Vicente Aleixandre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Vicente Aleixandre (1898 - 1984), sa bhliain 1977.

File Spáinneach ab ea Vicente Pío Marcelino Cirilo Aleixandre y Merlo (1898 - 1984). Do rugadh é ar an 26ú d'Aibreán i gcathair Sevilla agus do fuair sé bás ar an 13ú lá de mhí na Nollag i Maidrid na Spáinne.

Do bhí sé ina bhall de Generación del 27 (Gaeilge: 'Glúin de 27'), gluaiseacht liteartha Spáinneach a bhí gníomhach idir 1923 agus 1927. Do bronnadh Premio Nacional de Poesía (Gaeilge: 'Duais Náisiúnta na Filíochta') ar a chnuasach filíochta La destrucción o el amor (Gaeilge: 'An Millteanas nó an Grá') sa bhliain 1934. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1977. Ball de Real Academia Española (Gaeilge: 'Acadamh Ríoga Spáinneach') a bhí ann leis, ba í 'Cathaoir an O' a bhí aige idir 1950 agus 1984.