Ivo Andrić

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ivo Andrić sa bhliain 1961

Scríbhneoir, taidhleoir agus polaiteoir Iúgslavach ab ea Ivo Andrić (9 Deireadh Fómhair 189213 Márta 1975), nó Иво Андрић mar atá a ainm scríte in aibítir Choireallach. Do rugadh é ar an 9ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain 1892 i nDolac, suite gar don chathair Travnik, agus do fuair sé bás ar an 13ú lá de Mhárta na bliana 1975 i gcathair Béalgrád na hIúgslaive. Ba é ach go hairithe fén shaol mar a bhíodh sé ina thír dhúchais agus í fé smacht na n-Otamánach a scríobhadh sé ina chuid úrscéalta agus gearrscéalta. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1961.