Vladimir Nabokov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Vladimir Nabokov
Vladimir Nabokov 1973.jpg
Saol
Eolas breitheCathair Pheadair, 10 Aibreán 1899 (sa féilire Iúil), 22 Aibreán 1899, 1899
NáisiúntachtImpireacht na Rúise
Stáit Aontaithe Mheiriceá
Áit chónaitheMontreux
Ashland
Cathair Pheadair
Beirlín
Páras
Cannes
Menton
Livadiya (en) Aistrigh
Cambridge
Prág
Antibes
Fréjus
Manhattan
Wellesley
Cambridge
Ithaca
Chauncy Street (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisAn Rúisis
BásMontreux, 2 Iúil 1977
Áit adhlacthareilig Clarens
Cúis bháisbás nádúrtha (galar)
Muintir
AthairVladimir Dmitrievich Nabokov
MáthairYelena Rukavishnikova
Céile/CéilíVéra Nabokov (en) Aistrigh  (Aibreán 15, 1925, Aibreán 1925 -  Iúil 2, 1977)
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
Teaghlach
liosta iomláin
TreibhTeaghlach Nabokov
Oideachas
Alma materColáiste na Tríonóide, Cambridge 1922) Baitsiléir Ealaíon : Litríocht na Rúise, Iasceolaíocht, Litríocht na Fraince
Ollscoil Cambridge
Teangachaan Fhraincis
an Béarla
An Rúisis
Gairm
Gairmúrscéalaí, file, scríbhneoir, míoleolaí, aistritheoir, drámadóir, dírbheathaisnéisí, scríbhneoir scripte scannáin, léipidipteolaí, múinteoir ollscoile, léirmheastóir liteartha, iriseoir, scríbhneoir ficsean eolaíochta, chess composer (en) Aistrigh, imreoir fichille, scoláire liteartha, feithideolaí agus learned literary (en) Aistrigh
Áit oibreCambridge, Beirlín, Páras agus Montreux
FostóiríOllscoil Harvard
Coláiste Wellesley  (1941 -  1948)
Ollscoil Cornell  (1948 -  1959)
Saothar iomráiteachThe Defense (en) Aistrigh
The Real Life of Sebastian Knight
Lolita
Pale Fire (en) Aistrigh
Speak, Memory (en) Aistrigh
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Duais Nobel sa Litríocht
(1963)
[[Academy Award for Best Writing, Adapted Screenplay (en) ]]
(Feabhra 25, 1963) : [[Lolita (en) ]]
Duais Nobel sa Litríocht
(1964)
Duais Nobel sa Litríocht
(1965)
Duais Nobel sa Litríocht
(1966)
Gluaiseachtnua-aoiseachas
SloinnteВладимир Сирин, ვლადიმერ სირინი agus Vladimir Sirin
Gluaiseacht ealaíneaoir
Cleamhnú
ReiligiúinAgnóisí
IMDbnm0618603
vladimir-nabokov.org
Discogs ID845175
Vladimir Nabokov signature.svg

Úrscéalaí Rúiseach-Mheiriceánach ab ea Vladimir Vladimirovich Nabokov, a rugadh ar an 22 Aibreán 1899 i gCathair Pheadair, an Rúis, agus a cailledh i Montreux, an Eilvéis, ar an 2 Iúil 1977).

Vladimir Sirin an t-ainm cleite a d'úsáideadh sé uaireanta. Is é Lolita, an t-úrscéal conspóideach a scríobh sé as Béarla faoi scéal péidifileach grá, an saothar is mó a tharraing súil na ndaoine air, ach le fírinne chum sé a lán leabhar ceannródaíoch eile, ar nós Pale Fire. Níor shocraigh sé síos i Meiriceá ach sa bhliain 1940.

Lolita[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannán sa bhliain 1962

Úrscéal Béarla de chuid Vladimir Nabokov ab ea Lolita. Humbert Humbert is ea príomhcharachtar an úrscéil agus is iad na rudaí a dhéanann seisean le Lolita le linn an scéil a rinne téacs conspóideach de. Cuireadh an saothar faoi chois ar bhonn graostachta ar dtús, graostacht á cur i láthair mar ealaín atá ann a deirtear.

Vladimir Nabokov sa bhliain 1969

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Nabokov ina scríbhneoir tábhachtach ina theanga dhúchais féin sular aistrigh sé go dtí na Stáit Aontaithe, ach nuair a d'aistrigh, chuaigh sé leis an mBéarla ar fad mar theanga scríbhneoireachta. Is mar scríbhneoir Béarla a bhain sé amach clú domhanda.

Bhí Béarla agus Fraincis aige óna chéad óige, nó cosúil lena lán uaisle Rúiseacha san am tógadh go hilteangach é. San am chéanna is léir gur Béarla seanfhaiseanta ardliteartha a bhí aige riamh, agus is léir do léitheoirí a chuid saothar nár tógadh in aon tír Bhéarla é.

Dealbh Vladimir Nabokov

Feithideolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Nabokov ina fheithideolaí, agus d'aithin agus d'ainmnigh sé cúpla speiceas nua d'fheileacáin. Bhí sé ina thacsanomaí (is é sin, ina aicmitheoir speiceas nua), ach ní raibh tuiscint ródhomhain aige ar an mbitheolaíocht - a mhalairt ar fad níor chreid sé sna géinte ná i dteoiricí nua-aoiseacha na hoidhreachtúlachta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]