Carlo Levi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCarlo Levi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Samhain 1902
Torino, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Eanáir 1975
72 bliana d'aois
An Róimh, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisNiúmóine
Áit adhlacthaAliano Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Sheanad na hIodáile
16 Bealtaine 1963 – 4 Meitheamh 1968
Téarma parlaiminte: 4th Legislature of Italy (en) Aistrigh
Ball de Sheanad na hIodáile
1963 – 1972
Téarma parlaiminte: 3rd Legislature of Italy (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Torino Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht agus litríocht
Suíomh oibre An Róimh
An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir leighis, iriseoir, dochtúir leighis, scríbhneoir scripte, péintéir, polaiteoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1923 –  1974
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtContemporary art (en) Aistrigh
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm1047692 Discogs: 2402159 Find a Grave: 11606719 Cuir in eagar ar Wikidata

Ealaíontóir, dochtúir agus scríbhneoir Iodálach ab ea Carlo Levi, a tháinig ar an saol i dTorino ar an 29 Samhain 1902 agus a fuair bás sa Róimh ar an 4 Eanáir 1975. Chuala an saol mór iomrá ar an leabhar Cristo si è fermato a Eboli ("Níor tháinig Críost ach go hEboli"), inar phléigh Levi an seal a chaith sé ar díbirt i mbaile beag bocht i nDeisceart na hIodáile, Aliano ("Gagliano" sa leabhar) go gairid roimh an Dara Cogadh Domhanda. Tagairt is ea teideal an leabhair don nath a bhí ag muintir na háite: ní Críostaithe sinn, nó níor tháinig Críost ach go hEboli (an chathair is cóngaraí d'Aliano).

Díbríodh Levi go hAliano, ós Giúdach a bhí ann a ghlac páirt i ngníomhaíocht na gluaiseachta rúnda frith-Fhaisistí. Bhain bochtanas na háite stangadh as, nó níor casadh a leithéid air riamh i dtuaisceart saibhir na tíre, arbh as dó, agus thug sé an-chur síos ar an mbochtanas seo sa leabhar. Nuair a foilsíodh Cristo si è fermato a Eboli, tharraing sé súil a lán daoine i dTuaisceart na hIodáile ar chomh bocht is a bhí deisceart na tíre, agus chomh tábhachtach is a bhí sé caighdeán maireachtála an deiscirt a ardú. Bhí tionchar nach beag ag an leabhar ar pholaitíocht iarchogaidh na hIodáile, mar sin.

Ní raibh gaol aige le Primo Levi, cé gurbh as Torino dó chomh maith leis an scríbhneoir eile.