Diúracán balaistíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Diúracán a fhaigheann a fhuinneamh cinéiteach le linn a lainseála agus a eitlíonn ansin ar feadh ruthaig, cinntithe ag a luas tosaigh, an domhantarraingt is cúltarraingt fhrithchuimilteach an aeir, go sroicheann an targaid. Sa chiall seo is diúracán balaistíoch piléar ó ghunna, ach le bheith beacht, úsáidtear an téarma do na diúracáin idirilchríochacha is na diúracáin a lainseáltar ó fho-mhuireáin a iompraíonn buamaí núicléacha. Uaireanta bíonn na diúracáin seo fuinnmhithe ag roicéad amháin nó níos mó, gach ceann acu ag adhaint i ndiaidh a chéile is ag titim nuair a bhíonn sé ídithe. Bíonn an chuid eile den diúracán, leis na buamaí, saor chun an ruthag a chríochnú go balaistíoch. Mar mhalairt air seo, tá an diúracán cúrsála, a mbíonn sciatháin air is innill a fhuinnmhíonn é an t-am ar fad ionas gur féidir leis a chúrsa a athrú chun díriú ar thargaid.