Innealtóireacht leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hawkins Electrical Guide - 3phase Elementary 6wire

Brainse den innealtóireacht ina ndéantar staidéar ar fheidhmeanna praiticiúla leictreachais is leictreonaice.

Go dtí na 1940idí b'earnáil bheag den innealtóireacht i gcoitinne í, teorannaithe don teileachumarsáid, soilsiú agus giniúint, tarchur is dáileadh na cumhachta leictrí. Ach anois baineann sí le táirgeadh, dáileadh, stiúradh is feidhmiú an leictreachais i ngach foirm.

Cuimsíonn sí dáileadh gach gné de dhearadh, insealbhú is bainistiú na gcóras ginte uile, ó fhuinneamh uisce, ola, gual, gás nádúrtha, an ghaoth, an Ghrian, eamhnú núicléach, agus eile.

Baineann dáileadh is stiúradh le soláthar na cumhachta leictrí do thomhaltóirí thar chóras slán sábháilte iontaofa éifeachtach.

Cuimsíonn sí feidhmiú an leictreachais an iliomad trealamh i raidió, radar, soilsiú, mótair, gineadóirí cumhachta, líonraí tarchuir, agus a lán eile. D'fhás an innealtóireacht leictreonach mar fhochuid den innealtóireacht leictreach a phléann le huathoibriú, teileachumarsáid, ríomhairí, córais rialaithe diúracán, satailítí, spásárthaigh, agus eile.[1]

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Innealtóireacht leictreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 371.