine seo.

Mar gheall ar na Kapos agus na Sonderkommandos, bhí sé indéanta le haghaidh líon beag gardaí SS na mílte agus na mílte príosúnaigh ag Auschwitz a rialú. Ar an iomlán, d’oibrigh thart ar 7,000 ball SS ag Auschwitz.


An Dochtúir Josef Mengele[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go luath i 1943, ceapadh An Dochtúir Josef Mengele ina príomhoifigeach leighis ag Auschwitz. Mengele a thugtaí ar ‘An t-aingeal an bháis’ (Béarla: The Angel of Death) freisin. Mar chuid dá dhualgais, thug Mengele cuairt ar bheairic an ospidéil agus thug sé orduithe do na príosúnaigh má tá aon duine fós tinn tar éis coicís sa leaba, ní bheadh aon rogha acu ach chuirfeadh chun an seomra gáis iad.

Bhí suim mhór ag an Dochtúir Josef Mengele i gcúplaí comhionanna, abhaic, daoine le súile dhá dhath éagsúla, agus daoine le mínormáltacht choirp. Chuir an SS na daoine seo chuig ospidéal an champa agus rinne Mengele turgnaimh leighis orthu.

Rinne Mengele roghnúcháin freisin mar chuid dá chuid oibre sa tsúil go bhfaighidh sé ábhair dá thurgnaimh. Mheall sé na páistí le milseáin. San áireamh sna turgnaimh seo ab é na príosúnaigh a reo agus a chur faoi lampaí teasa. Fuair go leor príosúnaigh bás mar gheall ar na turgnaimh seo.


Dálaí maireachtála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí dálaí maireachtála an champa uafásach. Tar éis roghnú, cuireadh na daoine a roghnaíodh chun obair sa champa go díreach chuig an “sauna”, áit a raibh siad díghalraithe, bearrtha agus níor fhág an SS aon ní luachmhar ar na príosúnaigh. I ndiaidh seo tugadh éide champa dóibh agus tatú orthu le huimhir in áit a n-ainmneacha. Sampla de na Naitsithe ag iarraidh dídhaonnú a dhéanamh ar dhaoine ba ea é sin.

Le linn a saoil in Auschwitz, ní bhfuair na príosúnaigh ach éide amháin agus péire bróg míchompordach amháin. B’éigean dóibh an éide chéanna a chaitheamh nuair a bhí siad ag obair i rith an lae agus nuair a chuaigh siad a chodladh san oíche.

Leapacha bhuinc in Auschwitz Birkenau.
Beairic ag Auschwitz I

Bhí scaipeadh galar tógálach ann sa champa mar gheall ar éadaí bochta, plódú agus ocras. Ní raibh na príosúnaigh in ann teacht ar ais ón tinneas mar bhí siad ina gcónaí i ndálaí maireachtála míshláintiúla le droch-aeráil. Sa gheimhreadh crua sa Pholainn ní raibh a n-áit chónaithe inslithe agus fuair go leor acu bás leis an bhfuacht. Ní raibh aon seomra folctha ann sa bheairic. In ionad bhí buicéad amháin ann idir na céadta duine i ngach bloc.

Ba é an t-ocras an phríomhchúis leis an mbás sa champa agus an fáth nach raibh an meán ionchas saoil ach cúpla seachtain in Auschwitz. De ghnáth fuair na príosúnaigh ciondáil ghannchothaithe sa champa. Fuair siad mias anraith caol déanta de ghlasraí lofa nó feoil i rith an lae. Roimh leaba tugadh crústa aráin agus píosa beag margairín dóibh.

Sa chéad chúpla mí sa champa níl aon leaba nó troscán le fáil do na príosúnaigh. Chodail siad ar an urlár ar thochtanna déanta de thuí. I mí Feabhra sa bhliain 1941 tháinig leaba bhuinc trí shraith isteach sna bloic sa bheairic. Bhí na bloic róphlódaithe agus chodail na príosúnaigh le chéile ar a thaobh sna leapacha.

Na campaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Auschwitz I[cuir in eagar | athraigh foinse]

Choinnigh na Naitsithe príosúnaigh ag Auschwitz ón 14 Meitheamh 1940 go dtí an 27 Eanáir 1945.

Tháinig 728 de na chéad phríosúnaigh chuig Auschwitz I ón bPolainn. Tar éis na ndaoine seo tháinig 48 fear homaighnéasach ón nGearmáin. Ina dhiaidh sin, shroich na Giúdaigh Auschwitz mar príosúnaigh. Ó 1940 go 1941 bhí idir 13,000 agus 16,000 príosúnaigh ann in Auschwitz. Roimh 1942, bhí 20,000 príosúnaigh ann.

Bloc ocrais in Auschwitz
An seomra gáis in Auschwitz
Zyklon B in Auschwitz

Pionóis agus céasadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh go leor cineálacha seomraí chun príosúnaigh a phionósú agus a chéasadh. Bhí cillíní seasaimh ann, seomraí a bhí 1.5 méadar cearnach i méid. Choinneodh an SS ceathrar príosúnaigh i ngach ceann de na seomraí seo. Ní raibh an dara rogha acu ach seasamh an oíche ar fad. Ina dhiaidh sin, b’éigean dóibh obair an lá dár gcionn.

Bhí cillíní ocrais ann freisin. Chuirfeadh an SS na príosúnaigh faoi ghlas sna seomraí seo mar phionós agus níor thug siad aon bhia ná uisce dóibh. D’fhág siad na príosúnaigh chun bás a fháil de bharr dhíhiodráitiú nó leis an ocras.

Rudolf Höss nóiméad roimh a dhúnmharú

D’úsáid na gardaí SS cillíní plúchadh mar phionós agus céasadh sa champa freisin. Chuirfeadh an SS mórán príosúnaigh faoi ghlas sna seomraí. Ní raibh ach fuinneog bheag amháin. Nuair a bhí na príosúnaigh ag ionanálú an ocsaigin isteach ina scamhóga sa seomra, níos lú agus níos lú ocsaigin a bhí fágtha acu. Sa deireadh, bhí a laghad sin ocsaigin a bhí fágtha sa seomra agus fuair siad bás de bharr a bplúchta.

Uaireanta, cheangail an SS lámha príosúnaigh taobh thiar dá dhroim agus chroch siad na príosúnaigh ag a chaol na láimhe. Mar thoradh air seo, bhrisfeadh ailt ghualainn an duine. Fágadh iad ag crochadh mar seo ar feadh uair an chloig i ndiaidh uair an chloig nó ar feadh laethanta, agus uaireanta go dtí go bhfuair na príosúnaigh bás. Uaireanta crochadh roinnt príosúnaigh ag an muineál agus fuair siad bás mall agus pianmhar.

Seomra gáis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain an SS triail as ag marú príosúnaigh le Zyklon B den chéad uair ag Auschwitz I ar an 3ú Meán Fómhair sa bhliain 1941. Bhí an chéad triail le Zyklon B rinneadh ar 600 príosúnaigh agus 250 duine Polainnise. Nuair a mharaigh an Zyklon B na príosúnaigh seo go rathúil, d’aithin an SS go raibh siad in ann na príosúnaigh a mharú i bhfad níos gasta ar an mbealach seo ná ag lámhach iad. Thóg siad seomra gáis agus chur sé ar chumas an SS chun níos mó ná 700 duine a mharú ag an am céanna. Chomh maith leis an seomra gáis, thóg siad créamatóir i mbloc 11 den champa. Maraíodh thart ar 60,000 duine idir 1941 agus 1942 sa seomra gáis seo.

Inniu, tá an seomra gáis ann fós. Atógadh é ag úsáid a chodanna bunaidh.

Auschwitz II (Birkenau)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Birkenau i mí Dheireadh Fómhair mar gheall ar an phlódú i Auschwitz I. Faoin an am seo, shocraigh Adolf Hitler (Ceannaire na Naitsithe) chun na Giúdaigh ar fad a mharú. “An Réiteach Deireanach” (Béarla: The Final Solution) an t-ainm a bhí ar an bplean seo. Go luath tar éis a tógadh é d’ordaigh ceannaire an SS, Heinrich Himmler go n-úsáidfí Auschwitz II mar ionad maraithe.

Bhí trí sheomraí gáis ann sa Birkenau. Thóg na Naitsithe na seomraí gáis le cuma cithfholcadán orthu agus mar sin cheap na príosúnaigh go raibh siad ag dul go dtí an seomra gáis chun cithfholcadh a thógáil. Ansin chuir an SS Zyklon B isteach sna seomraí gáis agus maraíodh gach duine istigh. Dódh a gcorp go luaithreach taobh istigh sna ceithre chréamatóir i ndiaidh seo.

Ba é Auschwitz II (Birkenau) campa an bháis is mó i Gearmáin na Naitsithe le linn an Uileloiscthe. Mharaigh an SS níos mó daoine ag Auschwitz ná aon cheann de champaí an bháis na Naitsithe eile. Bhí na Naitsithe in ann 2,000 daoine a mharú gach 30 nóiméad sna seomraí gáis.

Auschwitz III (Monowitz)[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’oibrigh na príosúnaigh mar sclábhaithe i monarcha IG Farben agus i monarchana ag déanamh airm do na trúpaí Gearmánacha ag Monowitz. D’oscail an mhonarcha IG Farben i 1941. I mí Dheireadh Fómhair i 1942, b’éigean do na príosúnaigh an campa Monowitz a thógáil chun sclábhaithe a cónaí ann. Idir 1941 agus 1945 d’oibrigh thart ar 35,000 príosúnaigh ag an monarcha IG Farben agus fuair thart ar 25,000 de na príosúnaigh bás leis an ocras, galar agus sclábhaíocht.

Frithbheartaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi dheireadh 1943, bhunaigh grúpaí a chuir in aghaidh na Naitsithe. Chabhraigh na grúpaí seo roinnt príosúnaigh éalú ón gcampa. Thug na daoine seo eolais don domhan faoi ina raibh ag tarlú in Auschwitz. Rinne thart ar 700 príosúnaigh iarracht éalú ó na trí champaí ag Auschwitz. Bhí thart ar 300 de na príosúnaigh in ann éalú.


Ceannasaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Rudolf Höss an ceannfort is faide de champa géibhinn Auschwitz. Ón 4 Bealtaine 1940 go dtí mí na Samhna 1943 agus ón 8 Bealtaine 1944 go dtí an 18 Eanáir 1945 bhí Höss i gceannas ar Auschwitz. Idir mí na Samhna 1934 go dtí mí na Bealtaine, tháinig Arthur Liebehenschel agus Richard Baer i gceannas ar an gcampa.

Gabhadh Höss an 11 Márta 1946 sa Ghearmáin. Cuireadh Höss ina leith gur dhúnmharaigh sé trí mhilliún go leith duine. Mar fhreagra ar an chúiseamh seo, d’fhreagair sé “Níl, ach dhá mhilliún go leith, fuair an chuid eile bás leis an ocras agus den ghalar”.

Tugadh breith bháis Höss trí chrochadh ar 2 Aibreán 1947.

Saoirse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi dheireadh 1944, bhí an tArm Dearg gar do Auschwitz. Shéid an SS na seomraí gáis ag Birkenau chun a ngníomhartha a cheilt. Scrios siad go leor foirgnimh eile sa champa. Thosaigh na Gardaí SS ag imeacht Auschwitz ar 17 Eanáir 1945. B’éigean níos mó ná 58,000 de na príosúnaigh máirseáil i dtreo an iarthair go dtí na cathracha Gliwice nó Wodzilaw. Nuair a shroich siad na cathracha seo thaistil siad chuig campaí géibhinn sa Ghearmáin ar an traein. D’fhág siad na príosúnaigh nach raibh in ann máirseáil ina ndiaidh. Fuair thart ar 38,000 príosúnaigh bás ar an máirseáil éigeantais. Shroich an tArm Dearg Auschwitz ar 27 Eanáir 1945 agus scaoil siad saor thart ar 7,500 príosúnaigh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

1."Auschwitz | Facts, Location, & History" (en).Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-04-05.

2."Auschwitz" (en).encyclopedia.ushmm.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

3."The unloading ramps and selections / Auschwitz and Shoah / History / Auschwitz-Birkenau".auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

4."Daniel Tannenbaum (2019-04-03). "The Holocaust Selection Process For Gas Chambers" (en-GB). Holocaust Matters. Dáta rochtana: 2020-04-05.

5."Executions / Punishments and executions / History / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

6."History B. A.. "How Did Zykon B Murder Over a Million People?" (en). ThoughtCo. Dáta rochtana: 2020-04-05.

7."Gas chambers / Auschwitz and Shoah / History / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

8."Gas chamber I / Permanent Exhibition / Visiting / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

9."SS | History & Facts" (en).Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-04-05.

10."Oskar Schindler" (in en) (2020-01-17). Wikipedia.

11."Oskar Schindler" (en).encyclopedia.ushmm.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

12."Online Exhibition — United States Holocaust Memorial Museum". www.ushmm.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

13."The Sickening Experiments Of Dr. Josef Mengele, The Nazi "Angel Of Death"" (en-US). All That's Interesting (2016-06-06). Dáta rochtana: 2020-04-05.

14."Josef Mengele | Biography & Facts"(en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-04-05.

15."What Did Kapos Do in the Nazi Concentration Camps?" (en).ThoughtCo. Dáta rochtana: 2020-04-05.

16."Who was in charge at the SS camps? – The Holocaust Explained: Designed for schools" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-04-05.

17."Sonderkommandos" (en).encyclopedia.ushmm.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

18."Sonderkommando - Auschwitz-Birkenau State Museum" (en). Google Arts & Culture. Dáta rochtana: 2020-04-05.

19."Life in the camp / History / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

20."Living Conditions, Labor & Executions at Auschwitz-Birkenau". www.jewishvirtuallibrary.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

21."Diet" (en-US). Auschwitz. Dáta rochtana: 2020-04-05.

22."Block 11 / Punishments and executions / History / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

23."Punishments and executions / History / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

24."History / Auschwitz-Birkenau".auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

25."Monowitz / Auschwitz sub-camps / History / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

26."News / Museum / Auschwitz-Birkenau".auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

27."Administration of the Auschwitz Camp Complex" (en). encyclopedia.ushmm.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

28."Organized resistance / Resistance / History / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

29."Escapes and reports / Resistance / History / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

30."IG Farben / Auschwitz III-Monowitz / History / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

31."News / Museum / Auschwitz-Birkenau".auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

32."Commandants / The SS garrison / History / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

33."January, 17th 1945 | Death March from Auschwitz" (en-US). Auschwitz (2020-01-16). Dáta rochtana: 2020-04-05.

34."Day of liberation / Liberation / History / Auschwitz-Birkenau". auschwitz.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.

35."Liberation of Nazi Camps" (en).encyclopedia.ushmm.org. Dáta rochtana: 2020-04-05.