Primo Levi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPrimo Levi

(1950) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Iúil 1919
Torino, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Aibreán 1987
67 bliana d'aois
Torino, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach agus féinmharú
Áit adhlacthaMonumental Cemetery of Turin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas agus An Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Torino
Liceo Classico Massimo D'Azeglio (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheTorino
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Gníomhaíocht
Gairmceimiceoir, úrscéalaí, scríbhneoir ficsean eolaíochta, dírbheathaisnéisí, scríbhneoir, file, polaiteoir, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1947 –  11 Aibreán 1987
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Gníomhaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCuimhní cinn
Ainm cleiteDamiano Malabaila Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileLucia Morpurgo Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaSimona Levi (uncail) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
1941-1945an tUileloscadh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0505485 Allocine: 86319 Allmovie: p222175 IBDB: 394809
Musicbrainz: 76973584-91bb-4117-9516-869563db6cf1 Find a Grave: 10484482 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceimiceoir agus scríbhneoir Giúdach as an Iodáil ab ea Primo Levi a rugadh i dTorino ar an 31 Iúil 1919 agus a fuair bás san áit chéanna ar an 11 Aibreán 1987. Glactar le Levi mar scríbhneoir den chéad scoth agus mar dhuine de na tráchtairí is críonna agus is géarchúisí den bhfichiú céad.

Tháinig sé slán as an ifreann a bhí in Auschwitz. Is iomaí beart cruálach a chonaic sé ann. Thug sé cuntas iontach ina leabhar, An Tábla Peiriadach, aistrithe go Gaeilge at Matt Hussey.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a athair ina innealtóir leictreach agus a sheanathair ina innealtóir sibhialta. Idir 1937 agus 1941 bhí sé ina mhac léinn ceimice in ollscoil Torino.

Cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sé post i saotharlann i monarcha i Milano i 1942. Ach an bhliain ina dhiaidh sin, le titim rialtas Faisisteach Mussolini agus ionradh na nGearmánach ar thuaisceart na hIodáile, chuaigh Levi isteach i ngrúpa páirtíneach.

Gabhadh é i lár mí na Nollag agus cuireadh i gcampa géibhinn é. I mí Feabhra 1944 tháinig na Gearmánaigh i bhfeighil an champa, agus d’aistrigh na príosúnaigh ar thrucailí oscailte traenach go dtí an campa díothaithe ag Auschwitz sa Pholainn, turas cúig lá. Is ar éigin a tháinig Levi slán as an ifreann sin.

Primo Levi agus Anna Maria Levi, Torre Pellice, 1927/1928

Buaileadh tinn é leis an bhfiabhras dearg tamall beag roimh theacht na Rúiseach agus teitheadh na nGearmánach leis na príosúnaigh “shlána” go dtí na campaí díothaithe ag Buchenwald agus Mauthausen.

Chaith sé roinnt mhíonna i gcampa idirturais i Katowice agus bhain an Iodáil amach ar 19 Deireadh Fómhair 1945 tar éis turas cathair ghríobháin tríd an Úcráin, an Rómáin, an Ungáir, agus an Ostair.

Teaghlach Levi, 1927
1945ː Aistear abhaile - turas cathair ghríobháin tríd an Úcráin, an Rómáin, an Ungáir, agus an Ostair.

An tréimhse iarchogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1946 fuair sé obair i monarcha vearnaisí i ngar do Torino.

D'fhág an tréimhse a chaith sé in Auschwitz a shliocht air go lá a bháis. I ndiaidh an chogaidh, chuaigh sé le scríbhneoireacht le cur síos a thabhairt ar ar ghabh sé tríd. Is iad na leabhair is tábhachtaí dár bhreac sé síos ná Se questo è un uomo ("Más duine é seo"), La Tregua ("An Sos Cogaidh"), Se non ora, quando? ("Cén t-am ach anois?"), agus I sommersi e i salvati ("Iad siúd a bádh agus iad siúd a tháinig slán").

Féinmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

1983

Fuair sé bás nuair a thit sé as fuinneog. Glactar leis go coitianta gur féinmharú a bhí ann, ó bhí dúlagar intinne ag luí air faoin am, agus "aiféaltas an iarmharáin" air fosta - is é sin, bhí náire air gur tháinig seisean, thar aon duine eile, slán as an Uileloscadh, nuair a maraíodh an oiread de dhaoine eile ansin.[1] Téama tábhachtach é aiféaltas an iarmharáin ina chuid leabhar freisin, go háirithe in I sommersi e i salvati.

An Tábla Peiriadach (Il Sistema Periodico)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhar dírbheathaisnéiseach uathúil is sochorraithe is ea Il Sistema Periodico (Gaeilge: An Tábla Peiriadach) a dhéanann taiscéaladh, i 21 caibidil, 21 mineachtra i saol Levi mar cheimicí ag obair le 21 dúil cheimiceach, agus ag déanamh teagmhála ar slí le fulaingt urghránna a phríosúnachta i gcampa báis Auschwitz mar Ghiúdach.

Scríofa go hálainn sochorraithe, tugann sé léargas ar a thromghrá don cheimic agus ar a éachtaí sa réimse sin, ach freisin ar a phróisis mheabhracha is a chrá síceolaíoch san il-loscadh. Chuir an tOllamh Matthew Hussey Gaeilge ar an leabhar mar An Tábla Peiriadach, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2016.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ní raibh Primo Levi gaolmhar leis an scríbhneoir Carlo Levi, Iodálach Giúdach eile a scríobh leabhair thábhachtacha faoina shaol le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "CHAPTER ONE. Survivor Guilt" (as en) (2009-01-10). CHAPTER ONE. Survivor Guilt: 17–55. Princeton University Press. doi:10.1515/9781400827985.17/html. 
  2. "An Tábla Peiriadach le Matt Hussey". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2023-04-11.