Diúracán cúrsála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticDiúracán cúrsála

Cuir in eagar ar Wikidata
Sampla deweapon functional class (en) Aistrigh
Tréithe
Le cuidsubmarine-launched cruise missile (en) Aistrigh
ground-launched cruise missile (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tomahawk Block IV, 10 Samhain 2002

Saghas diúracáin a eitlíonn an t-am ar fad ar eití, agus a thiomáintear le hinneall is ocsaigin ón aer (mar ocsaídeán a mheascann le breosla in umar ar bord) is ea diúracáin cúrsála.

Bíonn sciatháin air, is innill a fhuinnmhíonn é an t-am ar fad, ionas gur féidir leis a chúrsa a athrú chun díriú ar thargaid.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

V-1, seat scoite

Diúracán mar seo ab ea an V-1 de chuid na Gearmáine sa dara cogadh domhanda, a úsáideadh chun Londain is cathracha eile sa Bhreatain a bhuamáil i 1944.

D'athbheoigh na Stáit Aontaithe an coincheap timpeall 30 bliain ina dhiaidh sin chun gnáthbhuamaí is buamaí núicléacha a sheoladh go saor ar spriocanna i gcéin, agus córas ríomhaire ar bord chun iad a dhíriú go cruinn.

Republic-Ford JB-2, KGW LTV-N-2 Loon, 1944

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi seo tá diúracáin cúrsála ag na Stáit Aontaithe ar féidir a lainseáil ón talamh, longa is fomhuireáin, agus an t-aer.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Diúracán cúrsála". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 216.