Thomas Moore

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaThomas Moore

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Bealtaine 1779
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Feabhra 1852
72 bliana d'aois
Sloperton Cottage, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaBromham Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, cumadóir amhrán Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Fhraincis
UirlisCeol gutha
Teaghlach
CéileElizabeth Dyke Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Moore  agus Anastasia Codd
Gradam a fuarthas

IBDB: 414899
Musicbrainz: 68b30416-113c-4c2e-8ca2-9a50a62fd5b7 Songkick: 8660 Discogs: 701172 IMSLP: Category:Moore,_Thomas Find a Grave: 21268707 Cuir in eagar ar Wikidata

File agus liriceoir Éireannach ab ea Thomas Moore (Tomás Ua Mórdha atá air i nGaeilge uaireanta; 28 Bealtaine 1779 - 25 Feabhra 1852), a rugadh i mBaile Átha Cliath. Is mar liriceoir is fearr atá cuimhne air inniu; bhain sé clú agus cáil amach nuair a chuir sé Béarla ar fhoinn traidisiúnta, Moore's Irish Melodies.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thomas Moore, le Thomas Lawrence

Rugadh Thomas Moore os comhair shiopa grósaera a athar ar chúinne Shráid Aungier i mBaile Átha Cliath. Tógadh a athair sa Ghaeltacht i gContae Chiarraí. B’ as Loch Garman í a mháthair, Anastasia Codd. D’fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide, áit a thug ceart dul isteach le gairid do mhic léinn Chaitliceacha. Ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar chúrsa Iarchéime d’Abhchóidí ag an Teampall Láir i Londain, Sasana.

Cumadóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níorbh fhada go raibh móréileamh ar a chuid oibre i measc an ghnáthphobail, le The Harp That Once Through Tara’s Halls, Believe Me If All Those Endearing Young Charms, The Meeting of the Waters san áireamh; ach rinne sé níos mó dá leithéid. Foilsíodh na bailéid, Moore’s Irish Melodies idir 1808 agus 1834 agus 10 imleabhar ann, bunaithe ar fhoilseacháin Edward Bunting, A General Collection of the Ancient Irish Music (1797) go háirithe.

Thomas Moore (1837), aois 58

Rinne Moore i bhfad níos mó ná bailéid a chumadh, ar ndóigh. Bhí rath air mar dhuine mór le rá i sochaí Londan.

Taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh Moore mar Chláraitheoir d’Aimiréalacht Bheirmiúda sa bhliain 1803. Ón am sin amach, rinne sé taisteal i gCeanada agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. I ndiaidh an turais sin, d’fhoilsigh sé leabhar dar teideal Epistles, Odes and Other Poems, a léirigh paeán d’Easanna stairiúla Choho [sic]; tá Lines Written at the Cohoes agus Falls of the Mohawk River i measc véarsaí cáiliúla eile a scríobh sé.

Fiacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhill Moore ar Shasana agus phósaisteoir darbh ainm Elizabeth “Bessy” Dyke sa bhliain 1811. Bhí dúil ag Moore sa saol sómasach, agus d’ainneoin a chumas ard tuillimh sa scríbhneoireacht, bhí fiachas carntha aige go luath.

D’éirigh a chás níos measa fós le claonchasadh airgid a rinne fear a bhí fostaithe mar ionadaí dó i Maighean. Ba é Moore an duine a bhí dlite an tsuim a aisíoc (£6,000 a leithreasaíodh go neamhdhleathach).

Dealbh Thomas Moore, Sráid an Choláiste, BÁC

Díbirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1819, cuireadh iallach air imeacht ón mBreatain i gcuideachta an Tiarna John Russell – agus maireachtáil i bPáras ar feadh trí bliana (go sonrach le teaghlach Martin de Villamil), nuair a aisíocadh na fiacha.

Chaith sé tamall leis an Tiarna Byron, agus ainmníodh é mar sheiceadóir liteartha dó. Cáineadh é go forleathan níos déanaí mar ghéill sé do bhrú ó theaghlach Byron agus chuir siad ina luí air Cuimhní Cinn dá chuid a scrios; bhí na cuimhní ionraic damhnaithe. Ar ndóigh, d’fhoilsigh agus rinne sé eagarthóireacht ar Letters and Journals of Lord Byron, with Notices of his Life sa bhliain 1830.

Moore's Illustrated Melodies, Leagan 1872

Náisiúnachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí staid na hÉireann i mbéal an phobail pholaitíochta i Sasana de réir a chéile thar na blianta sin, go háirithe timpeall na bliana 1820. Agus cé nach raibh suim dá laghad ag Moore i náisiúnaithe achrannacha, leithéidí Dónall Ó Conaill, d’aithin sé go géar an chos ar bolg a tharla thar na céadta mar ghiniúint an náisiúnachais sin.

Thug Moore cuairt ar Éire leis an Tiarna Lansdún faoin am seo agus ba chúis inspioráide í an chuairt sin. Chuaigh sé i mbun oibre ar Chuimhní Cinn an Chaptaein Rock sa bhliain 1824. Ba dhíotáil fhíochmhar iad ar mhírialú na hÉireann. Ba phríomh-thírghráthóir bunaithe é ina dhiaidh sin.

Treisíodh an dea-chlú a bhí air leis an gcuntas ómósach a rinne sé ar dhuine de na ceannairí ar an Eirí Amach sa bhliain 1798 : The Life and Death of Lord Edward Fitzgerald. Chaith sé a raibh fágtha dá shaol gníomhach ar an leabhar Stair na hÉireann (1835-46). Sa saothar sin, léirigh sé éachtaí mórthaibhseacha cultúrtha mhuintir na hÉireann roimh mheath forlámhais choimhthíoch a chuaigh i gcion orthu. Rinne sé mionléiriú ar an gcaoi a ndearnadh gníomhartha scanracha éagóra orthu.

Deireadh a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thacaigh a bhean chéile le Moore go seasmhach tuisceanach thar thréimhsí deacra léanmhara a raibh anás airgeadais agus anacair teaghlaigh iontu. Mhair siad i ndiaidh a gclainne uilig; Fuair Barbara agus Anastasia bás agus iad an-óg agus bhásaigh a mbeirt mhac, Tom agus John, thar lear, i gCathair na hAilgéire agus san India faoi seach.

Ar an drochuair, bhí Moore cráite i ndeireadh a shaoil ag an néaltrú seanaoise: I am sinking here into a mere vegetable a dúirt sé le Samuel Rogers i gceann de na litreacha deireanacha a scríobh sé (Litreacha, 2.889, 23 Meitheamh 1847). Go hámharach, i ndeireadh na dála, bronnadh pinsean liteartha air sa bhliain 1835, agus sa bhliain 1850, fuair sé pinsean ón Liosta Sibhialta.

Fuair Moore bás ag Teachín Sloperton ar an 25 Feabhra 1852 agus adhlacadh é ar an 3 Márta i gCill Bhromham. Mhair Bessy go Meán Fómhair 1865.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar gurb é Moore príomhBhard na hÉireann, leithéid Robert Burns na hAlban. Comórtar é in áiteanna éagsúla: ar phlaic chuimhneacháin ar an teach inar rugadh é, le dealbh bhrád ag Comhrac na nUiscí agus i bPáirc Lárnach Nua-Eabhrac. Ar ndóigh, tá dealbh chré-umha suite díreach in aice le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Ba é Moore a scríobh na liricí don amhrán The Last Rose of Summer, nuair a bhí sé ar saoire i gContae Chill Chainnigh sa bhliain 1805. Tá saothair Moore le cloisteáil freisin i gceol na gcumadóirí Robert Schumann, Hector Berlioz, Charles Ives, William Bolcom, agus Lori Laitman.

Moore's Illustrated Melodies, Leagan 1872

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Harp That Once Through Tara’s Halls
  • The Minstrel Boy
  • Believe Me If All Those Endearing Young Charms
  • The Meeting of the Waters
  • Lalla Rookh: an Oriental Romance (1817)
  • The Fudge Family in Paris (1818)
  • The Loves of the Angels (1823)
  • The Epicurean (1827)